Deacair d’aon bhean in Éirinn a bheith dóchasach go mbeidh saol ar a toil aici

Beag seans go mbeadh súil agat fios a bhéasa a bheith ag saighdiúir singil ar thaobh na sráide nuair nach bhfuil iompar phlúr na bhfear scolártha puinn níos fearr

Deacair d’aon bhean in Éirinn a bheith dóchasach go mbeidh saol ar a toil aici

Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Is dócha go gceart dúinne, mná na hÉireann, a bheith buíoch ‘fíor-thaithí’ na mban ar an saol a bheith i mbéal an phobail níos mó ná riamh le laethanta beaga seo anuas. 

Ar chláracha raidió agus teilifíse, ar cheannlínte nuachta, ar phríomhleathanaigh na bpáipéar laethúla, bíonn iriseoirí, fir ina measc, ag léiriú a dtuiscint ar an uafás. 

Polaiteoirí ag baint na sála dá cheile ag labhairt amach agus ag geallúint seo agus siúd, a’ rá gur mór an náire go dtarlódh a leithéid agus go ndéanfaí deimhin de ná tarlóidh sé seo go deo arís.  

Leaideanna óga ag tabhairt na gcosa leo, le caoinchead na gcúirteanna dlí, cheapfá. Cosaint á tabhairt do chearta fostaíochta bligeard breá a bhuail na putóga as ógbhean chróga a labhair amach ar son dream eile fós a chuirtear faoi chois, an pobal homaighnéasach.  

Bean a chaith éirí as a bheith ag obair mar gheall ar an íde a tugadh di agus an tráma a ngabh sí tríd. Caith cúpla euro ina treo mar chúiteamh agus imíodh sí as ár radharc. Bíodh sí ag teacht chuici fhéin ina cuid ama fhéin. 

Sin í an teachtaireacht a fuair an bhean mhisniúil a labhair amach.  

É tagtha chun solais go bhfuil nach mór seachtó comhalta cúisithe i gcoireanna éagsúla fós ar rolla pá ár bhfórsaí cosanta. Cé atá á chosaint acu? an cheist a d’fhéadfá a chur. 

Duine eile acu fós cúisithe in ionsaí ar a pháirtí baineann. Thug sé drochghortú di, dhein díobháil doleigheasta dá súil. Tá sé ar rolla pá an airm i gcónaí.  

Ladhar mhaith ball reatha den nGarda Síochána agus cúiseanna foréigean baile curtha ina leith. 

An Coimisinéir Drew Harris ag rá go raibh tuairisc ar an ábhar á hullmhú aige don Aire Dlí is Cirt Helen McEntee.  

Mair a chapaill… 

Ni chuireann aon cheann de na scéalta uafáis seo sna meáin iontas ar aon bhean sa lá atá inniu ann.  

Ach an scéal a chuireann sméar mhullaigh orthu don iriseoir seo ná an ceann atá tagtha amach ó dhomhan sofaisticiúil scolártha an tSeoighigh. 

Bailíonn na ‘maithe is na móruaisle’ seo le chéile go rialta in áiteanna galánta ar fud na hEorpa, leithéidí Zurich, Trieste agus Bleá Cliath, gan dabht, ag ceiliúradh shaothar an scríbhneora James Joyce. Ag siompóisiam idirnáisiúnta i nGlaschú an tseachtain seo caite, deineadh gearán go raibh údar iomráiteach sa léann ‘Seoigheach’, Fritz Senn, ag déanamh ciapadh gnéasach ar scoláire óg baineann.  

An rud is annamh is iontach, thug lucht riartha an tsiompóisiam bata is bóthar dó amach as an áit.  

Go hard os cionn nócha bliain d’aois atá an scoláire ‘sofaisticiúil’ seo.  

Fear a fuair aitheantas speisialta ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn anuraidh as a chuid oibre ar son na nÉireannach thar lear. 

Tá sé tagtha chun solais chomh maith go bhfuil droch-chlú amach is amach ar chuid mhaith de lucht scolártha an tSeoighigh. Toisc saothar Joyce a bheith beagáinín tíriúil, gnéasach gan trácht ar a bheith Boihéamach, meastar go meallann a leithéid cuid mhaith sleamhnánaithe bréana.  

Dhearbhaigh léachtóirí sinsearacha go mbíonn orthu comhairle a chur ar mhná óga a fhreastalaíonn ar imeachtaí ‘sofaisticiúla’ dá shórt, conas iad féin a chosaint ar dhrochiompar scoláirí sinsearacha ‘mór le rá’. 

Cúpla bliain ó shin, ag éirí as an ngluaiseacht #MeToo, chuir grúpa scoláirí iomráiteacha litir ‘oscailte’ i gcló ina san Modernist Review ag cur coireanna gnéasacha i leith lucht ceannais imeachtaí scolártha Seoigheacha go ginearálta. 

An fhadhb is mó a deir mná, má dheineann tú clamhsán fé dhuine a bhfuil údarás aige os do chionn gurb in deireadh agatsa aon dul chun cinn a dhéanamh sa saol acadúil. 

Mar thoradh ar an litir san cuireadh cúpla riail slándála i bhfeidhm. Ceapadh cúpla oifigeach sábháilteachta. Slán mar a n-instear é. 

Beag seans go mbeadh súil agat fios a bhéasa a bheith ag saighdiúir singil ar thaobh na sráide nuair nach bhfuil iompar phlúr na bhfear scolártha puinn níos fearr.  

Deacair d’aon bhean a bheith dóchasach go mbeidh cead aici a saol a chaitheamh mar is toil léi i dtír ‘fhorbartha’ ar nós na hÉireann. Ní ag caint ar an Afganastáin atáimid.  

Seanscéal is meirg air. Céim chun cinn. dhá chéim ar gcúl. 

Fág freagra ar 'Deacair d’aon bhean in Éirinn a bheith dóchasach go mbeidh saol ar a toil aici'