Daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí míshásta le scrúdú ‘míchothrom’ na hArdteiste

De réir suirbhé nua ní chreideann ach 4% de na daoine óga a d’fhág an iarbhunscoil le gairid gur scrúdú cothrom é an Ardteist

Daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí míshásta le scrúdú ‘míchothrom’ na hArdteiste

Níl iardhaltaí, tuismitheoirí ná na múinteoirí féin sásta le córas na hArdteiste, de réir suirbhé de chuid an NAPD.

Sa suirbhé seo ‘Senior Cycle Reform – What Do You Want?’ ceistíodh daltaí a d’fhág an iarbhunscoil le cúig bliana anuas, tuismitheoirí agus múinteoirí faoin Ardteist agus níor léirigh aon dream acu go raibh siad sásta leis an scrúdú mar atá sé.

Ba é dearcadh a bhformhór nach ndéanann an scrúdú sin measúnú cruinn ar chumas na ndaltaí agus go raibh leasú ag teastáil go géar mar nach réitíonn sé iad do shaol na hoibre ná do shaol an choláiste chomh beag. Ní raibh siad ar aon intinn áfach faoin leasú a bhí riachtanach.

4% de na daoine óga a d’fhág an iarbhunscoil le gairid, 15% de na tuismitheoirí agus 28% de na príomhoidí agus na múinteoirí a chreideann go bhfuil scrúdú na hArdteiste cothrom agus go ndéanann sé measúnú cruinn ceart ar na daltaí.

Bhí 97% de na daoine óga, 81% de na tuismitheoirí agus 65% de na múinteoirí ag iarraidh go ndéanfaí an scrúdú a leasú.

Measúnú leanúnach a bhí á éileamh ag triúr as gach ceathrar de na hiardhaltaí – ionas nach mbeadh toradh a saothair sa scoil ag brath ar chúpla lá i dtús an Mheithimh agus iad faoi strus ollmhór.

Níor mhiste le leath na n-iardhaltaí dá mbeadh a gcuid múinteoirí féin ag ceartú a gcuid oibre don mheasúnú leanúnach sin. Ní raibh ach duine as triúr de na tuismitheoirí á iarraidh sin agus ní raibh ach 22% de na múinteoirí a bheadh sásta lena leithéid de chóras. Moltaí eile a rinne cuid de na múinteoirí go mbeadh agallaimh ina gcuid den mheasúnú (38%), nach mbeadh an líon ábhar atá ann faoi láthair le déanamh (18%) agus bhí múinteoir as gach deichniúr ag moladh go gcuirfí imeachtaí seach-churaclaim san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar dhaltaí na hArdteiste.

Chuir an strus a bhain leis an scrúdú ceann cúrsa as do leath na ndaltaí agus mheas 67% nár thug na pointí CAO a fuair siad léargas cruinn ar a gcumas agus nár chothaigh an cineál sin measúnaithe foghlaim ghníomhach.

Tá an NAPD ag moladh go mbunófaí tionól saoránach ar an oideachas agus go dtabharfaí na dreamanna ar fad a mbaineann an scéal seo leo le chéile ansin ionas go gcuirfí dlús leis an bpróiseas le leasuithe a dhéanamh ar an tsraith shinsearach san iarbhunscoil. Teastaíonn ó eagraíocht na bpríomhoidí chomh maith go mbeadh measúnú praiticiúil ina chuid den Ardtesit.

Dúirt Clive Byrne, Stiúthóir an NAPD gur moltaí réadúla indéanta atá á ndéanamh acu féin “a dhéanfadh nua-chóiriú ar ár gcóras oideachais atá tite ar gcúl ar an dul chun cinn sa teicneolaíocht atá déanta sna hearnálacha eile ar fad”. Dúirt sé go gcaithfeadh an tAire Oideachais tús áite a thabhairt do na leasuithe seo mar “ní leor na céimeanna beaga atá á dtógáil”.

I dtaighde cúig bliana a rinne an Dr Denise Burns in Institiúid Oideachais DCU agus Coláiste na Tríonóide anuraidh, léiríodh go dtugtar tús áite don fhoghlaim de ghlanmheabhair agus don chuimhne i measúnú na hArdteiste i mbeagnach gach ábhar faoi láthair seachas do réiteach fadhbanna, cruthaitheacht, fiosracht intleachtúil agus meastóireacht.

Léirigh an taighde sin chomh maith go bhfuil buntáiste ag daltaí a bhfuil airgead ag a muintir le híoc as ranganna breise faoi láthair de bharr an rath a bhíonn ar dhaltaí a bhíonn in ann freagraí réamhullmhaithe a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus a scríobh síos i srcúdú na hArdteiste mar atá sé faoi láthair.

Is léir anois nach bhfuil daltaí, tuismitheoirí ná múinteoirí sásta leis an Ardteist mar atá sí agus nach dóigh leo gur measúnú cruinn cothrom é ar dhaoine óga atá ag fágáil chóras an iarbhunoideachais.

Idir an dá linn, tá tús curtha ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta le hathbhreithniú ar chóras na hArdteiste.

Fág freagra ar 'Daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí míshásta le scrúdú ‘míchothrom’ na hArdteiste'