Deireadh le cúrsa céime Gaeilge in Ollscoil Uladh agus poist caillte

Léirigh suirbhé a dhéantar go rialta sa Ríocht Aontaithe gur chuir gach duine de na mic léinn a d’fhreastail ar an gcéim lánaimseartha sa Ghaeilge in iúl go raibh siad sásta leis an gcúrsa

Deireadh le cúrsa céime Gaeilge in Ollscoil Uladh agus poist caillte

Tá deireadh curtha leis an gcúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste agus tá triúr tar éis a bpost a chailleadh dá bharr.

Tá a post caillte ag an aon bhean amháin a bhí ag obair i Scoil na Gaeilge san Ollscoil agus ag beirt eile nach as an tír seo iad.

Aistríodh Scoil na Gaeilge agus an cúrsa céime ó Chúil Raithin go dtí Béal Feirste agus Doire ceithre bliana ó shin, ach cuireadh in iúl don fhoireann i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite go mbeifí ag cur deireadh leis an gcéim lánaimseartha agus go gcaillfí suas le ceithre phost.

Is i gColáiste Mhic Aoidh i nDoire amháin a bheidh an cúrsa lánaimseartha don chéim ar siúl feasta. Leanfar leis an gcéim Ghaeilge pháirtaimseartha i mBéal Feirste.

Tháinig sé chun solais i Meitheamh na bliana 2015 go raibh rún ag Ollscoil Uladh 210 post a scor agus laghdú 1,250 a dhéanamh ar líon na mac léinn acu toisc titim £9 milliún sa bhliain ar a mbuiséad ó Stormont. Chomh maith leis na ciorruithe i réimse na dteangacha, tá ábhair eile ar nós na Matamataice thíos le plean na hollscoile.

Dúirt Leas-Sheansailéir na hOllscoile, Paddy Nixon, go ndearnadh na ciorruithe ar bhonn leathan agus gur cuireadh san áireamh an t-éileamh a bhí ar chúrsaí, a shásta is a bhí daoine leis na cúrsaí agus líon na ndaoine a fhaigheann postanna i ndiaidh na gcúrsaí.

Léirigh suirbhé a dhéantar go rialta sa Ríocht Aontaithe – an National Student Survey – gur chuir gach duine de na mic léinn a d’fhreastail ar an gcéim lánaimseartha sa Ghaeilge in iúl go raibh siad sásta leis an gcúrsa. Go deimhin, ba í Roinn na Gaeilge an t-aon roinn in Ollscoil Uladh a fuair ráta sástachta 100%.

Cuireadh tuairim is 3,400 ainm le hachainí a thosaigh Conradh na Gaeilge chun an cúrsa BA a shábháil. Bhí 2,500 luaite mar sprioc ag an gConradh ar an suíomh achainíochta change.org.

Fág freagra ar 'Deireadh le cúrsa céime Gaeilge in Ollscoil Uladh agus poist caillte'