Deireadh fógartha leis na srianta dianghlasála i gCill Dara

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, tráthnóna go raibh beatha daoine sábháilte ag muintir Chill Dara

Deireadh fógartha leis na srianta dianghlasála i gCill Dara

Tá deireadh fógartha leis na srianta dianghlasála atá i bhfeidhm i gCill Dara le trí seachtaine anuas.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly an méid sin ar Twitter tráthnónta.

“Is cúis áthais dom a fhógairt inniu gur féidir linn deireadh a chur leis na srianta sláinte poiblí breise i gCill Dara. Tuigim gur tréimhse dheacair a bhí ann do dhaoine agus do lucht gnó i gCill Dara. Tá beatha daoine ina bpobal féin agus ar fud na tíre sábháilte acu de bharr a n-iarrachtaí.

“Cloch mhíle mhór atá inniu againn, Cruthaíonn an fhianaise ó Chill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí go n-éiríonn leis na beartais áitiúla. Agus an méid sin ar eolas againn beidh sé ina chuid thábhachtach dár bpleananna chun laghdú a dhéanamh ar scaipeadh an Covid-19 fad is atá ár sochaí agus ár ngeilleagar á n-athoscailt againn,” arsa an tAire Sláinte, Stephen Donnelly.

Bhí cruinniú ar maidin ag NPHET faoi na srianta i gCill Dara agus ba í an chomhairle a bhí acu i ndiaidh an chruinnithe sin ná deireadh a chur leis na beartais dianghlasála a tugadh isteach mar gheall ar bhrúisc cásanna.

Iarradh ar an 7 Lúnasa ar mhuintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí fanacht laistigh dá gcontae mura raibh taisteal riachtanach i gceist.

Cuireadh deireadh leis na srianta sa dá chontae eile tar éis coicíse, ar an 21 Lúnasa. Cuireadh síneadh coicíse leis na srianta taistil agus eile i gcás Chill Dara, mar a raibh líon na gcásanna den ghalar fós roinnt mhaith níos airde ná an chuid eile den tír.

30.6 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine atá sa stát le coicís anuas, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Laghdú é seo ar fhigiúir an lae inné – 31.2.

Idir an dá linn, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 58 cás eile den Covid-19. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt ó thuaidh.

Bhí 33 duine sna hospidéil ó dheas oíche aréir a raibh tástáil dhearfach faighte acu don Covid-19 agus bhí cúigear acusan in aonad dianchúraim.

17 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil an tuaiscirt agus beirt atá in ICU.

1,883 duine a fuair bás de dheasca an ghalair in Éirinn ó thosach na paindéime,1,777 duine ó dheas den teorainn agus 560 duine ó thuaidh di.

36,005 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 28,760 cás ó dheas agus 7,245 ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Deireadh fógartha leis na srianta dianghlasála i gCill Dara'