Is mór i gceist ag seandiúlaigh ar mo nós féin a bheith ag croitheadh ár gcloigne agus ag cnáimhseáil go sollúnta faoin gcaoi a bhfuil an saol athraithe.
Scaití ní dhéanfadh cic sa tóin aon dochar dúinn, rud a thuig mé an oíche faoi dheireadh nuair a tháinig giota de chluiche sacair idir Liverpool agus Leeds United a imríodh am éicint sna 1970idí aníos ar an scáileán.
Bhí sé ina chlascairt bháistí agus gan oiread d’fhoscadh ag cuid mhaith den lucht leanta agus a bhí ag Raifteirí nuair a chrom sé faoi Sceachaín Átha Cinn fadó.
Ní raibh samhail na páirce ach an píosa sin den gharraí nó den pháirc a bhíonn thart ar thrach an uisce – trampáilte ag eallach agus ag capaill.
Nuair a thosaigh an imirt chaith Tommy Smith agus Norman Hunter an chéad leath ag ciceáil a chéile. Scéal eile a bhí ag baint leis an dara leath nuair ab iad Billy Bremner agus Phil Boersma a rinne amhlaidh.
Is cinnte gur chuir na cúig nóiméad de a chonaic mé poll maith sa gcáineadh a dhéanaim ar shacar an lae inniu.
Tá mé chomh trína chéile anois agus nach bhfuil a fhios agam ar chun a leasa nó a mhalairt an t-athrú is mó atá feicthe agam ó aimsir m’óige – cead iomaíochta a thabhairt sna Cluichí Oilimpeacha do lúthchleasaithe a bhíonn ag saothrú airgid.
Ní hamháin go raibh cosc ar a leithéid ó athbhunaíodh na Cluichí in 1896 ach bhí an prionsabal greanta go láidir i bhfealsúnacht na himeachta. Chreid an té ba mhó ba chúis lena n-athnuachan, Pierre de Coubertin, go láidir ann agus nó go dtáinig deireadh na 1960idí ní raibh fianaise dá laghad go mbeadh aon athrú polasaí i gceist.
Cruthúnas air sin ab ea an bealach ar caitheadh le Jim Thorpe. Meiriceánach Dúchasach den treabh ar a dtugtar Sac and Fox ab ea Thorpe agus oiread de cháil sna Státaí air lena linn agus a bheadh ar aon duine de mhórlaochra spóirt na tíre sin sa lá atá inniu ann.
Lúthchleasaí ildánach ab ea é a bhuaigh dhá bhonn óir ag Cluichí Stocólm (1912) i gcomórtais an pheantatlain agus an deacatlain.
Bliain dár gcionn tuairiscíodh i nuachtán áitiúil i Massachusetts gur imir Thorpe an daorchluiche (baseball) i sraitheanna leathghairmiúil in Carolina blianta roimhe sin. Íocaíocht $2 an ceann a fuair sé. Mac léinn ab ea Thorpe ag an am agus ba ghnách a leithéid a dhéanamh agus iad ar saoire le linn an tsamhraidh. Níos minicí ná a chéile b’ainm bréige a thugaidís, rud nach ndearna seisean.
Suim soip níor chuir mórchuid an phobail ann, ach le toil eagraíocht náisiúnta na lúthchleasaíochta sna Státaí (AAU) bhain an Chomhairle Oilimpeach a chuid bonn de Jim Thorpe agus dhícháiligh siad é.
Deirtear go raibh cúrsaí eitneacha i gceartlár an bhreithiúnais freisin, níos tábhachtaí b’fhéidir ná na cúpla dollar fánach a shaothraigh sé. Anuas air sin bhí sé ráite i gceann de rialacha na gCluichí nach mbeadh brí lena leithéid de líomhain mura ndéanfaí é sna 40 lá a lean an Searmanas Dúnta.
Más ea, níor chuir éagóir deireadh le héachtaí Thorpe ar pháirc na himeartha. Chaith sé blianta ag imirt an daorchluiche do na New York Giants, na Cincinnati Reds agus na Boston Braves.
Trí scór go leith bliain dár gcionn agus Cluichí 1984 i Los Angeles ar leic na tairsí tháinig brú ón bpobal agus ó pholaiteoirí go gcuirfí an cás ina cheart. Ghéill na Comhairlí Oilimpeacha agus bronnadh na boinn ar bheirt dá chlann.
Is beag is fiú an cúpla pictiúr de George Washington a chuir Jim Thorpe ina phóca i Carolina i 1909 i gcomparáid leis an $50,000 an duine a fuaireadar siúd a bhuaigh boinn óir ar an traic i bPáras i mbliana – an chéad uair riamh go dtí seo ar tugadh airgead mar luach saothair ag na Cluichí.
Le fírinne, fiú do mo leithéid féin ar gráin leis an t-athrú, bhí a leithéid i ndán dúinn luath nó mall, agus bhí dhá rud a thug an chúis go cnámh na huillinne – an chaoi ar scaip fealsúnacht an rachmais agus an ‘Cogadh Fuar’.
An scríbhneoir George Orwell a chum an teideal sin agus é ag cur síos ar an gcoimhlint oscailte (fós srianta) a facthas idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach. Le tacaíocht a gcomhghuaillithe mhair sé ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda gur déanadh athaontú ar an nGearmáin i 1990 agus gur déanadh státaí neamhspleácha den Aontas an bhliain dár gcionn.
Ní bréag a rá go raibh coimhlintí spóirt mar chuid den chogadh sin go háirithe ó na 1960idí amach. An uair sin b’amaitéaraigh fós lúthchleasaithe an iarthair, ach in san Aontas Sóivéadach bhí a leithéid ag fáil tacaíocht láidir ón stát.
Ba lúthchleasaithe lánaimseartha chuile dhuine beo acu sin, a stádas gairmiúil ceilte ag teidil a bhí ag dul lena slite beatha, bíodh gur postanna míleata a bhí luaite leo nó in aon rannóg eile faoi chúram an stáit.
San Aontas Sóivéadach b’in chuile rannóg. Ba chuma leo agus bhí toradh thar cuimse ar a bplean.
Sular thosaigh na Sóivéadaigh ag glacadh páirt sna Cluichí Oilimpeacha (1952), b’iomaitheoirí de chuid na Státaí ba mhó a bhuaigh boinn óir chuile bhliain dár reáchtáladh iad ó 1896, cé ba mhoite de 1900 (An Fhrainc), 1908 (An Bhreatain) agus 1936 (an Ghearmáin)
Tháinig deireadh leis sin i Melbourne i 1956 nuair ba é an tAontas Sóivéadach a bhí ar bharr an liosta mar a tharla 5 uaire eile sular déanadh míreanna mearaí dá leagan amach polaitíochta.
Bhí an roth athraithe. Ní raibh de rogha ann ach beart éicint a dhéanamh nó stad den gheab, mar a deir an Muimhneach.
Sa mbliain 1980 toghadh an Spáinneach, Juan Antonio Samaranch, ina uachtarán ar an gComhairle Idirnáisiúnta Oilimpeach. Le himeacht aimsire bhí baint nach beag aigesean leis an socrú athrú a chur ar an riail ba bhunúsaí a bhí acu.
Ba bheag a cheap mar sin féin go dtiocfadh an t-athrú sin chomh scafánta agus a tháinig, go háirithe nuair ba leis an seanchóras a sheas an chéad chomhdháil dá réimeas a reáchtáladh i Baden-Baden agus gan Samaranch ach bliain in oifig.
Ach, nuair a thosaíodh na lúthchleasaithe féin agus glórtha eile ag rá nár mhór tacaíocht éicint a bheith ar fáil san Iarthar nó gurb é cuid Pháidín den mheacan a bheadh acusan, d’athraigh meoin an phobail. Daingníodh an argóint nuair a thug leithéidí Sebastian Coe le fios go raibh sé féin ar an intinn chéanna – bhí ceithre bhonn Oilimpeach aige siúd agus é anois ina uachtarán ar Eagraíocht Lútchleasaíochta an Domhain.
Faoi 1985 bhí cead tugtha ag an gComhairle Idirnáisiúnta d’imreoirí gairmiúla a bheith páirteach sna comórtais leadóige, haca oighir agus sacair (faoi 23).
Réitigh sin an bealach don lá a bhfaca muid Michael Jordan agus Magic Johnson san iomaíocht sa gcomórtas cispheile i Barcelona agus don leagan amach atá ar an ócáid spóirt is mó dá bhfuil sa lá atá inniu ann.
Fág freagra ar 'D’athraigh chuile rud nuair a tugadh cead iomaíochta do lúthchleasaithe a bhíonn ag saothrú airgid'