Daoine ligthe amach as Gaza den chéad uair le trí seachtaine

Scaoileadh amach ceithre scór othar Palaistíneach agus breis is 300 duine eile a raibh déshaoránacht acu trí Rafah inniu

Daoine ligthe amach as Gaza den chéad uair le trí seachtaine

Den chéad uair ó thosaigh léigear Iosrael ar Gaza cosamar trí seachtaine ó shin, ar an 7 Deireadh Fómhair, tugadh cead do roinnt daoine dul amach as na críocha sin inniu trí bhealach Rafah. Iosrael, Hamas agus an Éigipt a tháinig ar an socrú seo.

Tuairiscíodh tráthnóna go raibh ceithre scór othar Palaistíneach agus breis is 300 duine eile a raibh déshaoránacht acu scaoilte amach go dtí an Éigipt. Tugadh na hothair in otharchairr go hospidéil san Éigipt le cóir leighis a fháil.

Tá tuairiscí ann go bhfuil sé i gceist tuilleadh othar Palaistíneach agus thart ar 500 saoránach de chuid tíortha eile a scaoileadh amach sa gcéad bhabhta seo.

Is deacair teagmháil a dhéanamh le muintir Gaza ó gearradh seirbhísí fóin agus idirlín, gearradh atá deimhnithe ag an gcomhlacht a chuireann an tseirbhís sin ar fáil. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach eol dóibh go raibh aon duine de chuid na tíre seo i measc na ndaoine a tháinig amach trí Rafah inniu.

Bhuamáil Iosrael Jabalia, an campa teifeach is mó in Gaza, inné agus maraíodh leathchéad duine, sléacht a cháin Martin Griffiths, Ceannasaí Fóirithinte na Náisiún Aontaithe.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin ar RTÉ inniu gur cuireadh liosta de na saoránaigh ar fad de chuid na tíre seo ar fáil do na húdaráis agus go raibh ambasáidí na hÉireann in Cairo agus Tel Aviv i dteagmháil go rialta le húdaráis Iosrael agus Gaza maidir lenár muintir atá sáinnithe in Gaza.

Dúirt an Tánaiste freisin nach féidir le duine a mhaíomh “go raibh sé ceart campa teifeach a bhuamáil má d’éirigh leat duine nó beirt oifigeach sinsearach de chuid Hamas a mharú, agus san am céanna teaghlaigh iomlána a bheith maraithe san ionsaí.”

Dúirt údaráis Iosrael gur maraíodh 11 saighdiúir dá gcuid san ionsaí le talamh in Gaza inné agus go bhfágann sin go bhfuil 326 saighdiúir dá gcuid maraithe sa gcaismirt seo.

Dúirt Roinn Sláinte Gaza atá á rialú ag Hamas gur maraíodh 8,700 duine in Gaza ó thosaigh Iosrael á ionsaí.

D’ainneoin na n-éileamh óna lán ar fud na cruinne go gcuirfí sos cogaidh ar bun chun othair agus leanaí a chur ar chaoi shábháilte, d’áitigh Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael inniu gur “cogadh fada buacach” a bheadh i gcogadh Iosrael in Gaza.

“Cogadh dian é seo. Beidh sé ar siúl i bhfad ach geallaim do gach saoránach de chuid Iosrael go mbeidh an bua againn. Cuirfimid seo i gcrích. Leanfaimid orainn go mbeidh an bua againn,” a dúirt an Príomh-Aire.

Beidh Antony Blinken, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe ag filleadh ar Iosrael Dé hAoine, a thríú turas ansin ó thosaigh an sléacht is deireanaí seo.

Fág freagra ar 'Daoine ligthe amach as Gaza den chéad uair le trí seachtaine'