Deacrachtaí go leor ag an bhFrainc agus an Bheilg roimh an gcluiche tábhachtach eatarthu

Casfaidh an Phortaingéil agus an tSlóivéin ar a chéile sa dara cluiche inniu i mBabhta an 16

Deacrachtaí go leor ag an bhFrainc agus an Bheilg roimh an gcluiche tábhachtach eatarthu

Antoine Griezmann. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Cé nach gceapfá é ó bheith ag léamh meáin Shasana, ní hí foireann Gareth Southgate an t-aon cheann atá ag streachailt ag EURO 2024 agus péire eile de na foirne nach bhfuil barr a maitheasa bainte amach fós acu, an Fhrainc agus an Bheilg, le haghaidh a thabhairt ar a chéile tráthnóna.

Tá teannas ann idir foireann agus lucht tacaíochta na Beilge i láthair na huaire tar éis do chaptaen na foirne, Kevin de Bruyne, treoir a thabhairt d’imreoirí gan aitheantas a thabhairt don slua i ndiaidh a gcluiche deireanach sa ghrúpa i gcoinne na hÚcráine an tseachtain seo caite. D’fhág an comhscór sa chluiche gur bhain an Bheilg áit amach sna babhtaí díbeartha ach ní raibh lucht tacaíochta na Beilge i Stuttgart róthógtha le taispeántas na foirne agus iad ag feadaíl le míshástacht nuair a thosaigh na himreoirí ag dul ina dtreo.

Thuigfeá cén fáth nach raibh siadsan a d’íoc airgead chun freastal ar an gcluiche sásta agus gan iarracht ar bith i ndáiríre déanta ag an mBeilg an cluiche a bhuachan agus fios acu go ndéanfadh comhscór cúis chun teacht slán ón ngrúpa.

Cé gur chaill na Beilgigh i gcoinne na Slóivéine sa chéad chluiche, ba é an ceann i gcoinne na hÚcráine an taispeántas ba laige a thugadar sa Ghearmáin go dtí seo agus ní rud maith é sin agus iad anois ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar an bhFrainc.

Ar an dea-uair do Domenico Tedesco, níl ag éirí rómhaith leis na Francaigh i láthair na huaire ach an oiread. D’fhág an comhscór a bhí idir foireann Didier Deschamps agus an Pholainn, a bhí ag dul abhaile pé toradh a bheadh ann, nár chríochnaigh an Fhrainc ach sa dara háit i nGrúpa B agus iad anois ar an taobh ba dheacra den tarraingt.

Níl ach dhá chúl aimsithe ag an bhFrainc go dtí seo, cúl tuathail i gcoinne na hOstaire agus cic éirice i gcoinne na Polainne agus cé go bhfuil an oiread sin tallann sa scuad, níor éirigh leo barr a gcumais a bhaint amach go fóill.

Níl lucht tacaíochta na Fraince iompaithe i gcoinne na foirne go dtí seo, áfach, mar ní hé seo an chéad uair ag foireann Deschamps tús mall a dhéanamh le comórtas agus go hiondúil feabhsaíonn an Fhrainc de réir mar a théann rudaí ar aghaidh. Beifear ag súil go gcuirfear tús leis an dul chun cinn sin inniu i gcoinne na Beilge.

Cristiano Ronaldo. Pic:INPHO/Ryan Byrne

Beidh Roberto Martínez ag súil nach raibh sa chluiche a chaill siad 2-0 i gcoinne na Seoirsia Dé Céadaoin seo caite ach cor beag agus, déanta na fírinne, seans gurbh amhlaidh a bhí. Bhí athruithe go leor déanta ag Martínez ar an bhfoireann agus ba iad taispeántais chúl báire na Seoirsia Giorgi Mamardashvil, a bhí ar fheabhas ar fad sa chluiche, agus cosantóir na Portaingéile Antonio Silva, a bhí go hainnis, is mó a raibh tionchar acu ar an toradh.

Ní bheidh Silva ag imirt i gcoinne na Slóivéine anocht – tharlódh nach bhfeicfí arís é sa chomórtas – agus tiocfaidh leithéidí Bernardo Silva, Bruno Fernandes agus Rúben Dias isteach arís chun an fhoireann a neartú.

Léirigh na Slóivéanaigh i gcoinne Shasana go bhfuil siad in ann suí siar agus a gcúl féin a chosaint agus suimiúil go leor, bhuaigh an tSlóivéin 2-0 ar an bPortaingéil i gcluiche dúshláin mí an Mhárta seo caite ach bhí roinnt mhaith athruithe déanta ag Martínez an oíche sin freisin agus is iad na Portaingéalaigh rogha na coitiantachta chun an ceann seo a bhaint.

Fág freagra ar 'Deacrachtaí go leor ag an bhFrainc agus an Bheilg roimh an gcluiche tábhachtach eatarthu'