Daoine á dtabhairt amach as an smionagar i gcónaí, ‘reilig do pháistí’ á déanamh de Gaza

Deir Benjamin Netanyahu go nglacfadh Iosrael freagracht air féin as cúrsaí slándála in Gaza i ndiaidh an chogaidh

Daoine á dtabhairt amach as an smionagar i gcónaí, ‘reilig do pháistí’ á déanamh de Gaza

Tá daoine á dtabhairt amach as an smionagar i ndiaidh ionsaithe ar Khan Younis agus Rafah, cathracha i ndeisceart Gaza.

Deir na húdaráis sláinte in Gaza, atá á rialú ag Hamas, gur maraíodh 23 sna hionsaithe is déanaí sa bhombardú gan stad atá á dhéanamh ag Iosrael ar an stráice.

Tá rabhadh tugtha ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Gueterres, go bhfuil “reilig do pháistí” á déanamh de Gaza agus d’éiligh sé athuair go bhfógrófaí sos cogaidh chun deireadh a chur leis an ár.

Dúirt urlabhraí rialtas Iosrael, Eylon Levy nach mbeadh aon sos cogaidh ann nó go raibh Hamas scriosta agus an os cionn 200 giall atá á gcoimeád in Gaza scaoilte saor.

 “Ní bheidh aon sos cogaidh ann a fhágann ár ngialla in Gaza ná Hamas i gcumhacht. Déan dearmad air. Leanfaimid orainn ag troid chun scrios a dhéanamh ar an dream a rinne sléacht an 7 Deireadh fómhair agus chun ár ngialla a thabhairt abhaile,” arsa urlabhraí rialtais Iosrael.

Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh breis is 10,000 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas, os cionn 4,100 páiste ina measc.

Ó thuaidh i gCathair Gaza, maraíodh in ionsaí ón aer iriseoir agus 42 duine muinteartha leis.

Deir an Coiste Um Chosaint Iriseoirí go raibh Mohammad Abu Hasira ar an 37ú oibrí sna meáin a maraíodh ó thosaigh an cogadh. Dúirt urlabhraí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) gur maraíodh 160 oibrí sláinte agus iad ar dualgas in Gaza ó thús an chogaidh.

Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,400 agus inar fuadaíodh os cionn 200 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.

Bhí nóiméad ciúnais in Iosrael inniu i gcuimhne na ndaoine a maraíodh in ionsaí Hamas 30 lá ó shin.

Idir an dá linn, dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go nglacfadh Iosrael freagracht air féin as cúrsaí slándála in Gaza i ndiaidh an chogaidh.

“Beidh Iosrael freagrach as cúrsaí slándála ar an iomlán ar feadh tréimhse éiginnte [in Gaza], mar tá feicthe againn céard a tharlaíonn nuair nach mbíonn an fhreagracht ó thaobh cúrsaí slándála orainne,” arsa Netanyahu leis an stáisiún ABC i Meiriceá aréir.

Go dtí seo deireadh Iosrael go soiléir nach raibh aon rún acu aon bhaint a bheith acu le rialú an stráice.

Cé gur tugadh saighdiúirí Iosrael amach as Gaza in 2005 agus go bhfuil sé á rialú ag Hamas amháin ó 2007, deir eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe agus an tAE gurb amhlaidh go bhfuil an stráice faoi fhorghabháil Iosrael i gcónaí.

Fág freagra ar 'Daoine á dtabhairt amach as an smionagar i gcónaí, ‘reilig do pháistí’ á déanamh de Gaza'