Beidh soiléireacht níos fearr ann faoi cheist an bhóthair nua as Scríb go Gaillimh roimh Lá Fhéile Bríde seo chugainn. Faoin tráth sin, ba chóir go mbeadh na comhairleoirí gairmiúla innealtóireachta in ann barúil mhaith a thabhairt faoin gcúrsa ab fhearr a d’fheilfeadh don bhóthar atá ar na bacáin le dhá bhliain déag anois.
An Stiúrthóir ar Rannóg na mBóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe, Jim Cullen, a thug an t-eolas seo an tseachtain seo ag cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara, na comhairleoirí contae as iarthar na Gaillimhe.
Bheifí in ann scaradh ansin leis na sé cinn eile de chúrsaí a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu nuair a d’fhógródh na comhairleoirí innealtóireachta go bhfuileadar ag taobhú le cúrsa ar leith. Bheadh de bhuntáiste ag baint leis sin go mbeadh deis níos fearr ar chead pleanála do thithe ag daoine i gCois Fharraige. Tá píosaí móra talún sa gceantar sin nach féidir drannadh leo ó thaobh tógáil tithe de le fada de bharr go bhfuil cúrsaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach don bhóthar in aice leo.
Dúirt an Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil, Seán Ó Tuairisg, gur thuig sé féin de bharr comhráite éagsúla a bhí aige le feidhmeannaigh sa gComhairle Contae, go mbeifí ag moladh cúrsa ar leith roimh an Nollaig seo chugainn. Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeidh obair na gcomhairleoirí innealtóireachta déanta faoi mhí Eanáir mar atá geallta anois agus “nach ngabhfaidh siad lá thairis sin”.
“Má bhíonn moill ag baint le hobair na n-innealtóirí, mholfainn go mbainfí na línte ar fad den léarscáil agus go gcaithfí plean an bhóthair i dtraipisí uilig,” a dúirt an Comhairleoir Ó Tuairisg.
Tá staidéar agus suíochán fada déanta ar phlean an bhóthair seo as Scríb go Gaillimh le dhá bhliain déag anuas. Ní raibh aon fhonn ar na Comhairleoirí Contae taobh thiar den Choirib taobhú le mórán ceann ar bith de na cúrsaí a bhí leagtha amach ag na comhairleoirí innealtóireachta. Léiríodh ag cruinnithe go raibh daoine ann a bhí in aghaidh plean ar bith a d’fhágfadh go mbeadh tithe nó foirgnimh le leagan nó go mbeadh an bóthar nua ag déanamh dhá leath de bhailte fearainn éagsúla. Ach ba chosúil go raibh rogha amháin ann a mbeadh cuimse daoine, agus formhór na gcomhairleoirí contae, sásta leis – sin é an cúrsa siar tríd an sliabh agus amach ó thuaidh de Chois Fharraige. Ba í an trioblóid a bhain leis sin ná nach mbeadh údaráis na mbóithre sásta leis mar gur ar ar éigean a cheadófaí é de bharr ceantair SAC nó limistéar faoi chaomhnú speisialta a bheith ar an sliabh.
Dúirt Seán Ó Tuairisg inné gur léir nach mbeadh aon ghlacadh leis an gcúrsa ó thuaidh de bharr rialacha caomhnaithe talún. Is í an cheist anois ná cén chaoi a dtiocfar ar chúrsa nach dtarraingeoidh conspóid arís.
D’fhiafraigh an Comhairleoir Eileen Mannion an faoin mbainistíocht sa gComhairle Contae a bheadh sé an socrú a dhéanamh sa deireadh nó an dtiocfadh an cheist ar ais chuig na Comhairleoirí Contae. Dúirt Jim Cullen, Stiúrthóir Rannóg na mBóithre, gurbh fhearr fanacht nó go mbeadh an chéad chéim eile tógtha sula mbeifí ag breathnú an t-achar sin chun cinn. Cúrsa a roghnú don bhóthar an chéad chéim eile sin, ach cé go dtuigtear go bhféadfadh bainistíocht na Comhairle Contae smacht a ghlacadh ar an iarracht, dúirt Jim Cullen nach dóigh go gcuirfeadh an Roinn Iompair an t-airgead ar fáil mura mbeadh sé soiléir go raibh na Comhairleoirí Contae i bhfabhar forbairt a dhéanamh ar an gcúrsa a roghnódh na saineolaithe innealtóireachta.
Ba í tuairim an Chomhairleora, Tomás Ó Curraoin nach raibh ann uilig ach sop in áit na scuaibe. “Réiteach ceart amháin atá ar cheist seo an bhóthair as Gaillimh amach go Conamara,” a dúirt an Curraoineach.
“Ba cheart go mbeadh bóthar nua as an bpíosa ag dul siar an sliabh tuairim leath bealaigh idir Cois Fharraige agus bóthar an N59. Ba cheart go mbeadh cosán coisithe agus rothaíochta lena thaobh sin agus ní chuirfinn ráille traenach as an gcomhaireamh ach an oiread.”
Dúirt an Comhairleoir Ó Curraoin gur cheart díriú air sin agus an cás a throid ar mhaithe le forbairt Chonamara sna blianta amach romhainn. “Ní fheicfidh mise é seo ach caithfidh muid a bheith ag cuimhneamh ar na glúnta daoine a thiocfaidh inár ndiaidh,” a dúirt Tomás Ó Curraoin.
Fág freagra ar 'Cúrsa do bhóthar nua Chonamara le roghnú i dtús an earraigh seo chugainn'