‘Déistineach’ agus ‘mínáireach’ – cáineadh déanta ar ionsaí na Rúise ar ionad siopadóireachta

Maraíodh ar a laghad 18 duine san ionsaí ar ionad siopadóireachta in Kremenchuk

‘Déistineach’ agus ‘mínáireach’ – cáineadh déanta ar ionsaí na Rúise ar ionad siopadóireachta

Deir Uachtarán na hÚcráine, Voldymyr Zelensky, go raibh ionsaí diúracáin a rinne an Rúis ar ionad siopadóireachta ar na “gníomhartha sceimhlitheoireachta ba mhínáirí riamh san Eoraip.”

Maraíodh ar a laghad 18 duine san ionsaí ar ionad siopadóireachta in Kremenchuk.

Dúirt an tUachtarán Volodymyr Zelensky go raibh breis is 1,000 duine san ionad nuair a bhuail na diúracáin é.

“Cathair shíochánta, gnáthionad siopadóireachta agus mná, páistí agus gnáthshibhialtaigh istigh ann – ní dhéanfadh ach sceimhlitheoirí atá as a meabhair, dream nach bhfuil aon áit dóibh sa saol seo, ionsaí diúracán ar ionad mar sin,” a dúirt Uachtarán na hÚcráine.

 Dúirt ceannairí gur ionsaí “déistineach” agus coir chogaidh a bhí ann. Dúirt ceannairí an G7 go dtabharfaí chun cuntais Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, as ionsaithe gan idirdhealú dá leithéid.

Tá an obair chuardaigh agus tharrthála fós ar siúl ag láthair an ionaid siopadóireachta sa chathair i lár na hÚcráine.

Chuir an t-ionsaí diúracáin an t-ionad trí thine, tine ar thóg sé ceithre uair an chloig ar 300 oibrí éigeandála í a mhúchadh.

Maraíodh cúigear eile inné in ionsaí diúracáin ar cheantar cónaithe in Kharkiv, an dara cathair is mó san Úcráin agus maraíodh ochtar sibhialtach in ionsaí ar an gceantar Lysychansk in oirthear na tíre.

Dúirt Seansailéir na Gearmáine Olaf Scholz nach bhféadfadh tíortha eile filleadh ar an gcaidreamh a bhí acu leis an Rúis roimh thús an ionraidh.

Dúirt Scholz go raibh sárú déanta ag an Rúis ar na “rialacha agus na comhaontuithe go léir a rinneamar le chéile i gcomhar le tíortha eile”.

Tá cruinniú ag Coiste Slándála na Náisiún Aontaithe inniu chun plé a dhéanamh faoin Rúis a bheith ag díriú ionsaithe ar shibhialtaigh.

Dúirt ceannaire Nato, Jens Stoltenberg, go gcuirfí go mór le líon na saighdiúirí atá ag an gcomhghuaillíocht mhíleata i gceantair réigiún Mhuir Bhailt agus i dtíortha eile atá sna línte tosaigh. Idir 3,000-5,000 saighdiúir a bheadh i gceist, dhá nó trí oiread níos mó ná mar atá ag Nato sa cheantar faoi láthair.

Ba é seo an t-athrú is mó ar chomhpholasaí cosanta Nato ó aimsir an Chogaidh Fhuair, a dúirt Stoltenberg.

 

Fág freagra ar '‘Déistineach’ agus ‘mínáireach’ – cáineadh déanta ar ionsaí na Rúise ar ionad siopadóireachta'

  • JP

    Nì maith liom é rá ach BEIDH ar NATO na nathracha nimhe seo a dhíothú agus a scrios, níl an dara rogha acu. Cén fhaid eile is gá fanacht? Cad leis atáthar ag fanacht? Tuilleadh den tubaiste? Níl ar siúl ag Mac Sheáin is eile ach glámaíl agus buaileam sciath. Putin ag stealladh-mhagadh fúthu. Caithfear an ceacht seo ‘leanas a chur siar air:
    Ní hionann dul go teach an deabhail agus teacht as.