‘Déantar forbairt ar ché Inis Meáin nó beifear ag íoc as aistriú na ndaoine nuair a bheidh an t-oileán ag fáil bháis’

Bhí díospóireacht sa Dáil faoi fhorbairt Ché an Chalaidh Mhóir, agus maíodh gur fágtha i ‘never-neverland’ a bhí an plean

‘Déantar forbairt ar ché Inis Meáin nó beifear ag íoc as aistriú na ndaoine nuair a bheidh an t-oileán ag fáil bháis’

Mura ndéantar forbairt anois ar Ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin íocfar bille níos mó amach anseo nuair a bheidh “daoine á n-aistriú go dtí an mhórthír as oileán a bheidh ag fáil bháis”.

Dúradh an méid sin sa Dáil le linn díospóireachta faoi cathain a chríochnófar an fhorbairt atá geallta don ché ar an oileán Gaeltachta.

Dúradh chomh maith go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh an ché fágtha i “never-neverland”.

Tugadh le fios gur thart ar €14 milliún atá caite ar fhorbairt na cé go dtí seo agus go gcosnóidh an chéad chéim eile, céim a trí, thart ar €16.5 milliún.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a cheistigh an tAire Heather Humphreys, atá freagrach as na hoileáin, faoi chás na cé. 

Chuir Catherine Connolly agus Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, brú ar an aire a rá cén uair a thosófaí an tríú céim den fhorbairt.

“Baineann mo cheist leis an struchtúr bunúsach. Baineann sé le stádas forbartha ché an Chalaidh Mhóir. Cá bhfuil sé? Cad é an costas iomlán agus cén uair a fheicfimid an togra seo críochnaithe?” a d’fhiafraigh Catherine Connolly den aire.

Dúirt an tAire Heather Humphreys go raibh Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann, an NCMI, ag obair ar ionsamhlú den ché nua. Dhéanfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe cás gnó bunaithe ar an tsamhail sin nuair a bheadh sí déanta ag an NCMI, a dúirt sí. 

Dúirt sí go mbeadh tuiscint níos fearr le fáil ó obair an NCMI ar na sruthanna sa chuan agus ar conas a d’fhreastalódh an ché nua ar na soithigh éagsúla a bheadh ag baint úsáid aisti. 

Chaithfí chomh maith tuilleadh taighde mara a dhéanamh sa chuan mar chuid den obair ionsamhlaithe, a dúirt Humphreys.

Nuair a bheidh an t-ionsamhlú tugtha ar láimh ag an NMCI don Chomhairle Contae cuirfidh siad tús lena gcás gnó a ullmhú, ar sí.

Ina dhiaidh sin a leagfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Oileáin amach na chéad chéimeanna eile den fhorbairt ag brath ar an maoiniú a bheidh ar fáil an uair sin“. 

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur in 2008 a críochnaíodh céim a dó den fhorbairt. 

“2022 atá anois ann agus ní féidir glacadh leis go bhfuil céim a trí fós in ’never-neverland‘,” arsa Catherine Connolly.

Bhí cruinniú beartaithe Dé hAoine seo caite idir oifigigh na roinne, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus toscaireacht as Inis Meáin. 

Dúirt Catherine Connolly go raibh sé riachtanach go gcríochnófaí an fhorbairt ionas go bhféadfadh lastlonga teacht le cé ar an oileáin go sábháilte agus freastal ar an monarcha agus na gnóthaí ar Inis Meáin a bhíonn ag iompórtáil agus ag easpórtáil. 

Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, go raibh an baol ann go rabhthas “bailithe thar fóir” leis an gcás gnó don fhorbairt.

“Go bunúsach níl ach bealach amháin chun é seo a dhéanamh i gceart ó thaobh cúrsaí mara de. Is cuma cén costas, caithfear é a dhéanamh. Mar mura ndéantar é cosnóidh sé i bhfad níos mó airgid na daoine á aistriú ó oileán a bheidh ag fáil bháis,” arsa Ó Cuív. 

Dúirt an tAire Heather Humphreys gur scéal “casta” scéal fhorbairt na cé ar Inis Meáin, go háirithe mar gheall ar na sruthanna atá i mbéal an chalaidh. 

“Rinneamar iarracht é seo a dhéanamh roinnt mhaith blianta ó shin agus níor éirigh linn é a fháil i gceart. Dá bharr sin tá sé tábhachtach go ndéanfaí an obair ullmhúcháin go léir ionas go ndéanfar i gceart é. 

“Tá sé luath sa phróiseas forbartha seo agus tá clár ama leasaithe fós le haontú le Comhairle Chontae na Gaillimhe.”

Fág freagra ar '‘Déantar forbairt ar ché Inis Meáin nó beifear ag íoc as aistriú na ndaoine nuair a bheidh an t-oileán ag fáil bháis’'

  • Seán ÓM

    Coinnigh ort leis an obair iontach a Cháit!!

    Rud amháin áfach:

    Tír na Deo, scríofa ag J. M. Barrie agus Máiréad Ní Ghráda a d’astaigh.

    Ar fáil sa SiopaLeabhar (punc com) agus siopaí maithe eile.

    >>”Agus mhúin sé dúinn conas eitilt agus d’imíomar leis go Tír na Deo mar a raibh na Foghlaithe Mara agus na Sióga agus na Fir Dhearga agus na Murúcha agus an Teach faoi Thalamh.” Seo eagrán nua de “Tír na Deo”, aistriúchán a rinne Máiréad Ní Ghráda ar ghearrinsint ar “Peter Pan and Wendy”, an scéal iomráiteach do pháistí a cheap an scríbhneoir Albanach J. M. Barrie (1860-1937). Foilsíodh “Tír na Deo” den chéad uair in 1938. <<