Dea-scéala fostaíochta ach drochscéala faisin do mhná na Gaillimhe ó Rent the Runway

Ní bheidh táirgí na ndearthóirí mór le rá faisin ar nós Gucci, Ralph Lauren nó Versace le fáil ag an gcomhlacht Meiriceánach atá le 150 duine a fostú sa Chladach i nGaillimh

Dea-scéala fostaíochta ach drochscéala faisin do mhná na Gaillimhe ó Rent the Runway

Bhí beagán eolais agam roimhe seo ar Rent the Runway ach bhioraigh mé mo chluasa nuair a chuala mé níos túisce an tseachtain seo go raibh an comhlacht Meiriceánach seo le 150 post a chruthú i gcathair na Gaillimhe. Ligeann an comhlacht seo éadach ardfhaiseanta ó dhearthóirí mór le rá ar cíos le custaiméirí d’ócáidí galánta ar nós bainiseacha, báil nó oícheanta sóisialta eile.

Nuair a chuala mé faoin bhfostaíocht nua i nGaillimh shamhlaigh mé go mbeadh tarraingt mhór ag mná an iarthair ar tháirgí na ndearthóirí cáiliúla agus iad ar fáil ar cíos ar phraghas íseal. Liosta le háireamh iad na dearthóirí atá ar fáil ó Rent the Runway, ina measc Gucci, Ralph Lauren, Marc Jacobs, Versace, Oscar de la Renta, Moschino, Kate Spade, Fendi agus na céadta eile.

Faraor, ní bheidh fostaithe nua Rent the Runway ag cur rogha den chineál seo ar fáil dúinn sa Ghaillimh. Rannóg teicneolaíochta de chuid an chomhlachta atá le lonnú ar an gCladach i gcathair na dTreabh agus is innealtóirí bogearraí agus teicneolaithe eile a bheidh fostaithe ann. Dea-scéala fostaíochta go cinnte ach drochscéala d’aon duine a cheap go raibh an chéad bhrainse de Rent the Runway lasmuigh de Mheiriceá á oscailt anseo.

Go bunúsach tá Rent the Runway bunaithe ar an bprionsabal céanna le Netflix nó Spotify. Íocann tú táille mhíosúil ach seachas scannáin nó ceol a fháil ar cíos faigheann tú do rogha féin d’éadach na ndearthóirí cáiliúla. Tá éadach ó bhreis agus 300 de na dearthóirí is mó le rá le fáil ar cíos ar tháille $30 in aghaidh na míosa. Ach má íocann tú táille níos mó, $69, gheobhaidh tú do rogha feistis níos minice, ceithre huaire in aghaidh na míosa. Agus dóibh siúd nach bhfuil teorainn ar bith lena gcuid airgid ná leis na hócáidí galánta ar a mbíonn siad ag freastal tá rogha gan srian d’fheistis le fáil ar $150 in aghaidh na míosa.

Seachadfar a rogha éadaí chuig an gcustaiméir le cúiréir agus seoltar ar ais arís é ar an mbealach ceanna tar éis na hócáide. Tá seirbhís an chúiréara san áireamh mar chuid den táille mhíosúil. Bíonn Rent the Runway freagrach as an tirimghlanadh freisin agus maíonn siad gur acusan atá an t-ionad tirimghlanta is mó i Meiriceá.

Jenn Hyman a thosaigh ag smaoineamh ar dtús ar phlean le héadach ó dhearthóirí móra a ligean ar cíos. Bhí sí sa mbaile ar saoire ó Scoil Ghnó Harvard sa bhliain 2009 nuair a thug sí suntas don ghúna a raibh costas $2,000 air a bhí ceannaithe ag a deirfiúr Becky le freastal ar bhainis. Nuair a d’fhill sí ar Harvard phléigh sí an cás lena cara Jenny Fleiss agus chuir an bheirt acu tús leis an ngnó Rent the Runway, ar fiú $1 billiún anois é.

Tá 1,800 duine fostaithe acu i Meiriceá agus teacht isteach de bheagnach €100 milliún ag an gcomhlacht in aghaidh na bliana. Maíonn siad go bhfuil na mílte rogha d’fheistis le fáil uathu i ngach toise dá bhfuil ann. Ar tháille bheag bhreise is féidir le duine níos mó ná toise amháin a thriail lena chinntiú go mbeidh an rogha feistis díreach ceart dóibh.

Ach tá fadhb bheag amháin a chuirfeadh imní ar roinnt daoine agus é i bhfolach sna mionsonraí sa chló beag. Má théann do rogha feistis amú, is cuma an ar an gcustaiméir nó ar an gcúiréir a bhíonn an locht, caithfidh an custaiméir sin fíneáil a íoc. Agus ní airgead beag é ach an oiread. Is féidir le Rent the Runway táille de 200% de luach an fheistis a ghearradh ar an gcustaiméir. D’fhéadfadh na mílte dollar a bheith i gceist ansin! Thuigfí don phionós $50 a ghearrtar má bhíonn duine mall ag seoladh an fheistis ar ais leis an gcúiréir ach is iomaí duine a bhfuair an cló beag eile sin greim orthu.

Fág freagra ar 'Dea-scéala fostaíochta ach drochscéala faisin do mhná na Gaillimhe ó Rent the Runway'