Deacrachtaí airgid ag cur isteach ar chlúdach toghcháin Nuacht TG4

Tá deacrachtaí airgid faoi láthair ag Nuacht RTÉ/TG4 atá ag cur isteach ar an gclúdach a dhéanfar ar olltoghchán 2016 agus ar imeachtaí móra eile atá le tarlú i mbliana

Film Camera Movie

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil deacrachtaí airgid faoi láthair ag Nuacht RTÉ/TG4 atá ag cur isteach ar an gclúdach a dhéanfar ar Olltoghchán 2016 agus ar imeachtaí móra eile atá le tarlú i mbliana.

Bhí cruinniú an tseachtain seo ag lucht bainistíochta agus baill foirne na seirbhíse nuachta ag a ndearnadh cur síos don fhoireann ar na himpleachtaí a bhaineann leis na deacrachtaí airgid seo.

Ní chuirfear, mar shampla, iriseoir ar an mbóthar leis an Taoiseach agus ceannairí na bpáirtithe móra eile le linn an fheachtais toghcháin i mbliana. San am a caitheadh ba chuid lárnach de chlúdach toghcháin na seirbhíse na tuairiscí seo ón mbóthar.

Cé nach mbeidh iriseoirí ar leith in éineacht leis na ceannairí gach lá d’fheachtas olltoghchán 2016, déanfaidh iriseoirí sna réigiúin clúdach ar na feachtais éagsúla. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil baill foirne Nuacht RTÉ/TG4 thar a bheith míshásta leis na socruithe seo agus gur údar míshásaimh dóibh freisin an scéala nach mbeidh aon iriseoirí ag dul thar lear i mbliana do Lá Fhéile Pádraig mar a tharla blianta eile.

Anuas air sin, cuireadh in iúl d’fhoireann na seirbhíse ag cruinniú na seachtaine seo go raibh amhras ann faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh iriseoirí ón tseirbhís i láthair i mbliana ag mór-ócáidí spóirt ar nós na gCluichí Oilimpeacha agus Euro 2016. Ba nós le fada ag an tseirbhís go mbeadh iriseoir dá gcuid féin i láthair ag na mór-ócáidí sin.

Baineann na deacrachtaí buiséid atá ag an tseirbhís nuachta faoi láthair le heaspa acmhainní le híoc as costais taistil agus cothabhála na n-iriseoirí.

Nuair a cuireadh ceist ar an mbainistíocht ag an gcruinniú an raibh ciorruithe le déanamh freisin ar an gclár Féilte de thoradh na ndeacrachtaí airgid, tugadh le fios don fhoireann nach raibh aon ghearradh siar le déanamh ar an gclár siamsaíochta a chuireann Nuacht RTÉ/TG4 ar fáil mar chuid dá seirbhís.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh baill foirne áirithe spréachta ar chloisteáil dóibh nach gcuirfeadh na deacrachtaí airgid as do Féilte fad is a bhí creimeadh, dar leo, á dhéanamh ar an bpríomhsheirbhís nuachta.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht inné ar urlabhraí ó lucht bainistíochta Nuacht RTÉ/TG4.

Fág freagra ar 'Deacrachtaí airgid ag cur isteach ar chlúdach toghcháin Nuacht TG4'

  • Feardorcha

    Deacrachtaí airgid?
    Gearradh siar ar chostaisí taistil. Ní deacracht é sin ach cinneadh bainistíochta.

    Leis an fhírinne a rá, téann na meáin Ghaeilge thar fóir leis an gclúdach ar na toghcháin pé scéal. Cloisim an-chuid moladh á fháil ag TG4 agus RnaG as an gclúdach polaitíochta sin (ó na gnáthchloigne cainte atá sáite sna cluichí seo iad féin) ach gach euro a chaitear ar thuairisc gan tábhacht ó ionad vótála suarach éigin i lár tíre is ea euro nach gcaitear ar chláracha le dealramh ar na stáisiúin chéanna.