Cúram na n-oileán imithe go hoifigiúil ó Roinn na Gaeltachta

Dúradh gur shocraigh an Taoiseach cúram na n-oileán a aistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar gur cosúil na ‘fadhbanna’ a bhíonn ar na hoileáin leis na fadhbanna faoin tuath ar an mórthír

Cúram na n-oileán imithe go hoifigiúil ó Roinn na Gaeltachta

An tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys. Pictiúr: Julien Behal

Tá cúram na n-oileán aistrithe go hoifigiúil inniu ó Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Fágann sin go mbeidh baill foirne an aonaid atá ag plé leis na hoileáin sna Forbacha anois mar chuid d’fhoireann na Roinne Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Gheall an tAire sa roinn sin, Heather Humphreys, go gcinnteodh an socrú sin nach gcuirfear isteach ar an tseirbhís trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaeltachta.

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe agus Pobail chomh maith inniu go raibh €370,000 á dháileadh ar chomhairlí contae i ndeontais bheaga chaipitiúla.

Is iad na hoileáin a bhainfidh leas as an maoiniú ná Cléire, Inis Uí Dhrisceoil agus Inis Arcáin i gCorcaigh, Inis Mór agus Inis Bó Finne i nGaillimh agus Árainn Mhór i nDún na nGall. Breis is €190,000 a fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe, €98,000 atá le caitheamh ar Árainn Mhór i nDún na nGall agus €80,000 ar fad a fuair na trí oileán i gCorcaigh.

Dúradh go gcaithfí an maoiniú ar obair athchóirithe amhail athdhromchla a chur ar bhóithre agus ballaí farraige a dheisiú.

D’fháiltigh Heather Humphreys roimh aistriú chúram na n-oileán chuig a roinn agus mhaígh sí go mbeadh “cur chuige níos comhtháite agus níos fuinte” ann feasta maidir le polasaí a fhorbairt do na daoine atá ina gcónaí iontu.

Dúirt an tAire Humphreys gur shocraigh an Taoiseach Micheál Martin cúram na n-oileán a aistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar gur cosúil na “fadhbanna” a bhíonn ar na hoileáin leis na fadhbanna a bhíonn faoin tuath ar an mórthír.

“Tá na fadhbanna atá ag cur isteach ar na hoileáin cosúil leis na fadhbanna atá ag an gcuid eile de na ceantair thuaithe in Éirinn, cibé má bhaineann siad le deiseanna fostaíochta, teacht a bheith ar sheirbhísí nó ar an tionchar sóisialta agus eacnamaíochta a bhaineann le COVID-19.

“Is é sin an t-údar a bhfuil sé socraithe ag an Taoiseach freagracht i leith na n-oileán a shannadh ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail,” arsa Heather Humphreys.

Léirigh roinnt Teachtaí Dála imní nuair a fógraíodh i rith an tsamhraidh go raibh cúram na n-oileán le bogadh ó Roinn na Gaeltachta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell agus an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh imní orthu faoin chinneadh a rinneadh na hoileáin a scaradh ó chúram na Gaeltachta.

Beidh baint i gcónaí ag Roinn na Gaeltachta leis na hoileáin Ghaeltachta ó thaobh polasaí teanga de, ach beidh cúrsaí infreastruchtúir agus seirbhísí iompair agus eile faoin Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán.

Fág freagra ar 'Cúram na n-oileán imithe go hoifigiúil ó Roinn na Gaeltachta'