‘D’athraigh sé an domhan’ – Mikhail Gorbachev, iarcheannasaí an Aontais Shóivéadaigh, tar éis bháis

Bhí an Taoiseach Michéal Martin ar dhuine de na ceannairí ar fud an domhain a léirigh ómós do Gorbachev ar uair a bháis

‘D’athraigh sé an domhan’ – Mikhail Gorbachev, iarcheannasaí an Aontais Shóivéadaigh, tar éis bháis

Tá Mikhail Gorbachev, iarcheannasaí Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, tar éis bháis.

Bhí sé 91 bliain d’aois.

Bhí Mikhail Gorbachev ar dhuine de na polaiteoirí is mó a d’fhág a lorg ar stair an 20ú haois.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin ar dhuine de na ceannairí ar fud an domhain a léirigh ómós do Gorbachev ar uair a bháis.

“Athraíodh an domhan mar gheall ar a thuiscint don stair, a thiomantas don oscailteacht, don athchóiriú agus do thógáil droichead leis an Iarthar,” arsa Micheál Martin.

Ba é Gorbachev a bhí i bhfeighil ar an Aontas Sóivéadach nuair a tháinig deireadh leis 70 bliain i ndiaidh a bhunaithe.

Cuimhneofar ar Gorbachev, a tháinig i gcumhacht i 1985, mar gheall ar an mbaint a bhí aige le deireadh a chur leis an gCogadh Fuar agus a ról in oscailt a thíre

Nuair a leag sé amach a phlean chun a thír a athrú i 1985, an t-aon aidhm a bhí aige ná geilleagar marbhánta an Aontais a athbheochan agus a chóras polaitiúil a leasú, ach ba é titim a thíre toradh a shaothair.

Ba iad na polasaithe is mó a thuill cáil dó ná perestroika – athstruchtúrú–a bhí dírithe ar athbheochan an gheilleagair agus glasnost – oscailteacht – a thug tús áite don liobrálachas agus don iolrachas in áit na cinsireachta agus an mhaorlathais thíoránta.

Mikhail Gorbachev agus an t-iarThaoiseach in Éirinn i 1989  Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Spreag a chuid athruithe eachtraí éagsúla arb é an toradh a bhí orthu ná deireadh réimeas na gCumannaithe san USSR agus ina stáit satailíte.

Cé gur ómós is mó a thuill Gorbachev san Iarthar mar gheall ar an mbaint mhór a bhí aige le titim an Chuirtín Iarainn, ní raibh an meas céanna ag mórán de mhuintir na Rúise air. Chuir  go leor sa Rúis an milleán air as dul i léig na tíre.

 

Fág freagra ar '‘D’athraigh sé an domhan’ – Mikhail Gorbachev, iarcheannasaí an Aontais Shóivéadaigh, tar éis bháis'