Cúrsaí Gaelainne Chomharchumann Forbartha an Leitriúigh

Lig do scíth agus caith seal i gcroílár áilleacht Ghaeltacht Chlochán Bhréanainn

331817

Ar mhaith leat féin agus led’ chlann saoire neamh-ghnáthach a chaitheamh i mbliana i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí? Tá Comharchumann Forbartha an Leitriúigh ag cur cúrsaí Gaelainne ar fáil do dhaoine óga agus fásta, agus beidh siad ag freastal ar gach uile leibhéal cumais sa teanga.

Tá cúrsaí á gcur ar fáil le fada an lá anseo agus i mbliana, reáchtálfar an cúrsa idir an 20ú agus an 24ú Iúil, 2015. Bíonn deis ag na daltaí an Ghaelainn a chleachtadh, a fhorbairt agus a fheabhsú trí ranganna agus imeachtaí laethúla.

I mbliana, tabharfar seans do dhaltaí ardtaitneamh a bhaint as maireachtaint sa Ghaeltacht trí thaispeántais chócaireachta ó Scoil Chócaireacht an Daingin, turasanna mara ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le Duántacht Bhréanainn, ceol traidisiúnta sa Tinteán Ceoil áitiúil agus cnocadóireacht is seandálaíocht i ngleann fíorálainn Loch a’ Dúin.

Chun tuilleadh eolais d’fháil ar sheachtain den scoth i gClochán Bhréanainn, glaoigh ar Chaitríona ag 066 7138137 nó seol ríomhphost chuig eolas@cflt.ie.