D’fhoghlaim spiairí na Breataine an Ghaeilge chomh maith sin go mbídís in ann rialtas na hÉireann a cheartú

Dúirt an t-iarthaidhleoir Michael Lillis, gur chuir sé cáipéis chuig taidhleoir sa Bhreatain a cheartaigh an Ghaeilge sa téacs

D’fhoghlaim spiairí na Breataine an Ghaeilge chomh maith sin go mbídís in ann rialtas na hÉireann a cheartú

Thug cúléisteoirí rialtas na Breataine leo an Ghaeilge chomh maith sin go mbíodh siad in ann Gaeilge rialtas na hÉireann a cheartú, dar le hiarthaidhleoir.

Nuair a bhíodh taidhleoirí na hÉireann ag plé cúrsaí sa Tuaiscirt sna 1980idí, ba mhinic dóibh iompú ar an nGaeilge agus iad i mbun cumarsáide agus fios maith acu go raibh lucht na Breataine ag cúléisteacht leo.

Thuig fórsaí cosanta na Breataine céard a bhí ar bun agus fágadh go raibh orthu daoine le Gaeilge a fhostú.

Dúirt Michael Lillis, a raibh baint aige leis an idirbheartaíocht faoin gConradh Angla-Éireannach, gur chuir sé leagan Gaeilge den chomhaontú chuig taidhleoir sa Bhreatain agus go ndearna lucht na Breataine ceartúchán ar an téacs.

Tháinig sé chun solais i rith na seachtaine go mbíodh fórsaí cosanta Mheiriceá agus na Breataine in ann teachtaireachtaí criptithe a bhí á seoladh ag rialtas na hÉireann ag an am a léamh. Dúirt Lillis leis an Irish Times, áfach, gur thuig gach duine ar thaobh na hÉireann go raibh a leithéid ag tarlú.

Dúirt Lillis go mbaintí úsáid as an nGaeilge nuair a bhí taidhleoirí na hÉireann ag iarraidh aird na mBriotanach a tharraingt ar theachtaireachtaí ar leith.

“Uaireanta bhí muid ag iarraidh go gcloisfidís céard a bhí á rá againn,” a dúirt Lillis. Sa gcás sin, labhraíodh na taidhleoirí as Gaeilge chun tabhairt le fios go raibh eolas rúnda tábhachtach á phlé.

Ní hí seo an t-aon uair go raibh ar fhórsaí cosanta ó thír eile an Ghaeilge a fhoghlaim chun cúléisteacht le hÉireannaigh.

Sna 1980idí, bhíodh nós ag saighdiúirí as Éirinn a bhí ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin iompú ar an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar fhórsaí Iosrael agus a gcéilí comhraic Hezbollah a bhíodh ag iarraidh cúléisteacht lena dteachtaireachtaí íogaire.

Dúirt roinnt iarshaighdiúirí agus iaroifigigh in arm na hÉireann gurbh léir dóibh go raibh Gaeilgeoirí earcaithe ag fórsaí Iosrael chun cúléisteacht leis na teachtaireachtaí, nó go raibh a mbaill féin curtha ag foghlaim na Gaeilge acu.

Fág freagra ar 'D’fhoghlaim spiairí na Breataine an Ghaeilge chomh maith sin go mbídís in ann rialtas na hÉireann a cheartú'

  • An TEanga bheo

    Ona Falkland go dti an Dail BA mhinic iad ag eisteacht