Daoine aitheanta ag tacú le feachtas nua le húsáid na Gaeilge a spreagadh

Tá láithreoirí an phodchraolta ‘Beo ar Éigean’ chun tacú le Marty Morrissey, Michael Fry agus Marissa Carter an Ghaeilge atá acu a úsáid níos minice mar chuid den fheachtas nua ‘Creidim Ionat’

Daoine aitheanta ag tacú le feachtas nua le húsáid na Gaeilge a spreagadh

Tá feachtas nua seolta ag Foras na Gaeilge i gcomhpháirt le RTÉ chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i ngáthshaol an phobail.

Tá an tionscadal ‘Creidim Ionat’ ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil spéis acu sa teanga oibriú le chéile chun an Ghaeilge a úsáid níos minice. Iarrtar ar dhaoine páirtnéir a roghnú agus sprioc a shocrú maidir le húsáid na teanga.

Táthar ag súil go ndéanfaidh cainteoirí Gaeilge teagmháil le duine atá ar a n-aithne le cabhrú leo ar a n-aistear nó go gcuirfidh Gaeilgeoirí iad féin ar fáil mar mheantóirí ar na meáin shóisialta chun tacú le daoine eile.

D’fhéadfadh na spriocanna a bheith chomh simplí le roinnt frásaí nua a úsáid, amhrán as Gaeilge a fhoghlaim nó leabhar Gaeilge a léamh, a deir Foras na Gaeilge.

Tá RTÉ ag obair le Foras na Gaeilge ar an bhfeachtas agus beidh láithreoirí an phodchraolta chlúitigh Beo ar Éigean – Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn – ag tacú le daoine aitheanta cur lena gcuid Gaeilge.

Beidh Sinéad Ní Uallacháin ag déanamh meantóireachta ar an gcraoltóir CLG Marty Morrissey chun cabhrú leis gradam All Star a bhronnadh as Gaeilge ag an ócáid bhronnta atá le reáchtáil ag deireadh na míosa seo. Beidh Áine Ní Bhreisleáin ag déanamh meantóireachta ar an bhfear grinn Michael Fry chun cabhrú leis sprioc atá aige le fada sceitse ar líne a dhéanamh as Gaeilge. Déanfaidh Siún Ní Dhuinn meantóireacht ar Marissa Carter, bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty, chun rang teagaisc smididh a dhéanamh as Gaeilge beo ar theilifís RTÉ 1 ar an chlár Today.

“Tá an-bhród ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht a bheith acu ó RTÉ agus ó chraoltóirí/meantóirí Beo ar Éigean RTÉ, Áine, Sinéad agus Siún,” arsa Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide an Fhorais.

“Is ionann meantaithe ‘Creidim Ionat’, Michael agus Marrisa, agus a lán againn a raibh Gaeilge líofa acu ag pointe éigin ina saol, ach atá ag iarraidh an mhuinín a fháil ar ais, agus is ionann Marty agus daoine ar mhaith leo go díreach roinnt Gaeilge a úsáid i saol an uile lae. Creidimid go rachaidh a gcuid spriocanna agus a n-aistir i bhfeidhm ar dhaoine agus sinn ag cur ar fáil na treorach agus na n-uirlisí chun cabhrú leo ar an mbealach.”

Beidh na meantaithe ag freastal ar ócáidí ar nós ‘Pop-Up Gaeltacht’ i mBaile Átha Cliath agus Oireachtas na Samhna i gCill Airne agus is féidir le daoine a n-aistir foghlama a leanúint ar na meáin shóisialta.

Dúirt Anna Davitt go mbeadh Foras na Gaeilge sásta a “saibhreas acmhainní, uirlisí ar líne, tacaíochtaí agus leideanna praiticiúla a roinnt” le gach duine ar mian leo níos mó Gaeilge a úsáid.

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ, Niamh Ní Churnáin: “Tuigeann daoine a chaitheann an saol trí mheán na Gaeilge gur mhaith le sciar maith den phobal i gcoitinne Gaeilge a úsáid agus a shníomh isteach ina saol laethúil. Is sprioc í seo a dtugaimid tacaíocht mhór di in RTÉ agus tá an sprioc chéanna ag an bhfeachtas seo.”

Fág freagra ar 'Daoine aitheanta ag tacú le feachtas nua le húsáid na Gaeilge a spreagadh'