Curtha ag crith ag ‘Leabhar na gCnámh’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Fadó fadó, thagadh pian i mbolg ár gcolúnaí ach cuimhneamh ar leabhar bitheolaíochta a bhí ar sheilf a mháthar …

Curtha ag crith ag ‘Leabhar na gCnámh’

Trí seachtaine sula mbogfaidh an t-úinéir nua isteach níl teach mo mhuintire folamh fós, agus ceann de na cúiseanna atá leis sin ná an t-ualach leabhar atá fós ar na seilfeanna.

Chuir leabhairín fíorthanaí – ach fíorscanrúil – moill uair an chloig breise orm an lá cheana: téacsleabhar bitheolaíochta a cuireadh i gcló sa bhliain 1961, nuair a bhí mo mháthair 16 bliana d’aois agus ag freastal ar mheánscoil i dtuaisceart na hOllainne. 

De Mens an teideal atá air, An Duine – ach is éard a thugadh mise agus mo dheartháir óg air, fadó, ná ‘Leabhar na gCnámh’.

Is é an chaoi go bhfuil an leabhar céanna lán go béal le léaráidí pinn fíor-réadúla de chnámha, de bhlaoscanna agus d’orgáin. Chuireadh an leabhar sin critheagla orm ach ag an am céanna bhí mé meallta aige, mar a bheadh scannán uafáis ann. Ní hionann agus na leabhair eile sa teach, ní thógainn ‘Leabhar na gCnámh’ den tseilf mé féin. D’iarrainn ar mo mham é a léamh liom. Agus mé i mo shuí go te teolaí ina hucht, a lámha timpeall orm agus í ag tiontú na leathanach, ní raibh cuma baileach chomh scanrúil céanna ar na léaráidí. Bhuel, bhí – ach bhí mise sábháilte, chomh gar dá broinn, don bheatha, agus a d’fhéadfainn a bheith.

Ní dócha gur thuig mé ag an am – caithfidh sé go raibh mé ceithre nó cúig bliana d’aois – go raibh a leithéid ann agus an bás. Mindfuck sách mór a bhí ann go raibh ‘taobh istigh’ ag an duine: croí, ae, putóga, féitheoga – rudaí gránna liobarnacha agus ainmneacha casta scanrúla orthu.

D’iarrainn ar mo mháthair an leabhar sin a léamh liom ach d’iarrainn uirthi deifir a dhéanamh chomh maith. Chuireadh na léaráidí oiread faitís orm go mbíodh pian i mo ghoile uaireanta ach cuimhneamh ar an leabhar, ach mar sin féin bhí tréimhse ann go raibh mé go hiomlán gafa leis. Ag iarraidh dul i dtaithí i ngan fhios dom féin, sin é a déarfainn anois, ar choincheap an bháis.

Nach mór leathchéad bliain níos déanaí agus mo bheirt tuismitheoirí ar shlí na fírinne agus cnámh nó dhó briste agam féin idir an dá linn, tá cuma shoineanta go leor ar an leabhar sin a chuireadh critheagla orm agus mé i mo ghasúr.

Cuma chaite, leis. D’úsáid mo mháthair téip ghreamaitheach chun an droim a dheisiú (caithfidh sé gur léigh muid go han-mhinic é) ach tá an téip sin triomaithe amach agus stróicthe agus tá ‘Leabhar na gCnámh’ é féin anois ina chnámharlach, carn leathanach buí ar tí titim as a chéile.

Ach d’aimsigh mé rolla de chlúdach plaisteach greamaitheach a d’fhág mo mháthair ina diaidh i dtarraiceán éigin, agus ós rud é nach bhfuil an t-am istigh fós, tógfaidh mé cúpla nóiméad chun ‘Leabhar na gCnámh’ a dheisiú uair amháin eile.

Fág freagra ar 'Curtha ag crith ag ‘Leabhar na gCnámh’'