Deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 646 cás nua fógartha

Ní raibh ach bás amháin eile le fógairt ag an Roinn Sláinte sa Tuaisceart inniu

Deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 646 cás nua fógartha

Tá deichniúr eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

Bhain ceithre cinn de na básanna de dheasca Covid-19 a fógraíodh inniu le mí an Mhárta, bhain ceann acu le mí Feabhra agus bhain ceann eile le mí Eanáir. Tá bás ceathrair fós á bhfiosrú.

646 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. 344 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 87 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 16 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Máirt seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 396,089 duine agus an dara dáileog faighte ag 157,072 duine.

Bhain 45 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 35 cás bhí i nGaillimh agus 20 cás a bhí i gCorcaigh.

19 cás a bhain le Dún na nGall, 14 cás a bhí i Maigh Eo, seacht gcás a bhí i bPort Láirge agus seacht gcinn a bhí i gCiarraí.

Meánráta 159 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Is é contae na Mí an t-aon chontae Gaeltachta ina bhfuil an ráta (209) níos airde ná an meánráta náisiúnta i láthair na huaire. 

Ráta 141 atá i nDún na nGall, 135 atá i Maigh Eo agus agus 123 atá i nGaillimh. Ráta 96 atá i bPort Láirge, 65 atá i gCiarraí agus 56 atá i gCorcaigh, an tríú ráta is ísle sa tír.

Tráth é seo a bhfuil an tír ‘leochaileach’ agus ní hé seo an t-am againn a bheith réchúiseach ná an t-am ceart le srianta sláinte phoiblí a scaoileadh, a dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET.  

Dúirt an tOllamh Nolan go bhfuil dul chun cinn iontach déanta ach go bhfuil a lán cásanna den Covid-19 againn fós agus an víreas ag fanacht lena sheans leis an dul chun cinn sin a scrios.  

Dúirt sé go raibh ardú beag ar an meánlíon cásanna seacht lá le cúpla lá anuas. Údar imní é sin má bhíonn níos mó daoine ag dul ó áit go háit. 

Agus é ag caint ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Nolan go bhféadfadh aon mhaolú ar na srianta sláinte phoiblí an dea-obair ar fad atá déanta a “chur ó mhaith”. 

“Ní haon am é seo le teaghlaigh ó thithe éagsúla a bheith ag meascadh le chéile ná ní am é le filleadh ar an ionad oibre mura bhfuil sé fíor-riachtanach.” 

Dúirt sé go raibh 52 seachtain curtha dínn againn agus an víreas linn ach go mbeadh bail níos fearr ar Éirinn i gceann 10 seachtaine má choinníonn muid leis an iarracht.  

“Níl ann dáiríre ach seachtainí go mbeimid ábalta níos mó rudaí a dhéanamh toisc vacsaíní a bheith faighte ag daoine,” a dúirt sé.  

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh ag éirí go maith le hathoscailt na scoileanna ach go bhfuil sé luath fós. Dúirt sé nach bhfuil “an athoscailt ag déanamh cúrsaí na paindéime níos measa”  mar gur beag cás atá deimhnithe sna scoileanna. 

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 básaithe.

Deimhníodh 208 cás nua den ghalar. 183 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 23 díobhsan in aonaid dianchúraim.

6,615 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,097 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,518 duine ó dheas di.

340,427 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 225,820 cás ó dheas den teorainn agus 114,607 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 646 cás nua fógartha'