Deis Messi nó bua don Bhrasaíl? Na foirne is fearr sa Chatar…

An bhfuil an Bhrasaíl i mbarr réime? An ndéanfaidh an Fhrainc an beart arís? An bhfuil ré órga na Beilge caite? Caitheann Tuairisc súil ar na foirne is fearr a bheidh ag glacadh páirt i gCorn an Domhain 2022

Deis Messi nó bua don Bhrasaíl? Na foirne is fearr sa Chatar…

Cé hiad na foirne is fearr ag an gcomórtas?

An Bhrasaíl: Agus Corn an Domhain buaite níos minice acu ná aon tír eile, bíonn an Bhrasaíl áirithe i gcónaí i measc na mboc mór sa sacar ach tá roinnt mhaith blianta anois ann ó bhí siad áirithe ar cheann de na foirne is fearr ar domhan. Thóg sé tamall fada fáil réidh leis an náire a bhain le cailliúint 7-1 in aghaidh na Gearmáine ag Corn an Domhain 2014 sa Bhrasaíl féin. Ach tá na Canarinho ar ais i mbarr a maitheasa arís agus iad mar rogha na coitiantachta an comórtas a bhuachan den séú huair.

Glúin nua tosaithe is cúis leis an athrú, den chuid is mó. Bhí an Bhrasaíl ag brath go mór ar Neymar le cúpla comórtas anuas ach tá roghanna iontacha ag an mbainisteoir Tite anois agus leithéidí Vinícius Jr, Raphinha, Antony agus Gabriel Martinelli uile tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas.

Tá duine de na cúil báire is fearr ar domhain acu freisin, Alisson, ach má tá aon laige ag an mBrasaíl is sa chosaint atá sí. Cosantóirí maithe iad Marquinhos agus Thiago Silva sa lár ach tá Silva dhá bhliain le cois an dá scór anois agus cé go bhfuil sé fós ag dul go maith le Chelsea, bíonn níos mó tacaíochta aige ansin agus cúigear ag imirt i measc na gcúlaithe. Níl leathchúlaithe na Brasaíle thar mholadh beirte ach an oiread. Bhí orthu seanfhondúir eile, Dani Alves, a thabhairt leo go Catar ach d’fhéadfadh cumas na n-imreoirí eile na fadhbanna sin a cheilt.

An Airgintín: Mheas go leor daoine nach bhfeicfí Lionel Messi arís i ngeansaí na hAirgintíne théis Chorn an Domhain 2018 sa Rúis ach, aisteach go leor, cé go bhfuil an laoch peile anois 35 bliain d’aois agus é ag fáil réidh le himirt ina chúigiú Corn an Domhain, seans nach raibh deis níos fearr riamh aige an corn is mó atá uaidh a bhuachan.

Thóg bainisteoir na hAirgintíne, Lionel Scaloni, ceannas ar an bhfoireann théis Chorn an Domhain ceithre bliana ó shin agus cé nach raibh sé i gceist an cúram a thabhairt dó ach ar feadh achar gearr, tá an fhoireann imithe ó neart go neart faoina stiúir. Bhíodh fadhb ag an Airgintín cheana áit a fháil do na réalta uile a bhí acu a ar an bhfoireann ach tá Scaloni théis béim a chur ar imreoirí a oibríonn go crua cliste chun gach cúnamh a thabhairt do Messi. Bhuaigh an fhoireann an Copa América anuraidh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an mBrasaíl sa chluiche ceannais, an chéad mhórchomórtas idirnáisiúnta atá buaite acu le nach mór 30 bliain.

Údar imní é go bhfuil Nicolas Otamendi fós i lár na cosanta agus buille ollmhór a bhí ann nuair a gortaíodh Giovanna Lo Celso, a raibh an-chaidreamh aige le Messi, roimh thús an chomórtais ach tá Messi ag imirt ar fheabhas ar fad le PSG ó thús an tséasúir agus an chuma air go bhfuil sé réidh le móriarracht amháin eile a dhéanamh dá thír.

An Ghearmáin: Níor bhain an Ghearmáin na babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Domhain 2018 ná EURO 2020 amach, údar mór imní do churaidh an domhain 2014. D’éirigh Joachim Löw as mar bhainisteoir théis na teipe anuraidh, áfach, agus an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag feabhsú beagáinín faoi stiúir Hansi Flick.

Tá scuad na Gearmáine lán d’imreoirí iontacha, leithéidí Joshua Kimmich, Leroy Sané, Serge Gnabry, Antonio Rüdiger agus Ilkay Gündogan, ach níor éirigh leo uile imirt go maith in éineacht lena chéile go fóill. Tá teipthe ar phlean Flick Kimmich agus Gündogan a chur ag imirt lena chéile i lár páirce, go háirithe nuair nach bhfuil imreoir ar nós Sami Khedira ann chun cuid den obair chosanta a dhéanamh dóibh, ach tá dtiocfadh an bainisteoir ar sheift éigin leis an leas is fearr a bhaint as an mbeirt, chuirfeadh sé go mór le seans na Gearmáine sa chomórtas.

Cé nár éirigh rómhaith le Timo Werner nuair a bhí sé le Chelsea, aireoidh an fhoireann náisiúnta uathu é agus é gortaithe. Beidh siad ag brath arís ar Thomas Müller agus ar Gnabry, Sané agus Kai Havertz na cúil a fháil.

Fágann cumas agus taithí na n-imreoirí atá ar fáil gur cheart go mbeadh an Ghearmáin in ann na babhtaí leathcheannais a bhaint amach ach tá obair fós le déanamh acu.

An Fhrainc: Curaidh an domhain ceithre bliana ó shin, is deacair a thuar céard atá i ndán do Les Bleus ag an gcomórtas seo. Bhí imirt N’Golo Kanté, Paul Pogba agus Blaise Matuidi i lár na páirce cinniúnach i mbua na Fraince sa Rúis ach níl aon duine den triúr ar fáil an uair seo. Tá gortuithe ag cur as do Kanté agus Pogba agus tá Matuidi 35 bliain d’aois agus é ag imirt i Meiriceá.Ina ainneoin sin, tá roghanna maithe go fóill ag an mbainisteoir Didier Deschamps ó thaobh imreoirí lár páirce, idir Adrien Rabiot, Youssouf Fofana, Matteo Guendouzi agus beirt Real Madrid, Aurelien Tchouameni agus Eduardo Camavinga.

Imríonn an Fhrainc le ceathrar cosantóirí, in áit an chúigir a bhíodh ag Deschamps sa Rúis, ach ba cheart go mbeadh an fhoireann láidir go fóill sa chuid sin den pháirc, bíodh is nach bhfuil an cúl báire Hugo Lloris gan locht.

I measc na dtosaithe, beidh sé an-deacair ag foirne Antoine Griezmann agus Kylian Mbappé a stopadh má bhíonn siad ag imirt go maith. Ní bheadh Corn an Domhain 2018 buaite ag an bhFrainc murach gaiscí Mbappé.

Tá an taithí ag an bhFrainc an corn a thabhairt abhaile arís i mbliana ach is iomaí foireann mhaith a chlis agus iad ag iarraidh Corn an Domhain a bhuachan den dara huair as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ó bhuaigh an Bhrasaíl in 1958 agus 1962, trí scór bliain ó shin.

An Spáinn: Cé go bhfuil an Spáinn imithe ar gcúl ó laethanta na ré órga a bhí acu deich mbliana ó shin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag dul sa treo ceart arís faoi cheannas Luis Enrique. Ní raibh an oiread céanna réalta ar fhoireann EURO 2020 ach fós d’éirigh leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach agus bhí mí-ádh orthu go bhfuair an Iodáil an ceann is fearr orthu sna ciceanna éirice.

Chuir taispeántais an ógánaigh, Pedri, iontas ar dhaoine le linn an chomórtais sin anuraidh agus cé go bhfuil gortuithe tar éis an t-imreoir láir páirce a choinneáil siar i mbliana, tá sé cheana féin ar cheann de na himreoirí is fearr ar domhan nuair atá sé i mbarr a mhaitheasa, cé nach bhfuil sé fós 20 bliain d’aois.

Meascán idir óg agus aosta atá i lár na páirce ag an Spáinn, imreoir óg cumasach eile Gavi a bheidh taobh le Pedri agus fear eile ó fhoireann Barcelona, Sergio Busquets a bheidh taobh thiar dóibh, ag seasamh os comhair na gcosantóirí, cé gur fearr an t-imreoir é fear Manchester City, Rodri.

Fear eile ó City, Aymeric Laporte, a bheidh ina cheannaire ar na cosantóirí ach tá neart taithí ag Dani Carvajal agus Jordi Alba ar na cliatháin, cé nach bhfuil siad in ard a réime níos mó.

Seans gur i measc na dtosaithe atá an fhadhb is mó ag an Spáinn. Beidh Alvaro Morata ina phríomhthosaí ag an bhfoireann arís ach ní hé an naoscaire is fearr ar domhain é agus níl na fir eile ar na cliatháin, Dani Olmo, Pablo Sarabia ná Anus Fati ag imirt rómhaith i láthair na huaire.

©INPHO/James Crombie

Sasana: Cé nach bhfuil ach bliain go leith ann ó d’éirigh le Sasana dul chomh fada le cluiche ceannais EURO 2020, nuair a fuair an Iodáil an ceann is fearr orthu ar chiceanna éirice, meastar go bhfuil an fhoireann ag dul sa treo mícheart faoi cheannas Gareth Southgate agus, i ndáiríre, is deacair cás a dhéanamh dóibh sa chomórtas seo.

Chríochnaigh Sasana ag bun a ngrúpa i Sraith na Náisiún i mbliana, iad ag cliseadh 4-0 in aghaidh na hUngáire mí an Mheithimh agus roinnt fadhbanna fós ag cur as don fhoireann.

Tá mí-ádh ar Southgate go bhfágann gortuithe nach bhfuil teacht aige ar Reece James agus Ben Chilwell, beirt a bheadh ag tosú aige, shamhlófá, agus tá ceist mhór ann faoi lár na cosanta. Tá Harry Maguire imithe in olcas ar fad le bliain anuas ach tá an chuma ar an scéal go bhfanfaidh an bainisteoir dílis do chosantóir Manchester United. Rachfar an-dian ar Southgate agus Maguire má dhéanann sé botún eile ag an comórtas.

Níl Raheem Sterling ná Mason Mount ag imirt go maith do Chelsea i láthair na huaire ach an oiread, drochscéal eile don bhainisteoir, agus ábhar buartha eile é rabhadh Antonio Conte faoi cé chomh spíonta agus atá Harry Kane.

Beidh Sasana ag brath go mór mar sin ar Jude Bellingham. Tá an fear óg ag imirt ar fheabhas ar fad do Borussia Dortmund i mbliana agus é ar cheann de na himreoirí is fearr san Eoraip. Níor imir sé an oiread sin do Shasana go dtí seo ach, agus an séasúr uile caite ag Kalvin Phillips ar an mbinse le Manchester City, caithfidh Southgate Bellingham a chur isteach taobh le Declan Rice agus d’fhéadfadh an bheirt acu a chéile a ghríosú chun gaisce, rud a thabharfadh seans do Shasana.

Kevin De Bruyne ©INPHO/Donall Farmer

An bhfuil seans ag aon dream eile?

Bíonn cúpla foireann ann i gcónaí ann a thagann aniar aduaidh ar dhaoine chun na babhtaí ceannais a bhaint amach. An Chróit a bhí ann ceithre bliana ó shin nuair a chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche ceannais agus seachas na foirne thuas, tá roinnt foirne eile ann a bhféadfadh an-mhí a bheith acu.

Tá foirne na Portaingéile agus na Beilge ar an mbóthar le fada agus seans gurb é seo an seans deireanach a bheidh ag leithéidí Cristiano Ronaldo agus Kevin de Bruyne Corn an Domhain a thabhairt leo.

Tá Fernando Santos fós i gceannas ar an bPortaingéil in ainneoin nach bhfuil chuile dhuine sa bhaile sásta leis an stíl chosantach a bhíonn in úsáid aige. Cailliúint mhór é Diogo Jota Liverpool ach le Joao Cancelo, Ruben Dias, Bruno Fernandes, Bernardo Silva agus Ronaldo, ar ndóigh, tá foireann chumasach ag an bPortaingéil go fóill.

Is amhlaidh an scéal i gcás na Beilge ach, seachas de Bruyne, níl mórán eile imreoirí acu atá fós i mbarr réime. Níl Eden Hazard ag imirt le Real Madrid agus níl ag éirí le Romelu Lukaku ó bhog sé ar ais go Inter MIlan sa samhradh.

Tá neart seanfhondúirí i scuad Uragua freisin ach tá an chuma orthu go bhfuil siad fós ag dul sa treo ceart. Imreoirí tábhachtacha iad Luis Suárez, Edinson Cavani agus Diego Godin go fóill ach tá Darwin Núñez, Nicolás de la Cruz agus, go háirithe, Federico Valverde, tar éis teacht chun cinn le blianta beaga anuas.

Tá Valverde ag imirt ar fheabhas ar fad do Real Madrid i mbliana agus d’fhéadfadh Uragua a bheith an-láidir i lár na páirce má éiríonn go maith leis féin agus le Rodrigo Bentancur. I measc na dtosaithe, d’fhéadfadh Suárez agus Núñez a bheith iontach nó uafásach ach is fiú breathnú orthu i gcónaí.

Buille ollmhór a bhí ann don tSeineagáil an tseachtain seo nuair a fógraíodh nach nglacfadh laoch na foirne, Sadio Mané, páirt ar bith sa chomórtas ach tá seans maith acu teacht amach ón ngrúpa mar sin féin. Imreoirí tábhachtacha iad beirt Chelsea, an cúl báire Edouard Mendy agus an cosantóir Kalidou Koulibaly agus tá neart in Idrissa Gueye agus Nampalys Mendy i lár na páirce.

Tá an-mholadh a fháil freisin ag foireann na Seirbia agus is éasca sin a thuiscint leis na tosaithe atá acu. Imreoir láidir, bríomhar é Aleksandar Mitrovic, a bhfuil go leor cúl aimsithe aige do Fulham le cúpla bliain anuas, agus tá Dusan Vlahovic Juventus ar dhuine de na tosaithe óga is cumasaí ar domhan. Taobh thiar dóibh, tá Dusan Tadic, imreoir glic sciliúil, agus tá an-chumas freisin i Sergej Milinkovic-Savic.

 

 

Fág freagra ar 'Deis Messi nó bua don Bhrasaíl? Na foirne is fearr sa Chatar…'