Deis iontach ag Cill na Martra a n-ainm a chur sa Táin

Tá cleachtadh maith ag Cill na Martra ar chluichí crua agus ar ar fhoirne láidre agus tá dúshlán mór eile rompu inniu agus Naomh Pádraig, Coilleach Eanach, rompu i bPáirc an Chrócaigh

Deis iontach ag Cill na Martra a n-ainm a chur sa Táin

Cill v Martra v Naomh Pádraig, Coilleach Eanach – Páirc an Chrócaigh, 3.30in (Beo ar TG4)

Beidh lá dá saol ag peileadóirí agus pobal Chill na Martra tráthnóna agus iad ag triall ar Pháirc an Chrócaigh ach tá obair le déanamh más leo dea-chuimhní a bheith acu ar a gcéad chluiche ceannais na hÉireann.

Tá cleactadh maith ag an bhfoireann seo ar chluichí crua agus ar aghaidh a thabhairt ar fhoirne láidre agus tá dúshlán mór eile rompu inniu agus Naomh Pádraig, Coilleach Eanach, ag fanacht leo.

Nuair nach mbuann seaimpíní Chiarraí Craobh Idirmheánach Peile na hÉireann, cumainn Uladh a dhéanann an beart den chuid is mó agus is iad an fhoireann as Ard Mhacha rogha na coitiantachta don chluiche ceannais inniu.

Tá mianach láidir iontu agus é sin léirithe acu i gcaitheamh an fheachtais seo. D’imir an cumann i gcluiche ceannais sinsir Ard Mhacha in 2013 agus in 2016 agus bhuaigh siad craobhacha contae faoi aois timpeall an ama sin chomh maith. Idir imreoirí a bheith ag éirí as nó ag dul ar imirce, díbríodh na fir ón gCreagán Theas ón bpríomhghrád cúpla bliain ó shin ach tá siad tagtha ar ais go tréan i mbliana.

Tá triúr acu ar fhoireann shinsir Ard Mhacha – Jason Duffy, Ross McQuillan agus Aidan Nugent – agus rinneadar scrios sa chraobh idirmheánach sa chontae i mbliana, iad ag buachan an chluiche ceannais le 22 pointe.

Léirigh siad i gCraobh Uladh go bhfuil siad breá ábalta coimhlintí géara a bhuachan chomh maith agus  scóranna faighte acu déanach sa chluiche chun Cabhán an Chaorthainn as Tír Eoghain agus Béal Átha hÉis as an gCabhán a bhualadh.

Fuair siad an ceann is fearr ar Fhiodh Alúine Chill Dara i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann, 1-11 in aghaidh 0-11. Bhí tionchar na n-imreoirí idirchontae le brath go láidir – cúig phointe a fuair Nugent sa líne lántosaithe, 1-1 a fuair McQuillan mar leatosach láir agus bhí Duffy lán le fuinneamh i lár na páirce.

Níor cheart go gcuirfeadh an dúshlán sin aon mhairg ar Chill na Martra, áfach. Is beag seans a tugadh dóibh i mbabhtaí leathcheannais na Mumhan nuair a thug siad aghaidh ar churaidh Chiarraí, Baile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge, ach thuill fir Mhúscraí an bua le taispeántas láidir. I gcluiche ceannais an chontae in aghaidh Bheanntraí, bhí an chuma orthu go raibh siad cloíte agus iad chun deiridh agus an t-am nach mór caite ach tháinig Shane Ó Duinnín isteach mar ionadaí agus fuair sé na pointí a bhuaigh an chraobh do Chill na Martra. Fiú i mbabhtaí ceathrú ceannais an chontae, bhí siad ar tí slán a fhágáil leis an gcraobh go dtí go ndearnadar teacht aniar deireanach in aghaidh Uíbh Laoghaire.

Chuir Caisleán Riabhach Ros Comáin trí na húmacha iad i bPort Laoise an tseachtain seo caite ach, arís, thug Cill na Martra an lá leo. D’aimsigh Micheál Ó Deasúna agus Dan Ó Duinnín cúil thábhachtacha dóibh ach fiú nuair a tháinig a gcéilí comhraic ar ais sa choimhlint i dtreo an deiridh, sheas Cill na Martra an fód.

Beidh taispeántais den scoth ag teastáil ó leithéidí Thadhg Ó Corcora, Seán Ó Foirréidh, Antóin Ó Cuana agus Gearóid Ó Goillidhe má táthar le srian a a chur le fir mór le rá Choilleach Eanach. Má éiríonn leo sin a dhéanamh, go háirithe luath sa chluiche, agus, ag an am céanna, deiseanna a chruthú don Deasúnach agus do mhuintir Uí Dhuinnín ar an taobh eile den pháirc, níl aon chúis nach bhféadfadh Cill na Martra an beart a dhéanamh ar lá stairiúil.

Fág freagra ar 'Deis iontach ag Cill na Martra a n-ainm a chur sa Táin'