D’fhéadfadh ‘tamall maith’ a bheith ann sula n-athosclófaí Oifig an Phoist Charna – Aire Stáit

D’fhreagair an tAire Stáit Catherine Byrne ceisteanna faoi chás Oifig an Phoist Charn inniu, ceisteanna a chuir an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh uirthi

D’fhéadfadh ‘tamall maith’ a bheith ann sula n-athosclófaí Oifig an Phoist Charna – Aire Stáit

Thug an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail Catherine Byrne le fios sa Seanad inniu go bhfuil An Post ag súil go n-athosclófar Oifig an Phoist Charna i gConamara “a luaithe agus is féidir” ach go bhféadfadh “tamall maith” a bheith i gceist.

Bhí an tAire Stáit Byrne ag freagairt ceisteanna ón Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh faoin Oifig an Phoist i gCarna atá dúnta le trí seachtaine anuas toisc próiseas iniúchóireachta a bheith ar bun.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gur “dea-scéala” é nach ndúnfaí ar fad oifig Charna ach go raibh “amhras” ar dhaoine go fóill faoin scéal toisc go gcualathas “an scéal céanna faoi sheirbhísí eile”.

“Dúnadh oifigí an Phoist in áiteanna eile. Táimid ag iarraidh go réiteofaí an scéal, go gcríochnófaí an t-iniúchadh, go ndéileálfaí  leis na ceisteanna, agus go gcuirfí na seirbhísí ar ais chomh luath agus is féidir,” a dúirt an Seanadóir Gaeltachta.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit Catherine Byrne gur dhún An Post an oifig i gCarna “ar bhonn sealadach” ar an 3 Bealtaine de bharr “cúinsí nach raibh aon smacht” ag an gcomhlacht orthu.

“Cé gur oth le An Post aon trioblóid a chuirtear ar chustaiméirí, tuigtear go bhfuil an comhlacht ag obair chun go mbeadh na seirbhísí ar ais i gCarna chomh luath agus is féidir, ach go dtarlódh go dtógfadh sé seo tamall maith,” a dúirt an tAire Stáit Catherine Byrne.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh ‘tamall maith’ a bheith ann sula n-athosclófaí Oifig an Phoist Charna – Aire Stáit'