Deis ag Éirinn céim mór chun cinn a thabhairt i dtreo chraobh na hEorpa

Imreoidh Éire agus an Eilvéis i gcoinne a chéile anocht i gcluiche tábhachtach i nGrúpa D

Deis ag Éirinn céim mór chun cinn a thabhairt i dtreo chraobh na hEorpa

Alan Judge agus Jeff Hendrick. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Éire v An Eilvéis
Staid Aviva, 7.45pm
Beo ar RTÉ 2

Tá sé ráite go minic ag bainisteoir na hÉireann Mick McCarthy go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh a chuid imreoirí ag imirt go rialta lena gclubanna más leo áit a bhaint amach ar fhoireann na hÉireann agus rinne sé beart de réir a bhriathair nuair a d’fhág sé Shane Long ar lár don chluiche seo anocht agus do cheann na seachtaine seo chugainn i gcoinne na Bulgáire.

Tá áit bainte amach ag Jeff Hendrick sa scuad cé nach bhfuil ach ceithre nóiméad imeartha aige do Burnley i bPríomhroinn Shasana i mbliana ach dúirt McCarthy go bhfuil muinín aige as Hendrick go léireoidh a mhianach anocht.

Ceann de na cúiseanna go bhfuil eisceacht déanta ag McCarthy i gcás Hendrick ná nach bhfuil an oiread sin roghanna ag Éirinn i lár na páirce. Níl teacht ag an mbainisteoir ar James McCarthy ná ar Harry Arter agus an bheirt acu ag teacht chucu féin ó ghortuithe.

Tá Glenn Whelan anois ag imirt le Hearts i bPríomhroinn na hAlban agus cé go bhfuil a áit ar fhoireann Aston Villa caillte ag Conor Hourihane, tagann sé isteach go rialta mar fhear ionaid.

Is mór an cúnamh do McCarthy go bhfuil ag éirí go maith leis na hÉireannaigh atá ag imirt le Sheffield United i bPríomhroinn Shasana faoi láthair. Scóráil Callum Robinson i gcoinne Chelsea an deireadh seachtaine seo caite agus chruthaigh Enda Stevens, John Egan agus David McGoldrick go maith freisin.

Tá gach seans go mbeidh Robinson, McGoldrick agus Stevens ag imirt ón tús i gcoinne na hEilvéise anocht agus beidh le feiceáil an bhfuil a dhóthain déanta ag Egan chun áit a bhaint amach i measc na gcosantóirí.

Cluiche tábhachtach é ceann na hoíche anocht más faoi Éirinn áit a bhaint ag EURO 2020. Tá foireann McCarthy ar bharr Ghrúpa D faoi láthair agus 10 bpointe acu tar éis ceithre chluiche.

Tá cúpla cluiche níos lú imeartha ag an Eilvéis agus gan ach péire imeartha acusan go dtí seo, ach bheadh Éire in ann naoi bpointe a chur idir na foirne dá n-éireodh linn cluiche na hoíche anocht a bhuachan. Ba mhór an bhearna a bheadh ansin, fiú agus roinnt cluichí fós le n-imirt.

Buille mór d’fhoireann na hEilvéise gur fhógair imreoir Liverpool Xherdan Shaqiri nach mbeidh sé ar fáil don chluiche seo. Tá scata beag imreoirí eile ar iarraidh chomh maith, an tosach Josip Drmic ina measc, rud a thabharfaidh misneach d’Éirinn.

Thabharfadh an bealach ar thit an tóin as Eilvéis i gcoinne na Danmhairge mí an Mhárta dóchas do dhuine freisin. Ghéill an Eilvéis trí chúl sna deich nóiméad deireanach den chluiche sin cé go rabhadar 3-0 chun tosaigh.

Mar sin féin, cluiche crua géar a bheidh san Aviva anocht, agus má chríochnaíonn sé ar comhscór, beidh Mick McCarthy sásta go maith.

Fág freagra ar 'Deis ag Éirinn céim mór chun cinn a thabhairt i dtreo chraobh na hEorpa'