Tá dhá imleabhar de dhialann Sheáin Uí Ríordáin, file, le foilsiú.
Beidh an chéad imleabhar de dhialann Uí Ríordáin á fhoilsiú go luath ag Cló Iar-Chonnacht agus tá scoláireacht bronnta ag Acadamh Ríoga na hÉireann ar an Dr Pádraig Ó Liatháin chun an dara himleabhar de dhialann an fhile iomráitigh a chur i gcló.
Is i 49 cóipleabhar, atá i Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, atá dialann Sheáin Uí Ríordáin, dialann a choimeád sé idir 1940 agus 1977.
Dar leis an Dr Pádraig Ó Liatháin, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, gurb iontach an léargas atá ar fáil sa dialann ní hamháin ar Sheán Ó Ríordáin ach ar stair na linne chomh maith.
“Braithim féin go bhfuil sé ríthábhachtach an t-ábhar seo a fhoilsiú ina iomláine le go bhfaighidh pobal na Gaeilge tuiscint cheart ar an saothar mórthaibhseach seo, saothar a thugann éachtaint ar aigne scríbhneora bhisiúil agus é mar fhianaise ar ré chorrach i stair na hÉireann agus an domhain mhóir,” arsa an Dr Pádraig Ó Liatháin.
Éachtaint ar an obair mhór atá i gceist le cóiriú na dialainne is ea an méad ábhar atá i gceist le himleabhar a haon amháin – leabhar 220 leathanach agus gan á ríomh ann ach an tréimhse cúig mhí idir Eanáir 1940 agus Bealtaine 1940.
Tá Ó Liatháin ag súil go gcuirfidh foilsiú imleabhair na dialainne “leis an meas atá ar Sheán Ó Ríordáin mar scríbhneoir agus mar smaointeoir scóipiúil agus é ag cíoradh imeachtaí pearsanta agus poiblí de chuid lár an fichiú haois”.
Tá Pádraig Ó Liatháin ar dhuine de bheirt scoláirí a bhfuil Scoláireacht Foilsitheoireachta Acadamh Ríoga na hÉireann bronnta orthu.
Bronnadh an scoláireacht eile ar an Dr Róisín Ní Ghairbhí, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, chun monagraf a scríobh ar an gcasadh atá bainte ag scríbhneoirí, ealaíontóirí, amhránaithe, dealbhadóirí, lucht déanta scannán agus fealsaimh as dhá mhórthéacs Fiannaíochta – ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’ agus ‘Laoi Oisín ar Thír na nÓg’.
Fógraíodh Scoláireachtaí Foilsitheoireachta Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2018 agus is é is aidhm leo tacaíocht airgid a chur ar fáil do bhaill foirne acadúla in institiúidí ardoideachais na hÉireann chun cuidiú leo leabhar taighde i nGaeilge a bhfuil siad ag obair air a thabhairt chun críche lena fhoilsiú.
Beidh an scéim scoláireachta á foilsiú arís i bhfómhar na bliana seo agus 1 Feabhra 2020 mar sprioc d’iarratais
alan titley
Comhghairdeachas le Pádraig, is fada sinn ag feitheamh leis seo. Thug Tadhg Ó Dúshláine éachtaint iontach dúinn suim bhlianta ó shin lena rogha thuisceanach féin as dialanna an Ríordánaigh. Is maith go bhfuil brath ar an iomlán a chur i gcló anois de réir a chéile. Bhíodh cuid de na hailt san Irish Times ag an Ríordánach fáiscthe as an dialanna, rud a chuir faobhar ar ár ngoile a thuilledh a léamh. Ní fada an t-athaoibhneas uainn, agus an ciapadh chomh maith!
Seán Ó Riain
Míle comhghairdeas le Pádraig!! Agus gan Gaelainn bhreá an Ríordánaigh a “chaighdeánú”!!