Oíche bhrónach i bPrág, gaisce stairiúil gan tábhacht, easpa roghanna agus fanacht fada roimh an gcéad chluiche mór eile

Caitheann Tuairisc súil ar chuid de na ceachtanna atá le foghlaim agus deireadh déanta ag foireann na hÉireann ina n-iarracht Corn an Domhain a bhaint amach

Oíche bhrónach i bPrág, gaisce stairiúil gan tábhacht, easpa roghanna agus fanacht fada roimh an gcéad chluiche mór eile

Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Sin sin. Fágann bua na Seicia ar Éirinn aréir nach mbeidh foireann Heimir Hallgrímsson páirteach i gCorn an Domhain 2026 i Meiriceá thuaidh agus nach amhrán speisialta taistil atá le cumadh chun an fhoireann a sheoladh chun bealaigh ach caoineadh.

Chuir na hÉireannaigh tús iontach leis an gcluiche i bPrág agus d’fhág cic éirice ó Troy Parrott agus cúl tuathail ó chúl báire na Seicia, Matěj Kovář, iad 2-0 chun cinn théis 23 nóiméad ach d’athraigh an scéal nuair a thug na hÉireannaigh cic éirice uathu go luath ina dhiaidh sin. Shlánaigh Patrik Schick í chun údar spreagtha a thabhairt don fhoireann bhaile agus d’aimsigh captaen na foirne Ladislav Krejčí an cúl comhscóir gar do dheireadh an 90 nóiméad.

Chaith an dá fhoireann tréimhsí in uachtar san am breise ach bhí ciceanna éirice ag teastáil sa deireadh agus cé go ndeachaigh Éire 3-2 chun cinn, chuir Finn Azaz agus Alan Browne iarrachtaí cinniúnacha amú agus bhí an bua faighte ag na Seicigh.

Seo thíos cúpla ceacht a bhí le foghlaim ó oíche bhrónach i bPrág. 

Gaisce stairiúil Kelleher anois gan tábhacht

Ní haon chúiteamh é ach d’éirigh le Caoimhín Kelleher rud a dhéanamh aréir nach raibh déanta ag aon fhear eile riamh, sin iarracht ó dhuine d’imreoirí na Seice a shábháil i gcomórtas ciceanna éirice.

Ar ndóigh, Seiceach a d’aimsigh b’fhéidir an cic éirice is cáiliúla riamh agus smitín buailte ag Antonin Paneanka ar an liathróid chun craobh EURO 1976 a bhuachan don tSeicslóvaic i gcoinne na Gearmáine. Panaenka atá tugtha ar an gcineál sin cic éirice ó shin agus muinín tugtha ag an ngaisce d’imreoirí na Seice ó shin.

D’aimsigh idir Sheicigh agus Slóvacaigh gach ceann de na cúig chic éirice a bhí ag an tSeicslóvaic an oíche sin i mBéalgrád leathchéad bliain ó shin agus d’aimsigh an fhoireann naoi gcinn as a chéile i gcluiche i gcoinne na hIodáile ceithre bliana ina dhiaidh sin. Sé as sé a d’aimsigh Poblacht na Seice ansin ag EURO 1996, an uair dheireanach roimh an oíche aréir a raibh na Seicigh páirteach i gcomórtas ciceanna éirice.

Nuair a d’aimsigh Ladislav Krejčí agus Tomáš Souček an chéad dá chic éirice don tSeicia aréir, b’in 22 iarracht as a chéile a bhí aimsithe ag an tSeicslóvaic/Poblacht na Seice/an tSeicia ach tháinig deireadh leis sin nuair a shábháil Caoimhín Kelleher iarracht Mojmír Chytil.

Faraor, scaoileadh leis an deis buille eile a bhualadh ar na Seicigh nuair a bhuail Finn Azaz lagiarracht leis an gcéad chic eile ag Éirinn agus chuir Patrik Schick an fhoireann bhaile ar ais ar an mbóthar ceart le cic breá. Sábháladh iarracht Alan Browne ansin agus ba é urchar Jan Kliment a bhuaigh an choimhlint do na Seicigh.

Ní bheidh aon chaint i bPrág inniu ar theip stairiúil Chytil agus is iad na hÉireannaigh atá fágtha cráite ag na ciceanna éirice. Tá sábháil Packie Bonner agus cúl David O’Leary i gcoinne na Rómáine i 1990 sa táin i stair sacair na tíre ach briseadh croí a bhí againn ó shin leis ciceanna éirice. Chaill i gcoinne na Spáinne ag Corn an Domhain 2002, theip orthu i gcoinne na Slóvaice i gcluiche cáilithe do EURO 2020 agus theip arís orthu i gcoinne a gcomharsana aréir.

Easpa roghanna ar an mbinse ag cur as do Hallgrímsson

Bhí an-chuid cainte roimh an gcluiche faoi leithéidí Séamus Coleman agus Chieodze Ogbene, beirt nach raibh ach fíor-fíorbheagán imeartha acu lena gclubanna ón gcluiche deireanach ag Éirinn mí na Samhna. Cheap go leor go mbeadh ar Heimir Hallgrímsson dul sa seans leo i bPrág agus b’in mar a tharla, an bheirt ag tosú ar an gcliathán deas i gcoinne na Seicia.

Ní fhéadfá mórán locht a fháil ar thaispeántais na beirte ach an oiread. Bhí Ogbene lán brí agus fuinnimh agus gan tada as bealach déanta ag Coleman go dtí gur baineadh amach an bheirt in am breise. Údar iontais a bhí ann gur mhair an bheirt chomh fada sin agus is ansin a léirítear ceann de na fadhbanna a bhí ag Éirinn.

An locht is mó a fuarthas ar Hallgrímsson aréir ná go raibh sé mall ag déanamh iarracht rudaí a athrú. Bhí Éire go mór faoi bhrú sa dara leath ach níor thug Hallgrímsson ach beirt ionadaithe isteach le linn an 90 nóiméad, Alan Browne in áit Jayson Molumphy agus Robbie Brady in áit Ryan Manning. Rinne na Seicigh an oiread céanna athruithe ag leath ama, cé go raibh cúis dhifriúil leo sin.

Lena cheart a thabhairt do Hallgrímsson, áfach, b’fhéidir nár shíl sé go raibh an oiread sin roghanna aige. Tugadh Adam Idah isteach san am breise ach níl cluiche imeartha aige ó roimh an Nollaig. Níl ach aon chluiche amháin imeartha ag Johnny Kenny d’Éirinn agus níl fiú an méid sin féin déanta ag Harvey Vale, a tugadh isteach sa scuad den chéad uair don chluiche seo. Má tá Hallgrímsson sásta imreoir a roghnú sa scuad, b’fhéidir gur cheart go mbeadh sé sásta iad a chaitheamh isteach ach is isteach sa mbearna bhaoil a bheadh sé ag caitheamh leithéidí Kenny agus Vale aréir. Níor bhraith muid uainn leithéidí Josh Cullen agus Evan Ferguson sa gcéad leath ach bhraith go cinnte ina dhiaidh sin.

 

Céim ar gcúl agus céim chun cinn

Níor thug foireann na hÉireann na cosa léi sa deireadh ach beidh súil ann go gcuirfidh gaiscí na foirne le roinnt míonna anuas tús le ré nua. Bhí dóchas ann nuair a ceapadh Stephen Kenny in 2020 go bhféadfadh Éire dul chun cinn a dhéanamh ach cé go raibh cúpla bréagmhaidneachan ann ó shin, in olcas a chuaigh cúrsaí i ndáiríre agus tubaiste cheart ann mí Mheán Fómhair seo caite nuair a chaill an fhoireann faoi cheannas Heimir Hallgrímsson thall san Airméin.

Chaith cuid mhaith daoine a hataí leis an bhfoireann agus leis an mbainisteoir ina dhiaidh sin ach ní raibh siad i bhfad á bpiocadh suas arís nuair a bhuaigh Éire ar an bPortaingéil agus go háirithe i ndiaidh an bhua i gcoinne na hUngáire i mBúdaipeist.

Bhí an lucht tacaíochta go hiomlán taobh thiar den fhoireann agus den bhainisteoir ina dhiaidh sin, mar a léirigh na sluaite a chuaigh sall go Prág agus an lucht féachana ollmhór a bhí ag an gcluiche oíche aréir – suas le 1.6 milliún ar RTÉ2.

Den chéad uair le fada, tá cúis dóchais ag an lucht tacaíochta arís agus iad bródúil as an bhfoireann. Fiú agus iad croíbhriste ag toradh na hoíche areir, luaigh an-chuid de na himreoirí an spreagadh a fuair siad ón tacaíocht uile le gairid. An fhadhb atá ann ná go mbeidh píosa ann go dtí an chéad chluiche mór ag an bhfoireann arís.

Is cinnte nach mbeidh 1.6 milliún duine ag féachaint ar an gcluiche dúshláin i gcoinne na Macadóine Thuaidh oíche Dé Máirt agus ní bheidh mórán meallta ag na cluichí atá le teacht i gcoinne Ghreanáda, Chatar agus Cheanada. Cluiche i gcoinne Iosrael sa bhfómhar an chéad cheann eile a bheidh tábhacht ar bith ag baint leis ach d’fhéadfadh go mbeadh an cluiche féin caillte i measc na polaitíochta a bheidh ag baint leis.

An t-am seo an bhliain seo chugainn a chuirfear tús leis na cluichí cáilithe do chraobh EURO 2028, comórtas a mbeidh cuid de á reáchtáil in Éirinn. Le cúnamh Dé, ní bheidh an ghaoth imithe uile ó na seolta faoin am sin.

Fág freagra ar 'Oíche bhrónach i bPrág, gaisce stairiúil gan tábhacht, easpa roghanna agus fanacht fada roimh an gcéad chluiche mór eile'

  • alan titley

    Maidir leis na ciceanna éirce, seanscéal. Ma thuigim i gceart é, arís, arís, arís, ní chleachtaítear iad. Más fíor tá an teip tuillte. Ní ‘crannchur’ atá ann mar a dúirt Mick McCarthy, ach scil. An chéad cheist ar cheart í a chur ar bhainisteoir na foirinne, ‘an bhfuil tú chun ciceanna éirce a chleachtadh?’ Gach lá, gach babhta traenála, gach uair. Níl aon leithscéal. Bhí an teip i ndán.