Deireadh faoi dheireadh le clár a bhí níos fearr ná The Sopranos, The Wire, agus Breaking Bad

Cuireadh críoch mar ba chóir leis an tsraith Deadwood le scannán nua ar sméar mullaigh ar shárshaothar é

Deireadh faoi dheireadh le clár a bhí níos fearr ná The Sopranos, The Wire, agus Breaking Bad

Chuir HBO deireadh grod leis an gclár teilifíse Deadwood in 2006, agus ghoill an cinneadh ait sin ar na milliúin daoine a bhíodh ag féachaint air ar fud an domhain. Ar deireadh thiar thall áfach, tar éis deacrachtaí praiticiúla go leor agus ráflaí den uile shaghas, d’éirigh leis an té a chruthaigh Deadwood, David Milch, críoch cheart a chur leis an tsraith le scannán nua a dhein sé do HBO.

Ní raibh mórán ama aige lena aisling a chur i gcrích, de réir dealraimh, agus é fógartha aige go bhfuil an galar Alzheimer air le cúpla bliain anuas. Ní léir an éireoidh leis aon saothar nua eile a scríobh.

D’éirigh le Milch ceol a bhaint as an dtinneas uafásach seo, agus tá rian a dhaonnachta, a uaisleachta agus umhlaíochta ar an scannán. Sa bhliain 1887 a tharla imeachtaí na sraithe Deadwood. Ghoid na buachaillí bó Deadwood ó na Sioux nuair a chualathas an scéal go raibh ór sna Black Hills. Níor chuid de na Stáit Aontaithe Deadwood in 1877.

Ba iad na Sioux na húinéirí oifigiúla de réir Bhunreacht na Stát Aontaithe, agus más ea, ní raibh dlí Mheiriceá i bhfeidhm san áit. Liombó ab ea Deadwood ó thaobh an dlí de, agus mheall sé sin daoine ar leith, daoine a bhí ag teitheadh cosa in airde ó thrioblóidí in áiteanna eile, agus daoine a bhí ag súil le rachmas mór a dhéanamh. Baineann eachtraí an scannáin nua leis an mbliain 1889, agus glactha le Deadwood mar chuid den stát úrnua, South Dakota. Tá na carachtair go léir níos sine, níos gruama agus níos moille, go háirithe príomhphearsain an champa mianadóireachta, Al Swearengen, úinéir an Gem Saloon agus príomhfheighlí striapacha na háite. (Bhí Ian McShane os cionn a bhuille ó thús deireadh an scéil seo).

Is deacair cumhacht an chláir seo a mhíniú i gceart, ach b’fhéidir go bhfuil baint de shaghas éigin aici leis an gcoimhlint nó an teannas atá le fáil i lár an scéil. Domhan coimhthíoch a chuirtear os ár gcomhair in Deadwood, domhan brúidiúil cruálach ina bhfuil an bás ag bagairt i gcónaí agus áit é nach bhfuil fáil ann ar dhlí ná ar cheart.  Os a choinne sin áfach, chuir Milch béim ar dhaonnacht uilíoch na ndaoine sa domhan seo. Más ea, tá coimhlint idir an saol dothuigthe agus daonnacht shothuigthe. Thugtaí Verfremdung, ’sé sin, ‘cuma ait a chur ar rud’ ar an gcleas seo le linn ré Bertold Brecht, agus is é an cleas céanna ag Milch é. Is fada uainn foréigean Deadwood, ach ní fada uainn in aon chor fulaingt agus dínit mhuintir na háite. Cuireadh ord ar scéal an scannáin trí thagairt a dhéanamh d’ócáidí simplí uilíocha; sochraid, pósadh, saolú linbh nua, tinneas. Úsáidtear na hócáidí seo chun teachtaireacht chasta a chur in iúl dúinn: ní féidir linn a bheith neamhspleách óna chéile, mar bíonn gach éinne againn ag brath faoi dheireadh ar dhuine éigin eile. As an spleáchas sin a eascraíonn comhphobal. Sin teachtaireacht an tsagairt ag sochraid Wild Bill Hickock, teachtaireacht Naomh Pól ina litir go dtí na Corantaigh: ‘Ní aon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball... Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an láimh ‘Níl aon ghnó agam díotsa’, ná ní féidir don cheann a rá leis na cosa ‘Níl aon ghnó agam díbhse’. Ní hea, ach na baill a bhfuil an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach.’ 

Bhí níos mó den éirim aigne ag baint le cruthú DeadwoodThe Wire, bhí sé níos cumhachtaí ná The Sopranos agus bhí níos mó ceoil san insint ann ná mar a bhí in Breaking Bad. Mairfidh sárshaothar Milch go ceann i bhfad.    

Fág freagra ar 'Deireadh faoi dheireadh le clár a bhí níos fearr ná The Sopranos, The Wire, agus Breaking Bad'