Deireadh ré a bheidh ann do bhranda Dolce & Gabbana nuair a chaillfear na dearthóirí cáiliúla

Cáil na conspóide agus an chiníochais ar chuid de na ráitis atá tugtha in imeacht na mblianta ag an bheirt dearthóirí faisin an-cháiliúil ón Iodáil

Deireadh ré a bheidh ann do bhranda Dolce & Gabbana nuair a chaillfear na dearthóirí cáiliúla

Tiocfaidh deireadh leis an gcomhlacht Dolce & Gabbana nuair a chaillfear an bheirt dearthóirí Domenico Dolce agus Stefano Gabbana a bhunaigh an gnó i 1985, breis agus tríocha bliain ó shin.

Sin an bhrí atá le baint as ráiteas a rinne duine acu Stefano Gabbana in agallamh le nuachtán Iodálach le gairid.

“Once we’re dead, we’re dead,” a dúirt sé agus bhí blas an chiníochais ar an chuid eile den abairt aige: “I don’t want a Japanese designer to start designing Dolce & Gabbana,” ar sé.

Is iondúil go mbíonn comhlachtaí móra faisin i mbun iarrachtaí le cinntiú go leanfaidh a gcuid gnóthaí go deo ag cruthú brabúis do na húinéirí ach is cosúil gur malairt scéil atá ag Dolce & Gabbana.

Le gairid sciob an comhlacht Burberry ón mBreatain Riccardo Tisci ó Givenchy le dul i mbun oibre dóibh féin in áit Christopher Bailey – athrú ollmhór don bhranda a bhfuil cáil air as a bheith ‘traidisiúnta agus clasaiceach’. Ach is le súil ar an todhchaí agus ag cinntiú leanúnachais ina gcuid gnóthaí a rinne siad sin.

Chuir an ráiteas ó Stefano Gabbana gurbh fhearr leo go bhfaigheadh an branda Dolce & Gabbana bás leo féin iontas ar roinnt daoine. Ach tá cleachtadh ag daoine ar ráitis chonspóideacha ó na foinsí céanna sin ó am go ham.

Bhí neart daoine míshásta faoin ainm a bhaist siad ar dhearadh de phéire slipéirí dhá bhliain ó shin – ‘slave sandals’ a thug siad orthu gan lá náire orthu faoin mhasla a bhí i gceist sa rogha sin ná faoin bpraghas a bhí orthu, $2,395.

Bhí an ciníochas le brath freisin i bpéire fáinní cluaise ar a dtugtar ‘blackamoors’ sa bhliain 2012 a bhí deartha bunaithe ar chloigeann mná den chine gorm.

Chuir siad olc ar chuid de phobal aerach an domhain trí bliana ó shin nuair a dúirt siad go raibh siad glan in aghaidh cead a bheith ag daoine aeracha paistí a uchtú: “The only family is the traditional one,” a dúirt siad. Ba mheasa fós an masla a chaith siad le daoine a fuair cóireáil IVF le páistí a thabhairt ar an saol. “Children of chemistry, synthetic children” a thug siad orthu.

Ach ní inniu ná inné a tháinig an ciníochas chun cinn ina gcuid ráitis. Chuir údaráis na Spáinne cosc ar fhógra dá gcuid sa bhliain 2007 a raibh an chosúlacht air go raibh bean á héigniú agus buíon fear ag breathnú ar an eachtra. Mar fhreagra ar an gcosc sin, dúirt Dolce & Gabbana, “Spaniards were a bit backward”.

Anuraidh bhíodar sáite i gconspóid eile nuair a scríobh siad “I’m thin & gorgeous” mar mhana ar phéire bróg reatha a dhear siad, rud a chuir an-olc ar dhaoine ar cás leo maslú faoi raimhre.

Agus ní chuile dhuine a bhí sásta lena dtairiscint éadach a dhearadh do Melania Trump ag tráth go raibh dearthóirí mór le rá eile á seachaint de bharr míshástacht faoi thuairim polaitiúla a fir céile.

Gearradh téarma príosúin bliain go leith ar Domenico Dolce agus Stefano Gabbana sa bhliain 2013 as seachaint cánach ar shuim €1 billiún ach níor cuireadh chun príosúin iad de bharr socrú go dtugtar cead a gcinn do dhaoine a ngearrtar téarma níos lú ná dhá bhliain orthu. 

Meastar gur fiú os cionn $5 billiún an comhlacht Dolce & Gabbana anois ach tá deireadh ré á thuar ag ráiteas Stefano Gabbana “Once we’re dead, we’re dead”.

Fág freagra ar 'Deireadh ré a bheidh ann do bhranda Dolce & Gabbana nuair a chaillfear na dearthóirí cáiliúla'