Dá ndéarfadh Maradona ‘Revenge for Skibbereen’ freisin ní thógfaí air é…

Tá ‘Liathróid Lámh Dé’ le dul ar ceant an tseachtain seo chugainn ach ní hí an t-aon liathróid a bhfuil luach léi…

Dá ndéarfadh Maradona ‘Revenge for Skibbereen’ freisin ní thógfaí air é…

Feicim go bhfuil ‘Liathróid Lámh Dé’ le dul ar ceant an tseachtain seo chugainn. Sparán maith láidir a cheannóidh freisin é. Idir €2.5 milliún agus €3 mhilliún, a deir na saineolaithe.

Ní móide gur as Sasana a thiocfas mórán de na tairiscintí. Ní hé an ‘poll dubh’ atá sa státchiste ansiúd, laige an sterling ná col le hairgeadra an Aontais is cúis leis sin. Mura mbeadh de chostas uirthi ach aon euro amháin ní cheannófaí í.

Mar atá a fhios ag ár mbunáite ba í an liathróid chéanna sin a bhí á húsáid sa gcluiche inar scóráil Diego Maradona an dá chúl a thug an bua don Airgintín ar Shasana i mbabhta ceathrú ceannais de Chraobh Sacair an Domhain i Meicsiceo i 1986.

Ag an am, ba léir do chách, ach amháin don réiteoir, Ali Bin Nasser as an Túinéis, nár cheart an dara cúl a cheadú, rud a d’admhaigh an scórálaí féin tar éis na himeartha nuair a ceistíodh é faoin gcaoi ar shroich an liathróid an eangach. ‘A little bit the head of Maradona, a little bit the hand of God,’ a deir do Diego breá.

Dá ndéarfadh sé ‘Revenge for Skibbereen’ freisin ní thógfaí air é.

Cé nach i gcónaí a fheicim sa lá atá inniu ann é, tá nós sa sacar go dtugtar an liathróid ar ais don réiteoir a luaithe agus a shéidtear an fheadóg dheireanach, rud a tharla san Estadio Azreca i 1986. Thug Bin Nasser ar ais chun na Túinéise leis í, choinnigh ann ó shin í nó gur shocraigh sé í a chur ar ceant 36 bliain dár gcionn.

Nós eile atá sa sacar is ea go bhfaigheann an t-imreoir a bhfuil trí chúl scóráilte aige le linn na himeartha an liathróid le coinneáil.

Eisceacht cháiliúil amháin a bhí i gCluiche Ceannais Sacair an Domhain 1966 nuair a thug Sasana Corn Jules Rimet leo lena mbua 4-2 ar an Iar-Ghearmáin i gcluiche ina mb’éigean am breise a imirt.

Geoff Hurst a scóráil trí cinn de chúil na mbuaiteoirí, ach ar bhealach éicint nuair a tháinig deireadh leis an imirt ba i seilbh duine d’imreoirí na Gearmáine, Helmut Heller, a d’fhan an máilín gaoithe. Go fiú go raibh sí faoina ascaill aige nuair a shiúil sé suas na céimeanna in Wembley gur bhailigh sé an bonn a bhí ag dul do na tánaistí.

Nuair a bhí an ruaille buaille ar fad thart tosaíodh ag éileamh go dtabharfaí an liathróid do Hurst, ach sheas Haller an fód go láidir agus dúirt ina thír féin go mba don té ba thúisce a scóráil (eisean sa gcás seo) a bhí sí dlite.

Deich mbliana fichead a d’fhan an pheil, a bhí ar dhath an oráiste, ina theach in Augsburg nó go ndeachaigh an Daily Mirror i mbun feachtais go dtabharfaí ar ais go Sasana í nuair a bhí Craobhacha Sacair na hEorpa ar siúl ansiúd i 1996.

An chianóg féin ní bhfuair Geoff Hurst, sílim.

Má thaistil tú an bóthar idir Baile Átha Luain agus Baile Ros Comáin riamh, chuaigh tú trí bhaile beag a bhfuil Cnoc an Chrochaire mar ainm air. Ansiúd, crochta as síleáil tí ósta le píosa de ruóg nó de chorda atá ceann de na liathróidí peile is cáiliúla in Éirinn.

Ceithre bliana d’aois a bhí Jimmy Murray nuair a dhóigh na Dubhchrónaigh teach ósta a mhuintire i lár an bhaile – tháinig muintir an tí ar fad slán, buíochas le Dia. Bliain is fiche ina dhiaidh sin bhí Jimmy ina chaptaen ar fhoireann Ros Comáin a thug Craobh Peile na hÉireann leo, mar a bhí arís an bhliain dár gcionn.

Ós rud é nár bhuaigh Ros Comáin Corn Mhig Uidhir ó shin, bhí an tábhairne a raibh Jimmy ina bhun ina chineál ionad cuimhneacháin ag muintir an chontae ó shin agus é de nós ag go leor seasamh go bhfeicfeadh siad an liathróid.

Ansin i 1990 chuaigh an tábhairne trí thine arís. Bhailigh muintir an bhaile taobh amuigh féachaint ar dtús go sábhálfaí na daoine a bhí sa teach agus ansin go ndéanfaí iarracht an tine a cheansú. I lár an rírá agus an ruaille buaille, facthas, tríd an deatach, fear ag rith amach as an tábhairne, a dhá láimh san aer aige agus chaon liú as ‘I’ve got the ball, I’ve got the ball’.

 

Jimmy Murray a bhásaigh in 2007 agus laoch Átha Cliath, Brian Mullins, a bhásaigh le fíorghairid.

384,400 km uainn atá péire de na liathróidí is cáiliúla dá bhfuil ann – na liathróidí beaga bána ar thug Alan Shepard snaidhm dóibh ar dhromchla na gealaí ar an 6 Feabhra 1971.

Ní mórán lena chois sin den ghalf a d’imir Shepard agus é ar thalamh na cruinne, mar go mba bheag a shuim ann.

Cara dá chuid a bhí ag obair le comhlacht a bhí ag déanamh liathróidí gailf a chuir an plean ina chloigeann agus dá bharr fuair an liathróid Victor Daisy (nach dtáirgtear níos mó) poiblíocht as cuimse.

‘They are out of this world,’ a dúirt criú an Apollo 14 agus iad ag cur síos ar na liathróidí.

Má chastar i mbealach na gealaí thú, dhéanfá beart níos measa ná leathuair a chaitheamh ag cuartú Victor Daisy. Ach ceann féin acu a bheith i do phóca nuair a fhillfidh tú, beidh scuaine ceantálaithe ag fanacht leat.

Nod cúnta: sna sceacha, faoi thomacha aitinn agus san uisce a leaindeálann an chuid is mó de na cinn a théann i mbradaíl ormsa.

Fág freagra ar 'Dá ndéarfadh Maradona ‘Revenge for Skibbereen’ freisin ní thógfaí air é…'

  • Eoghan O Neill

    ‘La mano de Dios la cabeza de Maradona’ adúirt sé i ndiaidh!

  • Conor Ó Briain

    “Ag an am, ba léir do chách, ach amháin don réiteoir, Ali Bin Nasser as an Túinéis, nár cheart an dara cúl a cheadú”

    An chéad chúl an ceann diaga. ( …agus míorúilteach an dara cheann)