Cluiche idir Éirinn agus Iosrael le himirt i mBaile Átha Cliath sa bhfómhar

Tá sé deimhnithe ag an FAI t gur i mBaile Átha Cliath a imreofar cluiche baile na hÉireann i gcoinne Iosrael i Sraith na Náisiún

Cluiche idir Éirinn agus Iosrael le himirt i mBaile Átha Cliath sa bhfómhar

Is i mBaile Átha Cliath a imreofar an cluiche conspóideach idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún mí Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Bhí caint ann go n-imreofaí an cluiche thar sáile mar gheall ar an mbuairt a bhí ann faoi chúrsaí slándála ach d’fhógair Cumann Sacair na hÉireann (FAI) tráthnóna go bhfuil an cluiche le himirt i Staid Aviva ar an 4 Deireadh Fómhair.

Tuairiscítear gur dheimhnigh Uachtarán an FAI, Paul Cooke, an cinneadh i litir a scríobhadh chuig comhthionól ginearálta an chumainn inniu.

“Tuigimid go mbeidh an cinneadh seo crua ar go leor dár mbaill agus lucht tacaíochta. Níor tógadh é [an cinneadh] gan machnamh maith a dhéanamh air,” a dúirt Cooke.

“Tá sé i gceist againn leas a bhaint as an gcluiche baile mar dheis tacaíocht fhollasach a chur ar fáil d’iarrachtaí cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do shibhialtaigh atá buailte ag an gcoimhlint. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil níos gaire don chluiche.”

Tá dhá chluiche le himirt idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche, cluiche baile d’Iosrael, ar an 27 Meán Fómhair. Níl ionad don chluiche sin fógartha go fóill ach is san Ungáir atá cluichí baile Iosrael á n-imirt faoi láthair de bharr an chogaidh.

Athraíodh cluiche idir an Bheilg agus Iosrael go Debrecen in 2024 mar gheall ar imní faoi chúrsaí slándála dá n-imreofaí an cluiche sa mBeilg.

Tá conspóid ann ó tarraingíodh Éire agus Iosrael le chéile i nGrúpa B3 den chomórtas. Tá éilimh déanta nach n-imreodh Éire na cluichí mar agóid i gcoinne an chogaidh in Gaza ach tá diúltaithe ag an FAI do na héilimh sin. Tá sé ráite ag an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Spóirt freisin gur cheart na cluichí a imirt.

I mí na Samhna seo caite vótáil comhaltaí ag comhthionól ginearálta an FAI ar son rún a chur faoi bhráid UEFA chun cosc a chur ar Iosrael páirt a ghlacadh ina gcomórtais club agus idirnáisiúnta mar gheall ar an gcogadh in aghaidh mhuintir na Palaistíne in Gaza.

De réir an rúin, sháraigh Cumann Sacair Iosrael dhá riail de chuid UEFA toisc go ndearna siad clubanna a riaradh i gcríocha gafa na Palaistíne gan cead FA na Palaistíne agus toisc, a dúradh, nach raibh polasaí frithchiníochais éifeachtach acu.

Dúirt an FAI roimhe seo dá ndiúltófaí na cluichí a imirt go mbronnfaí an bua ar an bhfoireann eile [Iosrael] agus go bhféadfadh go gcaithfí Éire amach as an gcomórtas.

Ba in 2006 a d’imir Éire in aghaidh Iosrael go deireanach sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain. Dhá chluiche comhscóir a bhí ann, 1-1 and 2-2.

Fág freagra ar 'Cluiche idir Éirinn agus Iosrael le himirt i mBaile Átha Cliath sa bhfómhar'

  • WTF

    NÍ IMREOFAR AN CLUICHE SIN ÉIRINN!!!

  • Seán Ó Riain

    Ba cheart do Ghaeil bheith ag foghlaim ó athbheochan na hEabhraise, an t-aon athbheochan teanga gur éirigh go hiomlán leis. Léigh an sár-leabhar leis an Dr Muiris Ó Laoire, « Athbheochan na hEabhraise – ceacht don Ghaeilge? »!