Deontas €283,000 ceadaithe ag McHugh agus Clár TechSpace á leathnú go dtí Cúige Uladh agus Cúige Laighean

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur ‘tógáil croí’ í obair na ndaoine óga faoin gClár TechSpace a seoladh in 2015

Deontas €283,000 ceadaithe ag McHugh agus Clár TechSpace á leathnú go dtí Cúige Uladh agus Cúige Laighean

Tá deontas €283,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh do Camara Ireland chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Chlár TechSpace, tionscadal náisiúnta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige leas a bhaint as an teicneolaíocht chun dul i bhfeidhm ar dhaoine óga.

Cabhraíonn an clár le daoine óga ar fud na tíre scannáin dhigiteacha a dhéanamh, suíomhanna idirlín a dhearadh, aipeanna a fhorbairt agus obair eile a dhéanamh i réimse na róbataice agus i réimsí eile. 

Tá an Clár TechSpace á chur i bhfeidhm faoi láthair i scoileanna i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan.  

Dúradh go bhfágfadh an maoiniú nua go bhféadfaí an clár a leathnú amach chuig Cúige Uladh agus Cúige Laighean.  

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh gur “tógáil croí” í obair Clár TechSpace ó seoladh in 2015 é.

“Tógaint croí é an dul chun cinn atá déanta ag an tionscadal ó shin mar leath sé as Connachta isteach go Mumhain, agus cuirim fáilte roimh an nuacht go dtosóidh an obair i mbliana chun tús a chur leis in Ulaidh agus i Laighin,” a dúirt an tAire Stáit.

Dúirt sé go raibh “áthas” air go háirithe mar gheall ar fhorbairt Tech Féile, imeacht nua i gcomhar le TG4, a chuirfidh béim ar an obair atá á déanamh ag daoine óga mar chuid de Chlár TechSpace. 

“Tá lá iomlán imeachtaí á phleanáil le ceardlanna, taispeántais, aoichainteoirí, ceol agus duaiseanna agus táim cinnte go mbeidh an-rath air.  Agus sinn ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge 2018, is ceart go gceiliúrfaimid an obair nuálach atá á déanamh ag an gcéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge sa chlár seo,” a dúirt Joe McHugh, Aire Stáit na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Deontas €283,000 ceadaithe ag McHugh agus Clár TechSpace á leathnú go dtí Cúige Uladh agus Cúige Laighean'