Is maith is cuimhin liom mo chéad ráig teasa.
Bhí mé i mo shuí sa charr cúpla bliain ó shin nuair a bhuail teas mé. Chuaigh sé tríom ar fad, agus mhothaigh mé m’aghaidh mar a bheadh sí trí thine ar feadh cúpla soicind. Bhí teas i mo chliabhrach agus mo chroí ag bualadh an-sciobtha.
Ar feadh soicind, ní raibh cliú agam céard a bhí ag tarlú, agus ansin thuig mé. Ráig teasa a bhí ann, a tháinig agus a d’imigh chomh sciobtha céanna.
Bhí blianta caite agam ag féachaint ar mhná eile ag dul tríd, an t-iontas, náire uaireanta, agus míchompord. Mar sin nuair a tháinig sé orm féin, níor chuir sé imní mhór orm. Thuig mé é. Comhartha a bhí ann dom féin aire níos fearr a thabhairt dom féin agus do mo shláinte.
Ó shin i leith, rinne mé iarracht níos mó aire a thabhairt dom féin. Ar feadh tamall fada níor bhuail raibh ráig teasa ar bith mé. Ach le breis agus bliain anuas, tháinig siad ar ais go mall, agus le déanaí tá siad níos láidre, go háirithe nuair a bhím faoi bhrú nó nuair a ligim don fhéin-aire sleamhnú uaim.
Anois feicim ar bhealach eile iad. Ní teip atá iontu. Níl mo cholainn ag loiceadh orm. Is teachtaireacht atá iontu.
Tá na hormóin ag athrú, gan dabht. Ach cuireann strus leis an scéal freisin. Nuair a théann an cholainn isteach i riocht ‘troid nó éalú’, tosaíonn mo chroí ag bualadh go tréan, leathnaíonn na soithí fola, agus cuirtear na faireoga allais ag obair. Ní rud neamhghnách é an teas, freagra nádúrtha an choirp atá ann de bharr an bhrú atá air.
Nuair a mhothaím an teas ag teacht, go háirithe i lár na hoíche agus mé ag dúiseacht leis, stopaim. Ní throidim in aghaidh na ráige. Éistim.
Déanaim seiceáil bheag liom féin agus cuirim na ceisteanna seo orm féin:
Ar ól mé go leor uisce?
Ar ith mé i gceart?
An bhfuil an iomarca á iompar agam?
Is iad na rudaí beaga a dhéanann an difríocht, uisce a ól chun teocht na colainne a choinneáil seasmhach, bia a ithe go rialta chun an siúcra fola a chothromú, agus moilliú síos beagán.
Nuair a bhíonn muid ag análú go héadrom, fanann an córas struis beo beathach, agus is measa na ráigeanna dá bharr. Ach nuair a théann muid níos doimhne leis an anáil, cuirtear an córas suaimhneach ag obair. Moillíonn an croí. Scaoiltear na matáin. Maolaíonn cumhacht an teasa.
Nuair a thagann tonn teasa, cuirim lámh ar mo bholg agus lámh ar mo chliabhrach agus tógaim anáil mhall dhomhain isteach trí mo shrón, agus scaoilim amach í go réidh.
Is leor cúpla nóiméad chun an córas néaróg a mhaolú agus an teas a laghdú.
Is meabhrúcháin atá iontu leis na rudaí seo a dhéanamh:
Uisce a ól,
Bia maith a ithe,
Luas a mhaolú
Éisteacht leis an gcorp
Ní deireadh é an meanapás, ach tús nua agus am tábhachtach le haire mhaith a thabhairt duit féin agus aithne níos fearr a chur ort féin. Bí cineálta agus tuisceanach leat féin le linn na tréimhse seo.
– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com
Fág freagra ar 'Buailte ag ráigeanna teasa? Seo faoiseamh duit'