Dáréag buachaillí agus cóitseálaí sacair phluais na Téalainne tugtha slán

Bhí an grúpa teanntaithe i bpluais i gceantar Chiang Rai i dtuaisceart na Téalainne ón 23 Meitheamh agus súile an domhain mhóir ar na hiarrachtaí tarrthála

Dáréag buachaillí agus cóitseálaí sacair phluais na Téalainne tugtha slán

Tá an dáréag buachaillí agus a gcóitseálaí sacair a bhí teanntaithe i bpluais sa Téalainn ar fad tugtha slán anois.

Thug Navy Seals na Téalainne le fios go raibh deireadh anois le hanachain an ghrúpa agus iad go léir tugtha slán breis is seachtain i ndiaidh do thumadóirí ón mBreatain teacht orthu agus iad cuachta sa dorchadas ar bhruach láibe agus an phluais ina dtimpeall faoi thuilte.

“Tá an dáréag d’fhoireann Wild Boars agus a gcóitseálaí amuigh as an bpluais agus iad slán,” a dúirt aonad de chuid Navy Seals na Téalainne ar a leathanach Facebook.

Chuaigh an grúpa ag taiscéalaíocht sa phluais i gceantar Chiang Rai i dtuaisceart na tíre ar an 23 Meitheamh. Tháinig sé ina dhíle báistí agus líon na tolláin le huisce agus bhí siad sáinnithe roinnt ciliméadar isteach.

Tá súile an domhain ar dhráma na pluaise agus ar na hiarrachtaí tarrthála, ar cailleadh tumadóir amháin lena linn, le breis is seachtain anuas. Tugadh an chéad cheathrar buachaillí slán Dé Domhnaigh seo caite, tugadh ceathrar eile amach slán inné agus tugadh an ceathrar deireanach agus a gcóitseálaí amach inniu.

Tuairiscítear go bhfuil formhór na mbuachaillí a tugadh slán i ndea-shláinte cé is moite de bheirt a bhfuil ionfhabhtú scamhóige ag cur as dóibh.

Fág freagra ar 'Dáréag buachaillí agus cóitseálaí sacair phluais na Téalainne tugtha slán'