Gaël Faye
Leagan Gaeilge le Antain Mac Lochlainn
Foilsithe ag Barzaz
Ba é Tír Bheag an chéad úrscéal de chuid an scríbhneora, Gaël Faye, agus bronnadh duaiseanna liteartha go leor air as a shaothar. Ach b’fhéidir gurb é an moladh ab fhearr a fuair an leabhar gur díoladh os cionn 700,000 cóip de nuair a foilsíodh sa Fhraincis é mar Petit Pays sa bhliain 2016.
Ní beag an tsuim í sin agus is maith an cur i gcuimhne é go bhfuil agus go mbíonn scríbhneoirí i dteangacha eile diomaite den Bhéarla in ann lucht léitheoireachta a aimsiú. Níorbh fhada go dtáinig lucht an aistriúcháin sa tóir ar an tsaothar agus chuaigh i mbun oibre leis an scéal a aistriú. De réir ár gcairde in Wikipedia, tiontaíodh an leabhar Fraincise go 36 teanga eile agus seo anois leagan Gaeilge agus é sin aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, scríbhneoir nach strainséir é in earnáil an aistriúcháin faoin am seo.
Gasúr óg, Gaby, atá ina reacaire sa scéal seo, scéal atá suite sa Bhurúin sa bhliain 1993, áit a bhfuil cónaí air lena athair, fear de bhunadh na Fraince, agus a mháthair, bean de bhunadh na Burúine. Baineann Gaby, de shliocht a mháthar, leis na Tútsaithe, an mionlach i Ruanda agus an tír as ar theith a mháthair agus tír ina bhfuil cónaí ar a cuid daoine muinteartha go fóill.
Idir trí thír atá Gaby ar dhóigh, sáinnithe i stair choilíneach na Fraince agus stair fhuilteach na Burúine agus Ruanda. Bíodh sin mar atá, is gasúr óg é agus is mó a spéis i litreacha a scríobh chuig a chara pinn sa Fhrainc agus litreacha a fháil uaithi.
Éiríonn le Faye soineantacht na hóige sin a thabhairt chun solais gan mórán stró. Tá Gaby ar nós gasúr a thuigeann, ina chroí istigh, go bhfuil rud inteacht as riocht ina shaol ach níl sé aosta go leor le gur féidir leis focla a cheangal anuas ar mhothú ceoch sin a chroí. Déanann a athair a dhícheall scéal an réigiúin agus an t-aighneas idir Hútúigh agus Tutsaithe a mhíniú dó ach tá Gaby fuar sa ghnó ar fad: “Níor thuig mé focal den scéal seo.”
Is é an saol laethúil a chaitheann Gaby atá faoi chaibidil sa chuid is mó den leabhar. Tá a fhios againn, mar léitheoirí, cad é an chríoch a bhí ar an chaidreamh seo idir Hútúch agus Tútsaí sa deireadh. Tá a fhios againn go mbeidh doirteadh fola den chuid is brúidiúla ann ach níl a fhios againn cad é an ceangal a bheidh ag Gaby leis sin.
Bíonn Gaby ag súgradh agus ag pleidhcíocht lena chairde agus is beag a aird ar rud ar bith eile. Caitheann sé a chuid ama le clann agus cairde agus is é scaradh a thuismitheoirí an gníomh is mó a théann i bhfeidhm air, an chéad leid go bhfuil rud ag titim as a chéile. Bíodh is go ndéanann Faye cinnte de go maireann Gaby faoi scáil an uafáis, ní ar an uafás a dhíríonn an chuid is mó den leabhar ach ar shaol laethúil leadránach leamh an duine óig atá ar scoil go fóill agus nach dtuigeann an tsochaí, ná an stair: “Tá an chontúirt ann i gcónaí. I ngach áit.”
Scéal stuama atá ann, spadánta, beagnach, ar feadh i bhfad. Is ag deireadh an leabhair a thig an t-uafás nuair a thosaíonn an móráireamh Hútúch ag marú an mhionlaigh, na Tútsaithe, i Ruanda agus, de réir a chéile, briseann an foréigean sin ar chladach na Burúine féin – agus tionchar marfach fola, dá réir sin, ar Gaby.
Scéal scáfar atá ann sa deireadh agus scéal a thugann léargas ar an dóigh a slogann an t-olc croí an duine siar ina sceadamán gránna: “Ó dúnmharaíodh athair Armand, ní raibh rogha ar bith fágtha agam. Bhí an ceart ag Gino agus Francis nuair a cháin siad mé, mise ag ligean orm féin nár bhain na fadhbanna seo liomsa … Chaolaigh an bás isteach inár gcuid sráideanna féin, go slítheánta sleamhain. Ní raibh aon áit shábháilte ar chlár na cruinne níos mó.”
Níl Fraincis ar bith ag an léirmheastóir seo, ach is féidir liom a rá nach fada go ndéanann an léitheoir dearmad de gur aistriúchán atá á léamh aige. Éiríonn le Mac Lochlainn scéal cruinn dea-scríofa Gaeilge a chur i do láthair.
Mar fhocal scoir, agus, gan amhras, seanscéal agus meirg air faoin am seo agam, moltar an leabhar féin, an rud fisiciúil atá curtha i gcló ag Barzaz, comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Clúdach éifeachtach ealaíonta, cló-aghaidh sholéite agus leabhar breá eile a rachaidh ar an tseilf ar ball, nod don eolach, amach anseo, go raibh daoine le Gaeilge beo an t-am sin thiar – idir foilsitheoirí, aistritheoirí agus léitheoirí – agus gur chuir siad spéis sa tsaol mhór, idir iontach agus gránna.
Fág freagra ar 'Déanfaidh tú dearmad gur aistriúchán atá i leagan nua Gaeilge d’úrscéal sárdhíola ón bhFrainc'