Deis ar an bhfírinne a fháil faoi bhuamáil na hÓmaí

Léiríonn an fógra faoi fhiosrú bhuamáil na hÓmaí nach bhfuil sé rómhall le deis a thabhairt do dhaoine ar an bhfírinne agus an ceart

Deis ar an bhfírinne a fháil faoi bhuamáil na hÓmaí

Dea-scéala do lucht feachtais ab ea fógra rialtas na Breataine go mbunófar fiosrú reachtúil neamhspleách faoi bhuamáil na hÓmaí beagnach ceathrú céid i ndiaidh an uafáis. Ba é ionsaí na n-easaontóirí poblachtánacha, an Fíor-IRA ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa 1998 an sléacht ba mheasa sa Tuaisceart. Bhí amhras le fada gur cailleadh seansanna ar dhá thaobh na teorann chun an t-ionsaí a chosc.

Maraíodh naonúr is fiche agus cúpla gan bhreith agus gortaíodh na céadta san eachtra a tharla ceithre mhí i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí idir óg agus aosta i measc na marbh, cuairteoirí agus daoine áitiúla a bhí amuigh ag siopadóireacht nó ag spaisteoireacht lá breá samhraidh. Bhí an foláireamh a tugadh doiléir míchruinn agus dá réir, bogadh daoine i dtreo láthair na pléisce nuair a ceapadh go rabhthas á dtreorú chun sábháilteachta. Ní dhéanfaidh éinne a bhí ar an láthair dearmad go deo ar an uafás.

Níor ciontaíodh éinne as an mbuamáil. Frítheadh daoine ciontach i gcásanna sibhialta ach bhí ceisteanna ó thús an chéid faoi chríochnúlacht an fhiosraithe a rinne na póilíní. D’eisigh Ombudsman na bPóilíní Nuala O’Loan tuairisc cháinteach ar obair na bpóilíní. Níos measa fós, bhí amhras go raibh faisnéis ag na húdaráis roimh ré faoin ionsaí ach nár deineadh tada chun é a chosc.

Is ar an bhFíor-IRA atá an milleán agus an fhreagracht as an sléacht, gan amhras, ach má rinne cosantóirí an phobail botúin agus faillí is gá é sin a chur ina cheart ionas nach bhféadfadh sé tarlú arís.

Sna blianta ó shin roghnaigh cuid de ghaolta na marbh fanacht ina dtost ach bhí feachtas gníomhach ag íobartaigh eile ag éileamh fiosrú poiblí neamhspleách. A bhuíochas do dhiongbháilteacht Michael Gallagher, go háirithe, ar maraíodh a mhac Aidan, 21 bliain d’aois, rialaigh cúirt i mBéal Feirste in 2021 gur dhócha go raibh an t-ionsaí inchoiscthe agus gur cheart é sin a fhiosrú thuaidh agus theas.

Nuair a bhí Theresa Villiers ina Státrúnaí do Thuaisceart Éireann thug sí n t-eiteachas, thar ceann rialtas na Breataine, d’fhiosrú poiblí neamhspleách ach cúpla mí ó shin gheall an Státrúnaí Chris Heaton-Harris do theaghlaigh go scrúdódh sé a gcás as an nua. Déardaoin, i dTeach na Parlaiminte in Westminster, rinne sé rud orthu.

Ní fiosrú poiblí ach fiosrú reachtúil faoi chathaoirleach neamhspleách atá i gceist. Beidh tábhacht thar na bearta leis na téarmaí tagartha nár fógraíodh go fóill. Tá ábhar an fhiosraithe teoranta do cheithre réimse: conas mar a láimhsíodh agus a roinneadh faisnéis, anailís ar ghutháin phóca, an raibh réamheolas nó deiseanna ar réamheolas faoin mbuama agus arbh fhéidir oibríochtaí a bheith curtha i bhfeidhm chun an t-ionsaí a chosc.

Gheall an Taoiseach, Leo Varadkar go ndéanfadh rialtas na hÉireann a chuid i dtaca leis an bhfiosrú neamhspleách. Níl sé soiléir conas a dhéanfar sin go beacht, ach is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt faoin méid eolais a bhí ag na Gardaí faoin bhFíor-IRA agus a bpleananna chun buamaí a thabhairt aneas agus faoin bhfaisnéis a bhí ar fáil óna gcuid guthán póca.

Rinne an grúpa easaontóirí ionsaithe eile an samhradh sin, buama i lár an bhaile i nDroichead na Banna, mar shampla, agus bhí Michael McKevitt, ceannaire an Fíor IRA lonnaithe i gContae Lú.

Is mór an faoiseamh é do na daoine a bhí á éileamh go bhfuil an fiosrú neamhspleách le bunú ar deireadh. Ach bhain an fógra geit as daoine ó rinneadh é tráth a bhfuil rialtas na Breataine ag brú ar aghaidh leis an reachtaíocht chonspóideach chun stop a chur scun scan le fiosruithe faoi eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí.

Sáraíonn an bille “oidhreachta” atá faoi chaibidil i dTeach na dTiarnaí dualgais idirnáisiúnta cearta daonna maidir le fiosruithe ach tá an Bhreatain ag féachaint le fiosruithe, cúisimh, ionchoisní agus fiú cásanna sibhialta ó aimsir na dTrioblóidí a chosc.

Ba é míniú an Státrúnaí Heaton-Harris nach mbaineann sléacht na hÓmaí le ré na dTrioblóidí.

Is mór an chreidiúint é do Michael Gallagher agus teaghlaigh eile gur éirigh lena n-iarrachtaí gan staonadh. Ní sólás ar bith é d’íobartaigh eile, áfach. Tá muintir na hÓmaí, chomh maith le híobartaigh uilig na coinbhleachta, ag tathant ar an mBreatain éirí as a mbille lochtach, éagórach.

Mar a léirigh an cinneadh faoin Ómaigh níl sé rómhall le deis a thabhairt do dhaoine ar an bhfírinne agus an ceart.

Fág freagra ar 'Deis ar an bhfírinne a fháil faoi bhuamáil na hÓmaí'

  • An Teanga Bheo

    Tá sé thar ama an fhírinne a teacht amach chugainn.