D’fhéadfadh an mhatamaitic cuidiú leat cupán caife iontach a dhéanamh

Deir lucht taighde i Luimneach gur ag trácht ar ‘eolaíocht déanta caife’ seachas ‘ealaín’ an espresso a bheifear feasta

D’fhéadfadh an mhatamaitic cuidiú leat cupán caife iontach a dhéanamh

D’fhéadfadh samhlacha matamaitice cuidiú linn cupán caife iontach a dhéanamh, a bhuíochas le taighde a rinneadh in Ollscoil Luimnigh. 

Tá torthaí a gcuid taighde díreach foilsithe ag an Dr Kevin Moroney agus an Dr Ken O’Connell san iris aitheanta PLOS ONE, iris eolaíochta atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Deir an Dr Moroney gur chóir don barista nó lucht déanta caife leas a bhaint as “samhlacha matamaitice lena chinntiú go bhfaighfear gach aon uair, chomh fada agus is féidir, an cupán deas caife sin atá uainn ar fad”.

“Nuair a bhíonn saineolaithe ag tabhairt breith ar chaighdeán an chaife faoi láthair, dhá thréith a thomhaiseann siad – neart an chaife, is é sin an méid den ábhar intuaslagtha a bhíonn sa deoch, agus an méid ábhair a  baineadh as an gcaife tirim.

“Is í an fhadhb leis an gcineál sin tomhais gur meántomhas a bhíonn i gceist agus neart an chaife á thomhas. Glactar leis go mbíonn an neart céanna sa chaife sin ar fad,” arsa an Dr Kevin Moroney.

Is é an tasc a bhí ag eolaithe Ollscoil Luimnigh samhail a dhéanamh a bheadh ábalta an éagsúlacht sa sreabhán nó an leacht sa soitheach caife a aimsiú.

Léiríonn an taighde seo dá mhéid an tuiscint a bhíonn againn ar an tuaslagadh agus ar na próisis iompair i ngach gráinne caife, agus ar dhinimic chasta na sreabhán sa chaife gur fearr a éireoidh linn meaisín a fhorbairt a bheidh ábalta cupán iontach caife a dhéanamh go seasta.

An aidhm atá ag na heolaithe i Luimneach cothromóidí matamaitice a chruthú a bheadh ábalta caighdeán cupán caife a thuar bunaithe ar chaighdeán an chaife meilte, an t-uisce agus an trealamh a bheidh in úsáid.

D’fhágfadh cothromóid dá leithéid go bhféadfadh táirgeoirí caife meaisíní a fhorbairt a bheadh breá ábalta cupán caife den scoth a dhéanamh go rialta.

Dá sciobtha dá bhfuil an tóir atá ag daoine sa chaife ag méadú, is mó an brú atá ar lucht déanta trealamh caife gaireas a chur ar fáil a bhféadfaí brath air le dea-chupán caife a dhéanamh.

“Má thugann tú an caife ceannann céanna do dheichniúr barista, ní hí an deoch chéanna a gheobhaidh tú ó aon duine acu. San am a caitheadh deirtí gurbh í ‘ealaín’ an espresso an chúis a bhí leis an éagsúlacht sin ach sa lá atá inniu is é is dóichí gur ar ‘eolaíocht déanta caife’ a bheifear ag trácht,” a deir taighdeoirí Luimnigh. 

“Táimidne ag iarraidh a léiriú go mb’fhéidir nach iad caighdeáin mheastóireachta an lae inniu na cinn is fearr agus gur chóir an éagsúlacht a bhíonn i gceist sa phróiseas agus an caife á dhéanamh sa mheaisín a chur san áireamh,” a dúirt Moroney. 

“D’fhéadfadh suim a bheith ag barista sa tsamhail mhatamaitice seo ach is cinnte go mbeadh suim ag táirgeoirí caife inti mar tabharfaidh sí deis dóibh breathnú ar dhearadh faoi leith agus é sin a athrú chun a chinntiú go mbeidh an meaisín níos iontaofa agus go mbeidh caife breá á dhéanamh aige gach aon uair.”

“Sin an sprioc atá againn leis an taighde seo, cupán breá caife,” a dúirt an Dr Moroney.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh an mhatamaitic cuidiú leat cupán caife iontach a dhéanamh'

  • Fearn

    An bhfuil gach lá ina Lá Amadán an Earraigh i Luimneach nó ar chaill mé an comhthaighde don Tae?