‘I gcúinne na rudaí eile a chaitear leis an Ghaeilge’ – díomá iarcheannasaí RTÉ le tuarascáil thodhchaí na meán

Deir Cathal Goan gur “ábhar iontais” dó gur thóg sé chomh fada ar an Rialtas tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a fhoilsiú agus gur cinneadh an-diúltach a bhí ann gan glacadh leis an phríomh-mholadh atá inti

‘I gcúinne na rudaí eile a chaitear leis an Ghaeilge’ – díomá iarcheannasaí RTÉ le tuarascáil thodhchaí na meán

Tá cáineadh déanta ag iarcheannasaí RTÉ ar an gcaoi atá caite ag an Rialtas le tuarascáil nua faoi thodhchaí na meán.

Deir Cathal Goan gur “ábhar iontais” dó gur thóg sé chomh fada ar an Rialtas tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a fhoilsiú agus gur cinneadh an-diúltach a bhí ann gan glacadh leis an phríomhmholadh atá inti, is é sin go ndéanfadh an stát maoiniú díreach ar na meáin seirbhíse poiblí.

Deir Goan gur “moilleadóireacht” a bhí ar siúl acu sa Rialtas.

“Cén fáth go raibh moill bliana ar fhoilsiú an Tuarascála seo?” ar deir  sé le Tuairisc. “Céard atá ar bun ag an Rialtas? Is cosúil go bhfuil siad á chur ar an mhéar fhada. An mbaineann sé seo le hidé-eolaíocht seachas pragmatachas?” 

Maidir leis an moladh fáil réidh leis an gceadúnas teilifíse, deir Goan nár ghlac an Rialtas leis an moladh is suntasaí sa tuarascáil agus go bhfuil meon polaitiúil fíordhiúltach taobh thiar de sin. 

“Is cosúil go bhfuil dream sa Rialtas i gcoinne an choincheapa,” ar sé. 

Agus an Coimisiún ag tabhairt faoin tuarascáil, iarradh go sonrach air maoiniú RTÉ a phlé, maoiniú atá “an-leochaileach ar fad”, dar le Goan, a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ idir 2003-2011. Níl an Rialtas sásta moladh an Choimisiúin a chur i bhfeidhm, áfach, agus é ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaí leasú ó bhonn ar an gcóras atá ann faoi láthair.

Maidir le cúrsaí teanga sa tuarascáil, deir Goan gur “ábhar díomá” dó go pearsanta an chaoi a chaitear leis an nGaeilge.

Ní bhaineann ach líon beag de na moltaí sa tuarascáil le cúrsaí Gaeilge sna meáin agus cuireadh an teanga san áireamh le cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí spóirt inti. 

“Baineann na dúshláin chéanna leis na meáin Ghaeilge is a bhaineann leis na meáin Bhéarla, nó níos mó,” ar sé. “Ach is i gcúinne na rudaí eile a chaitear leis an nGaeilge.” 

Mar sin féin, deir Goan gur maith an rud an moladh a rinneadh go mbunófaí ciste nua maoinithe chun tacú le hearnáil na hiriseoireachta agus na meán. Bheadh na meáin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta in ann leas a bhaint as an gciste, idir na meáin chraolta, na meáin chlóite agus meáin eile.

“Fáiltím roimh an choincheap go mbeidh tarraingt ag na meáin go léir as Ciste an Choimisiúin,” ar sé.

Ní luaitear na meáin chlóite Ghaeilge sa tuarascáil agus deir Goan, atá ina Cathaoirleach ar Bhord Comhar nach ábhar iontais dó é sin. 

I gcomh-aighneacht a chuir Comhar agus Tuairisc faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, áitíodh gur meáin seirbhíse poiblí a bhí sna meáin scríofa Ghaeilge chomh maith céanna le Raidió na Gaeltachta agus TG4 agus gur cheart iad a mhaoiniú dá réir. 

Dúradh san aighneacht go raibh an maoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge “easnamhach amach is amach’.

Fág freagra ar '‘I gcúinne na rudaí eile a chaitear leis an Ghaeilge’ – díomá iarcheannasaí RTÉ le tuarascáil thodhchaí na meán'