‘Dainséar, dúchas agus draíocht’ – ‘Iomramh an Chamino’ ar thuras na mórscáileán

Seod samhlaíoch lán anama a bhaineann an anáil dínn arís is arís eile is ea Iomramh an Chamino atá ar taispeáint anois i bpictiúrlainne

‘Dainséar, dúchas agus draíocht’ – ‘Iomramh an Chamino’ ar thuras na mórscáileán

‘Iomramh an Chamino’ le Dónal Ó Céilleachair, ón mbunsmaoineamh le Sinéad Ní Churnáin. 

Ceamara, Bob Kelly; Fuaim, Conor Barron; Eagarthóir, Síle Ní Fhlaibhín; Ceol, Breanndán Ó Beaglaoich, Glen Hansard agus Peadar Ó Riada, Léiriú, Martina Durac.

‘Déarfadh daoine go bhfuilimid as ár meabhair tabhairt faoin a leithéid de thuras……’ Tonnbhuillí na maidí rámha i ndoircheacht an IFI. Dainséar, dúchas, draíocht. ‘Ach dá mbeadh do chiall is do mheabhair go huile is go hiomlán agat, ní dhéanfá faic, arsa Danny Sheehy.

Seod samhlaíoch lán anama is ea Iomramh an Chamino, scannán a bhaineann an anáil dínn arís is arís eile. Is treise dúchas ná cineama agus is cuma sa sioc i ndeireadh an lae na laigí teicniúla físe agus fuaime a bhaineann ó éifeacht na hinsinte ag an tús.

Tá sé le sonrú ar an chéad chúig neomat déag go mba shuarach iad na háiseanna a bhronn RTÉ ar an mbunsraith teilifíse ónar eascair an fadscannán. D’iomlánódh ceamara ar ardchaighdeán físe éifeacht na hoscailte. Agus ní raghadh cúpla drón-seat ar strae chun scála scanrúil na naomhóige i gcomórtas leis an ollbhád farantóireachta ‘Swift’ in uiscí Chuan Bhleá Cliath a léiriú níos fearr ach an oiread. D’fheabhsaigh an caighdeán teicniúil le imeacht na mblianta, de réir mar a scaoileadh téada na sparán chun go ndéanfaí fadscannán a dhéanamh as.

A luaithe a chuireann an file Danny Sheehy, an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich, an péintéir Liam Holden agus an saor cloiche Breandán Moriarty chun farraige sa ‘Naomh Gobnait’, táimid istigh sa naomhóg leo ar Oilithreacht Mhara Naomh Seán chuig Santiago de Compostella.

Pé duine an rí, ’sí an fharraige an bhanríon.

Taoscann Danny Sheehy agus Breanndán Ó Beaglaoich chugainn go hionraic is go fileata as tobar domhain spioradálta an chine ar díobh iad. Fuaimrian leanúnach na maidí rámha á dtionlacan…

‘Saol eile bheith amuigh ar an bhfarraige…. Tá taitneamh ar leith ag baint leis….. Ach níor dhein an fharraige cara d’éinne riamh….’ arsa Breanndán Ó Beaglaoich. Thiocfadh, mo léan dóite, tuar truamhéalach faoin tairngreacht sin ar ball. Níor dhein an fharraige cara d’éinne riamh.

Is cuma sa frig nár chuir Gaeil riamh chun farraige ar thuras mara chomh fada le Asturia i naomhóg bheag inchósta ar mhéid ‘Naomh Gobnait’. Dheintí an turas i naomhóg mhór mhuirí cosúil le bád Tim Severin. Is cuma freisin i ndeireadh na dála nár chomhlíon criú Chorca Dhuibhne an t-aistear farraige in aon tseáp amháin agus gur thar thréimhse trí bliana a deineadh an bheart.

Is iad na mionrudaí a fhanann sa chuimhne i bhfad tar éis na gcríochteideal. Líne drár ar foluain ag triomú. ‘Bhfuil na sausaigí déanta?’ ag Breandán Moriarty. ‘That’s not a real French kiss’ ag Danny Sheehy, le bean a thug póigíní beaga fáilte ar an dá ghrua dóibh. 

Agus ní chuireann sé as dom puinn an chúrsáil intíre chanálach sa dara bliain a chosc ár n-oilithrigh cheolmhara ó dhua fharraige shuaite Bhá na Bioscáine. B’eagal le Breanndán Ó Beaglaoich go mbeadh an chuid sin den aistear  ‘leamh, gan aon anam san uisce’. A mhalairt a bhí fíor, mar a tharla.

Ba mhó an dainséar dóibh ar an gcos sin den turas ragairne na hoíche ar chanálacha iarthar na Fraince. Bullaí fir. Nár mhúin Chaucer dúinn nach oilithreacht go ragairne? Molaim díograis muintir Chorca Dhuibhne i gcomhlíonadh na gné tábhachtaí sin de thraidisiún Raibiléiseach oilithreachtaí sollúnta na meánaoiseanna!

Chuireadar preab san ól is sa cheol araon, beart a thugann céim suas shiamsúil don scannán i lár baill.

Agus, admhaím, d’ainneoin m’amhrais i dtús, go bhfaigheann an scannán instealladh fuinnimh agus fócais nár dhein aon díobháil dó nuair a thagann Glen Hansard ar bord sa tríú bliain, ar chos dheiridh an iomraimh.

Ní haon dóithín Hansard. ‘The process is the epiphany,’ ar sé. Gonta, fileata, ceart, fíor.

Le linn an tríú bliain sin den turas insítear dúinn gur cailleadh máithreacha Danny agus Liam Holden ó chuireadar chun farraige an chéad lá. Insítear dúinn leis go raibh ‘spota de luaithreacha dheartháir John a bhásaigh i Meiriceá á iompar ag an mBeaglaíoch chun scaoileadh le farraige ag Finisterre, i Taberna sna cnoic os cionn Munalen. ‘Níl ionainn ach cré,’ a mheabhraíonn Breanndán dúinn ach ’sé Hansard a sholáthraíonn an phurgóid, an saorghlanadh mothálach nach bhfuil éalú fós agam uaidh, im bholg ná im chluas – amhrán álainn dá chuid, ‘You Leave a Light’.

Agus nárbh fhíor dó arís nuair a dúirt, ar fheiceáil dó na farraigí ollmhóra ar chósta garbh Asturia – In this massive cathedral of cliffs and swell, everything about your life is right here, right now…This could be it…’

Ba mhó ab fhiú ná na pinginí suaracha a chaith RTÉ ina dtreo ar dtús dánaíocht na físe a sheol Danny Sheehy, Breanndán Ó Beaglaoich, Liam Holden, Breandán Moriarty agus Glen Hansard chun sáile. Tarraingíonn an sprionlaitheacht sin drochmheas ar an gCraoltóir Náisiúnta, an soubriquet is dual don eagraíocht leas a bhaint as nuair a oireann sin dó.

Is coitianta anois nach mbíonn á thairiscint ag Mandairíní Montrose ach an frois frais a thagann isteach ar bharra taoide raic na teilifíse réalatachta.

Is eisceacht iontach Iomramh an Chamino, an leagan scannáin a tógadh ar mhuin amh-ábhar na sraithe teilifíse le féile sparán Bhord Scannán na hÉireann, agus eile.

Ceann nach féidir a chailleadh.

Níl an dara rogha agat. Bí ann gan teip.

– Ar mhórscáileáin ar fud na tíre ó inniu, Dé hAoine an 23 Samhain

Fág freagra ar '‘Dainséar, dúchas agus draíocht’ – ‘Iomramh an Chamino’ ar thuras na mórscáileán'