In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn.
Ritheadh rún stairiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite a thug cuspóir nua don eagraíocht teanga atá os cionn 130 bliain ar an bhfód – ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’.
An é an cinneadh ceart é? Tá plé bríomhar againn faoin gceist sin agus faoi na himpleachtaí a bhaineann leis don eagraíocht ársa teanga agus do chur chun cinn na Gaeilge.
Máirín Hurndall
Tubáisteach atá an cinneadh seo. In aon tir agus in aon ghluaiseacht teanga bionn daoine de thuairimí polaitiúil éagsúla. Ach bhí i gcónaí fáilte roimh achan duine sna gluaiseachtaí teangan. Is tábhachtaí féin an cur chuige sin i dTuaisceart Éireann. Rinne muid dul chun cinn iontach le déanaí i dtaca leis na céadta daoine ag teacht chuig an teanga, go háirithe an pobal aontachtach, protastúnach, dílseach. Ach anois, cuirfidh seo ó dhoras iad. Agus tá sin domhaithe. Tugann sé creidiúntacht do dhearcadh Jamie Bryson gur fronta gluaiseacht teangan d’fhorghabháil a dhéanamh ar an phobal PAD.