Deireadh ré agus an craoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag éirí as a phost le RTÉ Raidió na Gaeltachta san fhómhar

Fillfidh an craoltóir aitheanta ar 'Ardtráthnóna' ar feadh dhá mhí sula n-éiríonn sé as RTÉ RnaG mí na Samhna

Deireadh ré agus an craoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag éirí as a phost le RTÉ Raidió na Gaeltachta san fhómhar

Tá sé deimhnithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbeidh an craoltóir aitheanta Máirtín Tom Sheáinín ag éirí as a phost i mí Samhna na bliana seo.

Pearsa mór de chuid an stáisiúin Ghaeilge é Máirtín Tom Sheáinín, a bhfuil an clár cainte Ardtráthnóna á chur á láthair aige le 22 bliain anuas.

Tháinig críoch thobann le Ardtráthnóna, atá á chraoladh ó 1998, i mí an Mhárta seo caite agus bhí amhras ann faoi thodhchaí an chláir.

Dúirt urlabhraí Raidió na Gaeltachta le Tuairisc.ie, áfach, go mbeidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais i mbun craoltóireachta ar an 7 Meán Fómhair, tráth a gcuirfear tús le sceideal an fhómhair.

Dúirt an t-urlabhraí go dtiocfaidh “athruithe ar an sceideal” i mí na Samhna seo chugainn, nuair a bheas láithreoir an chláir ag éirí as a phost.

Ó Luan go Céadaoin ag a 2pm a bheidh Máirtín Tom Sheáinín i mbun an chláir sa dá mhí sula rachaidh sé ar scor, a dúirt urlabhraí an raidió le Tuairisc.ie.

Dheimhnigh urlabhraí ó TG4, áfach, go mbeidh Máirtín Tom Sheáinín ag dul i mbun taifeadta ar shraith nua den chlár teilifíse Comhrá i mí na Samhna agus go mbeidh an tsraith sin le feiceáil ar an scáileán an bhliain seo chugainn. 

Idir an dá linn, tá sé fógartha gurb í an craoltóir Claire Byrne, a bheidh ina láithreoir ar mhórchlár Radio 1, Today, clár a bhí á chur i láthair ag Sean O’Rourke go dtí go ndeachaigh sé ar scor níos luaithe i mbliana.  Sarah McInerney atá mar láithreoir eatramhach ar an chlár sin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Deireadh ré agus an craoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag éirí as a phost le RTÉ Raidió na Gaeltachta san fhómhar'

  • CRISTINE uistjosephsbbb LABHRAI

    TA sar obair deanta ag Mairtin ar radio &telefis .Thosaig me ag chuir feabhas ar mo chuid gaeilge ag eisteacht leis. Cuirfidh muid ar mbeannachtai chuige .

  • Seosamh Ó Cuaig

    Duine de na craoltóirí is fearr in Éirinn

  • Martan O' Ciardha

    Is rímhór an chailliúint seo do mhuintir na Gaeltachta

  • Seán Mag Leannáin

    Is fíor gur deireadh ré é. Táim ag éisteacht leis ar Ardtráthnóna le fada an lá. Sár-chraoltóir agus lena chois sin is fear uasal é. Bhí mé ar chúrsa le Gaeleagras sa gCeathrú Rua thart ar 15 bliana ó shin agus chas mé leis ag oíche siamsaíochta san óstán ansin. Rinne mé iarracht deoch a cheannach dó ach níor lig sé dom agus céard a dhéanfadh sé ach pionta a cheannach dom!

  • Pádraig

    Is mór an chailliúint é do RnaG agus do chraoltóireacht na Gaeilge trí chéile. Craoltóir den scoth atá ann a bhfuil nasc láidir aige lena phobal féin agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre. Beidh sé an-deacair a bhróga a líonadh! Go n-éirí leat, a Mháirtín – tá súil agam go leanfaidh tú ort ag caint agus ag comhrá! :)

  • Sinéad

    Tá mé croí bhriste, lom na fírinne a rá. An craoltóir is fearr dá raibh ann ariamh, sin mo thuairimse. Guím gach uile rath ar Mháirtín. Go raibh míle maith agat a chara.

  • Pádraig Ó Súilleabháin

    Tús (is ní deireadh) ré, a Mháirtín!
    Tugaimid taitneamh mór do ‘Comhrá’ is sinn ag súil go mór le sraith nua.
    Ár mbuíochas leat as teach Choilm de Bhailís a thaispeáint dúinn blianta ó shin nuair a chuamar ó thuaidh le linn ‘Peigín Leitir Móir’.
    Go maire tú an céad (is tuilleadh lena chois), faoi shonas is faoi shláinte!

  • Sean O Ciobhain

    Nil i ndeireadh re ach tus re nua, a Mhairtin.
    B’fheidir anois go mbeadh deis agat feasta Cnoc Chathail Oig agus na haiteanna thiar a thaispaint duinn nuair a raghad siar aris tar eis an choibhid mallaithe seo.

    Sean O Ciobhain

  • Sean O Flaithearta

    Adh mor a Mhairtin ban sult as do scith
    Saoil fada le dea shláinte amach romhat
    go leoir cláracha iontacha deanta agat
    Is tu a rinne an chéad chlár radio as ollmaragadh d’éirigh go hiontach leis
    NIL AON MhAITH DEANTA….
    Sean

  • Traolach Ó Sioradáin

    Guím gach rath ort, a Mháirtín.
    Is mór agam do chuid Gaelainn’ a chloisint ar radio agus ar teilifís.
    Go maire tú an céad.

  • Kathleen Flanagan

    Ta duil agam go mbeidh muid abalta mairtin a chloisteail San am ata Le teacht. Am eigin. Uair eigin. Ar chaoi eigin. Bhi se togha ar fad. Thuig se staid na daoine, go mor mhor muintear na h oileain. Agus muintear na gaeltachta… Go n eirigh an bothar leat anois a Mhairtin.