Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…

Agus an Pápa Proinsias ag teacht chun na hÉireann, chuireamar ceist don tsraith seo ar dhaoine éagsúla cén chomhairle a chuirfidís air dá lorgódh sé a leithéid uathu

Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…

Lillis Ó Laoire, Léachtóir le Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Dá n-iarrfadh an Pápa mo chomhairle roimh a chuairt, mholfainn dó smaoineamh ar chomhairle Íosa: ‘Tugaigí do Chaesar na nithe is le Caesar, agus tugaigí do Dhia na nithe is le Dia.’

Táthar ag rá go bhfuil cúlú mór san Eaglais Chaitliceach in Éirinn, ach níl an scéal chomh simplí sin ar fad. Tá daoine gortaithe i dtaca leis na scannail agus na drochscéalta a tháinig amach ón Eaglais le blianta agus tá drochamhras orthu fúithi dá dhíobháil sin. Mar sin féin, tá daoine páirteach san Eaglais i gcónaí. Tuigeann siad go bhfuil an Eaglais níos mó ná na scannail choscracha seo.

Bheadh siad níos gníomhaí dá dtuigfeadh siad gurb iad féin an Eaglais agus nach cluiche uasal le híseal atá i gceist. Is eagraíocht mhór dhomhanda í agus, más ea, ní in Éirinn amháin atá na drochscéalta. Tháinig scéal uafásach eile amach le gairid a tharla in Pennsylvania na Stát Aontaithe, scéal a chuir scéin orainn ar fad. Déanann an folach a rinneadh ar an scéal sin smionagar de dhóchas an phobail in athuair.

Beidh sé deacair, mura mbeidh sé dodhéanta ar fad muinín an phobail a fháil ar ais i ndiaidh na scéalta seo ar fad. Léirigh Proinsias ó ceapadh é gur duine simplí a bhí ann féin agus gur beag suim a bhí aige i bpoimp agus i rachmas. Ar a chosúlacht agus ar a iompar, is fear é a thaobhaíonn leis na híochtaráin.

Ba mhaith an mhaise dó, dar liom, cuimhneamh ar na pointí sin más mian leis pobal na hÉireann a mhealladh ar ais i dtreo na hEaglaise. Ní bheidh an díomas agus an tarcaisne arb é séala an tséanta é inghlactha feasta. Tá jab mór le déanamh agus beidh díol níos mó ná ré Pápa amháin sa leasú atá de dhíth, má táthar lena chur i gcrích. Ach má chuirtear sa tsiúl é beidh seans aige. Anois an t-am, ach an é Proinsias an duine?

Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Is beag an dochar duit, a dhuine bhoicht, a bheith maraithe tuirseach agus do chroí a bheith dubh dóite más fíor leath na scéalta faoi na seanriadairí eile atá thart ort thall ansin sa Vatacáin.  Caithfidh tú an ‘lot’ acu a chur amach ar féarach nó iad a sheoladh go hoileán tréigthe éigin agus cead acu a bheith ag sclamhadh a chéile.

Is maith a d’fheilfeadh scata ban ina gcairdinéil thall ansin ach ní bhfaighidh tú aon iarrthóir go scuabfaidh tú amach an dream sin a bhfuil na sceana faoi réir acu duit.

Foilsigh liosta iomlán de na sagairt agus na mná rialta atá ciontaithe i mí-úsáid, agus na heaspaig agus na daoine a raibh údarás acu san Eaglais a cheil an t-eolas sin. Insítear dúinn aon tuairisc ar an uafás a bhí ag an Róimh faoi na cionta sin agus a ndearnadh nó nach ndearnadh fúthu.

Aon duine den chléir a bhfuil mí-úsáid curtha ina leith, tugtar a n-ainmneacha láithreach do na Gardaí nó na póilíní ionas go ndéanfar na líomhaintí a fhiosrú, agus áirím an chléir a bhí ag obair don Eaglais Chaitliceach i dtíortha eile sa liosta sin, beag beann ar dhlíthe na dtíortha sin. Bídís faoi choimirce an dlí shaolta chomh maith le dlí Dé. D’fhéadfá cúpla séipéal áirgiúil a chur á ndíol ar fud an domhain freisin, b’fhéidir go mbeadh cúiteamh is costais leighis le n-íoc agaibh.

Caitliceachas de chineál eile atá againn sa tír seo anois, ceann ócáideach na n-imeachtaí móra, agus ná bí ag súil le míorúiltí i gCnoc Mhuire.  Labhair leis an dream óg agus le mná más mian leat an feall atá á dhéanamh a thuiscint. Tiocfaidh deireadh leis sin freisin mar is gearr eile a bheidh aon sagart fágtha sa tír agus caithfear déanamh dá n-uireasa. Ní hé nach bhfuil scoth na bhfear sa gcléir ach tá a gcroí agus a misneach scriosta ag na húlla lofa agus siléig lucht riaracháin na Róimhe.

An fhírinne, an uirísleacht agus an daonnacht an brat ab fhearr linn ort féin agus do chuid aoirí.

Bain sásamh as do thuras agus déan do shuaimhneas scaití. 

Alan Titley, scríbhneoir

Pé rud is ceart dó a dhéanamh ná gan Tuairisc.ie a léamh, óir ní bheadh a fhios aige cad a nochtfaí ann.  Ach ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé leithscéal a ghabháil.

Leithscéal mór gan cheist, gan chuibheas, gan agús. Leithscéal a dhein an eaglais agus an Vatacáin. Leithscéal uiríseal gur scrios siad an domhan, agus leithscéal faoina bhfuil á fhulaingt ag daibhir agus daibhir in Éirinn faoi láthair, agus le fada. Leithscéal gur éirigh an eaglais as a bheith ag tabhairt peaca ar an úsaireacht.

Is í an úsaireacht an chúis is mó a bhfuil daoine gan dídean, is í an úsaireacht an chúis go bhfuil daoine gan teach, is í an úsaireacht an chúis gurb é an caipitleachas gan srian atá i gceannas an domhain gan stad.

Bhí tráth ann nuair a bhí an eaglais chaitliceach go tréan i gcoinne na húsaireachta. Cháin Agaistín Naofa é, Beinidict xiv, gach aon eaglais eile nach mór, chuir Dante san 7ú ciorcal d’Ifreann iad, ach mhaolaigh siad go léir nuair a chuir an t-airgead draíocht orthu.

Dá réir sin, an moladh a dhéanfainn ná go rachadh sé síos go dtí Lárionad na Seirbhísí Airgid agus go réabfadh sé boird na mbainisteoirí as a chéile agus go gcaithfeadh sé na sclábhaithe beaga amach ar an tsráid. Anois, an leor é sin mar mholadh?

Áine Ní Chiaráin, Iriseoir

Is maith uait an litir chuig an bpobal Caitliceach ach tá níos mó ná focail agus leithscéalta ag teastáil anois. Deirtear linn go bhfuil an córas nua sábháilteachta atá i bhfeidhm anois  san Eaglais anseo in Éirinn go maith. Más amhlaidh cinntigh go gcuirfear a leithéid i bhfeidhm i ngach deoise ar domhan. Athraigh an dlí Canónta ionas go n-aithneofar mí-úsáid agus éigniú páistí agus daoine óga mar choir. Aon Easpag, Cairdinéal nó dlíodóir canónta nach nglacann leis na hathruithe sin bris as a bpostanna iad. Sin an rud is lú a d’fhéadfá a dhéanamh dóibh siúd a gortaíodh go dona.

Fág freagra ar 'Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…'

  • Pádraig

    Tá an ceart ag na hiriseoirí thuas luaite go bhfuil an Eaglais Chaitliceach freagracht as na coireanna uafásacha a tharla thar na blianta fada agus gan amhras tá an tam taghta chun dul i mbun gnímh chun muintir na hEaglaise a shásamh,Sin taobh amháin den scéal.Ach tá dream amuigh ansin ag gníomhú go dian dícheallach chun an Eaglais a bhriseadh as a chéile agus Eaglais nua liobrálach a oireann dá dtuairimí féin a chruthú agus ní aontaím leis an ngluaiseacht sin.Tá teagasc na hEaglaise maith go leor mar cuireann sí béim láidir ar an gclann agus go háirithe an leanbh sa bhroinn.I dtaobh lion na sagart de tá fadhb mhór ann agus mholfainn ligeant do na sagairt pósadh .Ní hámhain go gcuirfidh sé le líon na sagart ach tabharfaidh sé an deis don duine a thiteann i ngrá le bean clann a thógáil agus níl aon rud sa saol níos nádúrtha ná sin

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá freagraí, spreagadh agus gníomhiú á lorg agus de dhíth ag pobal na hÉireann. Déan beart de réir do bhriathair an babhta seo. Nuair a thug do réamhtheachtaí, an Pápa Eoin Póil II, an óráid chailiúil i nDroichead Átha in 1979 dírithe ar lucht an foréigin, dúirt sé: “Ar mo ghlúinibh, impím oraibh …” Ach d’fhan sé ina sheasamh.

  • Carraig

    ‘Ubi nihil vales, ibi nil velis’. Dearcadh na heaglaise Caitlicí. Tá iompar agus meon aigne Phroinséis féin ag teacht salach air sin ach ní aige atá an cómhacht deirtear linn. Cé aige a bhfuil sé mar sin?

  • mairéad uí laigheanáin

    aontaím le Padraig go huile is go hiomlán go bhfuil an Eaglais Caitliceach freagrach as na scannail ghnéis ag teacht chun solais fós agus is coireanna uafásacha iad mar scriosadar saolta daoine óga soineanta. Tá súil agam go bhfuil sé ar inteann an Phápa riallacha a chur in eagar chun na daoine seo a díbreadh as an eaglais.Mar a dúirt Pádraig cheana tá daoine ann go mórmhór na meáin chumarsáide ag iarraidh bain faoin cheiliúradh agus áthas an gnáthdhuine atá ag tnúth go mór leis an gcuairt. Léigheas píosa san Irish Times ar maidin le hiriseoir faoi (a smiley man traversing the streets of our capital in a souped -up golf cart) A leithéid de mhasla agus dímheas ní fhaca mé riamh.