Deireadh tagtha le gníomhartha buile is seoigh Saul Goodman

Is deacair a shamhlú go ndéanfar gaisce scéalaíochta ‘Better Call Saul’ agus ‘Breaking Bad’ a shárú 

Deireadh tagtha le gníomhartha buile is seoigh Saul Goodman

Tá deireadh déanta ag Better Call Saul (Netflix, Dé Luain). Tar éis seacht mbliana agus 63 clár tá clabhsúr curtha le heachtraí buile is seoigh an dlíodóra dheisbhéalaigh. Má chuirtear Breaking Bad san áireamh táimid i bhfochair an leábharaic seo ó 2008, agus 62 clár eile sa tsraith sin. 

Maíonn mórán gurb é Breaking Bad an tsraith drámaíochta teilifíse is cumasaí riamh agus é ar comhchéim le The Sopranos agus The Wire. Nuair a tháinig deireadh le gníomhartha Walter White cinneadh réamhscéal a chumadh bunaithe ar eachtraí a dhlíodóra. Ní raibh éinne ag súil go mbuailfeadh an tintreach faoi dhó, ach bhuail.

Cé nach ngráim féin an réamhscéal, rud atá luaite agam go minic sa cholún seo, tá rath thar na bearta ar Better Call Saul agus é breá in ann é a fhéachaint lena réamhtheachtaí. Is cinnte gur seod teilifíse millteach ar leith é Breaking Bad/Better Call Saul agus is deacair a shamhlú go ndéanfar a ghaisce scéalaíochta a shárú riamh. Tá 46 ainmniúchán Emmy faighte ag an saothar seo ó thosaigh sé (2022 san áireamh) agus is ábhar mór iontais nach bhfuil aon duais gnóthaithe aige, ag Bob Odenkirk agus Rhea Seehorn go háirithe. 

Réamhscéal is ea Better Call Saul agus i gcaitheamh na mblianta bhaineamar súp as forás na gcarachtar agus an tslí go rabhthas ag cniotáil na sraithe le heachtraí Breaking Bad. Fágann sin srathair ar an saothar óir go bhfuil cinniúint na gcarachtar ar eolas againn. Is saothar leantach é chomh maith mar go raibh radharcanna beaga anseo is ansiúd a thug éachtaint ar shaol Saul i ndiaidh Breaking Bad.

Bhog an cúpla clár deireanach de Better Call Saul go hiomlán isteach san amlíne seo nach mór. Dar liom gur imigh an ghaoth as seolta an tsaothair dá bharr. Níl aon bhithiúnach ná comhghuaillí le dealramh aige. Ní raibh an chlisteacht chéanna le sonrú sna seifteanna a bhí aige agus dar liom go gcuaigh rudaí chun leadráin ar uairibh. Bhíomar ag gluaiseacht rómhall go ceann scríbe. 

Níl na cláir dheireanacha seo gan a maitheasaí, áfach agus bhí iardhearcadh iontach le Saul agus Walter, fathaigh Breaking Bad/Better Call Saul. Bhí cinniúint na gcarachtar éagsúil ar eolas againn roimh chlár deireanach an Luain seachas Saul féin agus a leathbhádóir Kim (Rhea Seehorn).

Tháinig a scéalta siúd chun críche go ciúin ach ar shlí a mheasas a bhí ábhairín patuar. Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air. Aithnímid gur duine suarach, mí-ionraic é Saul ach tá bá againn leis ag an am céanna agus sinn ag súil go n-éireodh leis, uair amháin eile éalú as an tsúil ribe. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb í an chríoch seo a bhí sa chinniúint ag Saul ó chonaiceamar é den chéad uair blianta siar. 

Críoch ábhairín patuar le sraith iontach. 

Fág freagra ar 'Deireadh tagtha le gníomhartha buile is seoigh Saul Goodman'