Níor gheall Helen McEntee go mbeadh longa ó chabhlach na Fraince ar patról i bhfarraigí na hÉireann i mbliana. Ach ní chuirfidh filleadh na bhFrancach, 228 bliain tar éis dóibh teacht i dtír i Maigh Eo, iontas ar mhórán tar éis di labhairt le coiste cosanta an Oireachtais Déardaoin
Ní raibh comhaontú déanta, a dúirt sí le comhaltaí an choiste, ach bhí beartais éagsúla á bplé leis an bhFrainc. San áireamh: beartais a chosnódh farraigí agus spéartha na hÉireann le linn tréimhse sé mhí an rialtais mar uachtarán ar an Aontas Eorpach.
Ní haon dochar é dhá phointe a shoiléiriú ag an bpointe seo. Tagraíonn ‘farraigí na hÉireann’ dár limistéar eisiach eacnamaíochta a shíneann suas le 200 muirmhíle (370.4 ciliméadar) amach ón gcósta.
Tuigtear de ghnáth nach mbaineann an téarma sin in aon chor leis an limistéar cois cósta a shíneann amach 12 muirmhíle (22.2 ciliméadar). De ghnáth. Níl soiléiriú ar fáil fós faoin gcineál comhoibriú ar muir atá beartaithe leis an bhFrainc agus leis an Ríocht Aontaithe.
An dara pointe: cé go gcuirfidh uachtaránacht an AE go mór le clár oibre an rialtais agus an státchórais (go háirithe maidir le reachtáil cruinnithe Eorpacha abhus) níl i gceist go bunúsach ach cathaoirleacht ar chruinnithe idir mí Iúil agus Nollaig na bliana seo. Sin an méid.
Ní foláir a ndúirt Helen McEntee faoi chomhráite leis an bhFrainc a chur i gcomhthéacs an tsocraithe faoina gcaithfidh an rialtas suas le €600m ar cheannach feithiclí armúrtha agus airtléire ón Fhrainc. Ní foláir cuimhneamh freisin ar an dlús a chuirfear le comhoibriú míleata le tíortha eile de réir na Straitéise Náisiúnta Slándála Mara (ar fáil, i mBéarla amháin, anseo a sheol an t-aire ar bord an LÉ Samuel Beckett an lá sular fhreagair sí ceisteanna an choiste.
Sheachain sí ceist thábhachtach amháin a chuir an Seanadóir neamhspleách agus iarshaighdiúir Gerard Craughwell uirthi. D’fhiafraigh sé di an raibh rialacha comhraic pléite leis an bhFrainc nó le tír ar bith a n-iarrfaí uirthi cabhair chosanta a thabhairt d’Éirinn? An mbeadh cead ag longa na Fraince airm mharfacha a úsáid sa limistéar mara Éireannach? Nó sa spéir nó ar talamh – ar fhaitíos nach bhfágfaí féidearthacht nár luaigh duine ar bith eile as an áireamh?
Dúirt Helen McEntee leis nach raibh an pointe sin sroichte fós ach go bhféadfaí déileáil leis ar ball. Chuir an Seanadóir Craughwell i gcuimhne di gur i gceann ceithre mhí a thosóidh an tréimhse uachtaránachta. Ní beag an cheist a chuir sé, mar is eol do dhuine ar bith a léann Airteagal 15 den Bhunreacht.
Léirigh ceisteanna a chuir an Teachta Donnchadh Ó Laoghaire ó Shinn Féin ar an aire nach mbeidh córas frithdhróin i bhfeidhm in aerfort míleata Bhaile Dhónaill go Meán Fómhair. Meastar gur in aerfort Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil fearas frithdhróin ag na Gardaí, a bheidh formhór na n-ionadaithe eile a bheidh ag freastal ar chruinnithe abhus ag tuirlingt.
Beidh fonn ar ionadaithe áirithe áfach – ceannairí na stát is mó b’fhéidir – teacht agus imeacht trí aerfort míleata. Ní bheidh ar fáil dóibh go Meán Fómhair faraor ach aerfort míleata nach mbeidh lán-chosaint mhíleata curtha i bhfearas ann go Meán Fómhair ar a luaithe.
Tugann an ganntanas criúnna a fhágann ceithre long as ocht long sa tSeirbhís Chabhlaigh ceangailte le céibh léiriú follasach ar laige níos fadtéarmaí sna fórsaí cosanta. Tá earcaíocht bhreise beartaithe ag Helen McEntee ach ní mór an feabhas a fheicfear dá thoradh: 807 duine atá ar fhoireann an chabhlaigh faoi láthair agus tá sí ag súil go mbeidh 1,100 fostaithe faoi 2028.
Chuir Donnchadh Ó Laoghaire i gcuimhne di gur foireann chabhlaigh 1,700 duine a bhí beartaithe ceithre bliana ó shin nuair a d’fhoilsigh an rialtas tuairisc an choimisiúin ar na fórsaí cosanta.
Fáth eile, cé nár luaigh an Teachta Ó Laoghaire ná an t-aire é, gur fiú bunáiteanna nua don tseirbhís chabhlaigh a bhunú i nDún Laoghaire agus i nGaillimh/Ros a’ Mhíl chun earcaíocht áitiúil a éascú.
Tá cur síos tugtha anseo ar cheisteanna a cuireadh agus ar fhreagraí a tugadh ag cruinniú an choiste toisc go raibh ábhair phraiticiúla thábhachtacha á bplé. Tá sé ionann agus cinnte gur doimhne a dtábhacht phraiticiúil ná an chuid is mó de na ráitis a chloisfear le linn na díospóireachta ar reachtaíocht atá geallta ag an rialtas leis an nglas faoi thrí ar sheoladh na bhfórsaí cosanta thar lear a chur ar ceal.
Dála an scéil ní ar Helen McEntee atá an locht go bhfuil sí freagrach mar aire as dhá roinn rialtais agus faillí náireach rialtais déanta roimpi i gceann acu. Chinn gach Taoiseach a bhí i mbun rialtais ó toghadh Enda Kenny in 2011 gan aire sinsearach a chur i bhfeighil na Roinne Cosanta nach mbeadh freagrach as aon roinn eile.
Is léir a neamhghnáiche is atá an socrú sin má chuirtear Éire i gcomparáid le tíortha eile, ina measc an Fhrainc agus an Bhreatain. Admhaítear ar chaon taobh i dTeach Laighean nár tugadh aird mar ba chóir ar na fórsaí cosanta le fada.
An mbeadh an scéal amhlaidh dá mbeadh airí ag bord an rialtais le 15 bliain nach raibh aon chúram eile orthu taobh amuigh de mhaoiniú agus d’atheagrú na bhfórsaí cosanta?
Fág freagra ar 'Deimhníonn neamhaird ar na fórsaí cosanta go gcaithfear cabhair a lorg thar lear'