Cúrsaí ‘seasmhach nó ag feabhsú’, 400 cás nua den choróinvíreas fógartha

D’fhógair an tAire Sláinte go bhfuil os cionn milliún dáileog de na vacsaíní Covid-19 tugtha do dhaoine go nuige seo

Cúrsaí ‘seasmhach nó ag feabhsú’, 400 cás nua den choróinvíreas fógartha

Tá seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

400 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

226 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 55 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 11 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Tá cúrsaí “seasmhach nó ag feabhsú”, a dúirt an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Chuir an tOllamh Nolan fáilte roimh an laghdú atá tagtha ar ráta coicíse an ghalair agus ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim. Cé go raibh ardú ar líon na dtástálacha, tháinig laghdú ar líon na dtástálacha dearfacha, ar sé.

Bheadh seachtain nó deich lá sula dtuigfí i gceart an raibh buaine ag baint leis an bhfeabhas atá tagtha ar na figiúirí, a dúirt an tOllamh Nolan.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhfuil os cionn milliún dáileog de na vacsaíní Covid-19 tugtha do dhaoine go nuige seo. 

Dúirt Donnelly go bhfuil sprioc thábhachtach bainte amach ag an gclár vacsaínithe tar éis 101 lá. An plean atá anois ann ná milliún dáileog in aghaidh na míosa, ar sé.

Bhain 26 den 400 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le Corcaigh.

21 cás a bhí i nGaillimh, 17 cás a bhí i nDún na nGall agus 17 cás a bhí i gcontae na Mí.

Sé chás a bhí i Maigh Eo, níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 147 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Ráta 190 atá i nDún na nGall agus tá an ráta i gcontae na Mí, 181, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 90 atá i Maigh Eo, 89 atá i nGaillimh agus 66 atá i bPort Láirge. Ráta 59 atá i gCorcaigh agus 29 atá i gCiarraí, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann níos luaithe tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de dheasca an víris.

98 cás nua den ghalar a deimhníodh. 102 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 12 acusan in aonad dianchúraim.

6,860 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,123 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,737 duine ó dheas di.

357,642 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 239,723 cás ó dheas den teorainn agus 117,919 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Cúrsaí ‘seasmhach nó ag feabhsú’, 400 cás nua den choróinvíreas fógartha'