Deis ag imreoirí óga na gCúigí agus a n-áiteanna slán

Is iad Cúige Laighean, curaidh an tséasúir seo caite, is túisce a bheas ag dul chun páirce sa PRO 14 anocht

Deis ag imreoirí óga na gCúigí agus a n-áiteanna slán

In ainneoin dhá chluiche réamhbhabhtaí an Pro 14 a bheith fós le himirt, tá áit ag na cúigí Éireannacha ar fad i gCorn na gCuradh don chéad séasúr eile agus is iad Cúige Laighean agus Cúige Mumhan a bheas in aghaidh a chéile sa gcluiche ceannais faoi cheann coicíse.

Seans maith mar sin nach gcuirfidh suim sna cluichí seo ach iad siúd ar mian leo súil a chaitheamh ar imreoirí óga nó iad siúd nach bhfuair deis imeartha i mórán cluichí go dtí seo sa séasúr.

Is iad Cúige Laighean, curaidh an tséasúir seo caite, is túisce a bheas ag dul chun páirce anocht agus iadsan as baile san Iodáil i gcoinne Zebre foireann atá ar íochtar an ghrúpa chéanna, Grúpa A, agus iad 48 pointe taobh thiar díobh. 

Is míorúilt a bheadh ann dá n-éireodh leis na hIodálaigh a bheith in aon ghaobhar ar chor ar bith d’fhoireann Leo Cullen, go háirithe agus cúpla imreoir dá chuid ar thóir ainmniúcháin don gcluiche ceannais.

Anocht freisin a bheidh na Muimhnigh, foireann atá ar bharr Ghrúpa B, sa mbaile i Luimneach agus iadsan i gcoinne Scarlets ón mBreatain Bheag. Fiú má chailleann na Muimhnigh an cluiche seo, ní baol dóibh. Mar sin féin is cinnte go mbeidh siad ar a míle dícheall cur lena gcuriarracht sa mbaile. Ní bheidh na Scarlets féin gan údar spreagtha mar go mbeidh siadsan ag iarraidh a chinntiú go bhfanfaidh siad sa tríú háit ar an tábla, áit chun cinn ar Chaerdydd, foireann atá 10 bpointe taobh thiar díobh sa gceathrú háit. Bua eile don fhoireann baile.

Beidh na hUltaigh as baile amárach i gcoinne na nDragons, foireann atá 34 pointe taobh thiar díobh i nGrúpa A. Ábhar iontais eile a bheadh ann dá dteipfeadh ar fhir Bhéal Feirste arís an deireadh seachtaine seo.

Ar an mBóthar Beag a bheas Cúige Chonnacht i gcoinne Dhún Éideann, foireann atá dhá phointe is fiche le sruth i nGrúpa B. Fiú dá mbeadh rogha iomlán ag na cuairteoirí ní dóigh go mbeidh siad sách láidir le croitheadh a bhaint as foireann na Gaillimhe, foireann atá i mbarr a réime faoi láthair. Ní chuidíonn na cluichí Sé Náisiún le cúis Dhún Éideann mar gur mó líon na n-imreoirí atá ar iarraidh uathusan de bharr dualgais idirnáisiúnta ná mar atá amhlaidh ar Chúige Chonnacht.

Fág freagra ar 'Deis ag imreoirí óga na gCúigí agus a n-áiteanna slán'