Deireadh an lae do Daniel Day agus draoi Chill Mhantáin os cionn a bhuille

Mar is dual dó, tugann Daniel Day-Lewis taispeántas téagartha uaidh i ‘Phantom Thread’, scannán machnamhach, aduain atá beagáinín rótheann as féin

Deireadh an lae do Daniel Day agus draoi Chill Mhantáin os cionn a bhuille

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Paul Thomas Anderson

Cliar: Daniel Day-Lewis, Vicky Krieps, Lesley Manville

D’fhógair draoi Chill Mhantáin, Daniel Day-Lewis, tamall siar gurb é an saothar seo an geábh deireanach ar scáileán aige. Deireadh ré. Dar liom nach raibh a mhacasamhail riamh ann mar aisteoir,  agus is beag an seans go mbeidh.

An ghné ba shuaithinsí dá shaol aisteoireachta ná an cumas mínádúrtha a bhí ann a chuma is a chló a athrú bunaithe ar an gcarachtar a bhí idir lámha aige. Cuimhnigh ar na difríochtaí idir Christy Brown (My Left Foot), Gerry Conlon (In the Name of the Father), Hawkeye (The Last of the Mohicans), Bill the Butcher (Gangs of New York), Abraham Lincoln (Lincoln) agus Daniel Plainview (There Will Be Blood). Go minic is ar éigean go n-aithneofá gurb é an t-aisteoir céanna atá ann.

Tá a mhiotaseolaíocht féin tar éis eascairt as an ullmhúchán cuimsitheach agus as cuimse a dhéanadh sé do gach ról.

Ní haon iontas go bhfuil trí dhuais Oscar, do phríomhrólanna, crochta leis aige, gaisce nach bhfuil déanta ag aon aisteoir eile riamh, fiú banríon na nOscar, Meryl Streep. Cá bhfios ná go mbeidh an ceathrú ceann ina ghlac aige sula i bhfad óir go bhfuil ainmniúchán faighte aige dá thaispeántas anseo, agus cúig ainmniúchán eile faighte ag an táirge lena chois sin.

Mar is dual dó tugann sé taispeántas téagartha uaidh sa táirge machnamhach, aduain seo. Sa chéad radharc chímid é á phrapáil go cáiréiseach don lá agus tá a fhios againn ar an bpointe gur cíoradh carachtair a bheidh againn ó thús deireadh an tsaothair.

I Londain na gcaogaidí is fear faisin cáiliúil é Reynolds Woodcook a bhfuil an-tóir ag an uasaicme ar a shaothar. Ceardaí pointeáilte é i mbun na snáthaide. Cnáimhseálaí ciotrúnta is ea é chomh maith. Tagann drochmhianach air má bhíonn an iomarca gleo á dhéanamh ag am bricfeasta nó mura mbíonn an t-asparagas déanta chun a shástachta. ‘Níl aon oidhre air ach páiste,’ a deir Alma (Krieps), an bhean is déanaí atá aige mar chéile leapa agus mar bhé araon. Uaireanta taibhsítear duit nach bhfuil inti ach mainicín dó; é ag fústráil le gúnaí is ag rá léi le neamhshuim nach bhfuil aon chíocha uirthi. Is maith a thuigeann Alma go bhfuil scuaine ban gafa roimpi agus gur dóichí ná a mhalairt go gcuirfear í féin de dhroim seoil uair éigin. Ach tá cruas sa bhean bheagfhoclach seo agus níl sí chun imeacht le cúr na habhann. Lena chois seo ar fad, tá Cyril (Manville) ann, deirfiúr dhoicheallach le Reynolds.

Is saothar é seo atá go hiomlán teann as féin agus a bhogann ar aghaidh ar a bhogstró i gcaitheamh an dá uair an chloig. B’fhéidir go bhfuil an saothar rótheann as féin, áfach agus éiríonn sé ró-mhalltriallach. Déantar cíoradh éifeachtach ar an ngaol idir an bheirt cheann feadhna; tagairtí aite á ndéanamh ag Reynolds dá mháthair, an galar dubhach a thagann air agus Alma ag úsáid na dtréimhsí goilliúnacha ina shaol lena stádas féin a bhuanú. Go deimhin tosaíonn sí ag cruthú tréimhsí goilliúnacha.

Cé gur táirge tathagach é seo níor chuaigh sé i bhfeidhm rómhór orm ach bhaineas súp, den uair dheireanach, más fíor, as taispeántas le draoi Chill Mhantáin.

Fág freagra ar 'Deireadh an lae do Daniel Day agus draoi Chill Mhantáin os cionn a bhuille'