Dá ndéanfadh an Mujahideen ionradh ar Ros an Mhíl an gcuirfeadh TG4 isteach ar Alvin agus na Chipmunks?

Leis an mbús ar fad faoi Ophelia ní haon iontas go raibh na meithleacha nuachta ar guairdeall chun rud a dhéanamh, ach ar deineadh a dhóthain, nó go deimhin an iomarca?

Dá ndéanfadh an Mujahideen ionradh ar Ros an Mhíl an gcuirfeadh TG4 isteach ar Alvin agus na Chipmunks?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Thugamar na cosa linn ó Lá an Luain, más ar éigean féin é! Ar an Satharn agus Domhnach bhíothas ag tuar go ndéanfaí scrios. Bhí na foláirimh chomh sollúnta sin, agus le clos chomh minic sin, gur mheasamar go bhfágfadh Ophelia Oíche na Gaoithe Móire in áit na leathphingine. Tháinig an tuar faoin tairngreacht? Nó ar tháinig?

Gan amhras níor cheart agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar thragóidí an lae mar ar maraíodh triúr. Ba thruacánta agus ba thruamhéalach na scéalta a tháinig ó Phort Láirge, Tiobraid Árann agus Contae Lú. Lena chois sin fágadh tuairim na céadta míle duine gan cumhacht aibhléise.

‘Era, tiocfaidh Ophelia chomh fada leis an mBlascaod agus déanfaidh sí braidhm. Sin a bheidh inti.’ B’in cuid den ghaois a bhí le fáil i dTigh Tábhairne Uí Chatháin ar an mBuailtín oíche Dhomhnaigh, dar le giolc a sheol an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh. B’fhíor d’fhear feasa Tigh Chéin mar bhí áiteanna ar fud na tíre buailte níos measa ná a chéile. Faoi mar a dúirt fear ar m’aithne is minic gur chuir sé cic cúig méadar is daichead thar an trasnán i ngálaí níos measa.

Leis an mbús ar fad ní haon iontas go raibh na meithleacha nuachta ar guairdeall chun rud a dhéanamh. Thosaigh RTÉ ag rith amach ón gcairt ar fad; tuairiscí ag teacht ó áiteanna ar fud na tíre go rialta i rith an lae, clár raidió Joe Duffy beo ar an teilifís, agus leathuair an chloig curtha leis an Six One.

Ba í banríon na scríbe, Teresa Mannion is túisce a thug cuntas ar nuacht a sé. Ní fhéadfadh gur comhtharlúint a bhí ansin?

Liúdramáin ag rothaíocht ar an ‘prom’ agus ag snámh ón gCarraig Dhubh. B’eo leo ar fud na tíre ansin. Ba dhóbair gur séideadh Pascal Sheehy chun farraige i Ros Beithe agus chaitheas gáire a dhéanamh ina dhiaidh sin nuair a chonac Ciaran Mullooly i Mala Raithní; na crainn chomh díreach le riail taobh thiar de, gan puth gaoithe ann, agus é ar a chroí díchill a bheith drámatúil. Tuairisc ansin ón Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí. Ba dheacair na tuairiscí difriúla ar fad a thabhairt le chéile.

Fad is a bhí RTÉ..ahem..ag rith le brothall ní fhéadfadh TG4 srathair an sceidil a chur díobh agus sinn i dtaobh, soineann nó doineann, leis an leathuair an chloig tráthnóna.

Dá ndéanfadh an Janjaweed, Peshmerga agus Mujahideen ionradh ar Ros an Mhíl, Baile na nGall agus An Bun Beag níl a fhios agam an mbeadh an tsolúbthacht ann briseadh isteach ar Alvin agus na Chipmunks leis an scéal a chur amach.

Lena gceart a thabhairt do leithéidí Sheáin Mhic an tSíthigh agus Ailbhe Uí Mhonacháin chuireadar tuairiscí amach ar na meáin shóisialta.

I rith an chláir féin bhí tuairiscí againn ó áiteanna ar fud na tíre, an Ghaillimh, Corca Dhuibhne, Port Láirge, Maigh Eo agus Dún na nGall ina measc.

Ní fheadar an é go gcuaigh RTÉ thar fóir nó nár dhein TG4 a dhóthain.

B’ait an lá é.

Fág freagra ar 'Dá ndéanfadh an Mujahideen ionradh ar Ros an Mhíl an gcuirfeadh TG4 isteach ar Alvin agus na Chipmunks?'