Cur i láthair i mBéarla le déanamh ag iarrthóirí ar phost an Ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh

Beidh formhór an agallaimh a bheidh le déanamh ag iarrthóirí do phost an ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh le déanamh i mBéarla, cur i láthair faoi fhís na n-iarrthóirí don Ghaeilge san áireamh

Cur i láthair i mBéarla le déanamh ag iarrthóirí ar phost an Ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh

Tá na hagallaimh do phost an Ollaimh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le bheith ar siúl ag deireadh na míosa seo. Beidh cur i láthair 15 nóiméad le déanamh ag na hiarratasóirí ar an Ollúnacht faoin bhfís atá acu don Ghaeilge in OÉ, Gaillimh, ach is i mBéarla a chaithfear an cur i láthair sin a dhéanamh.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur i mBéarla a bheidh an chuid eile den agallamh á reáchtáil den chuid is mó freisin.

Nuair a ceapadh an tOllamh deiridh le Gaeilge, Gearóid Denvir, sa phost, bhí cur i láthair le déanamh ag na hiarratasóirí freisin. Is i nGaeilge, áfach, a rinneadh an cur i láthair an uair sin. Bhí an chuid eile den agallamh dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, nuair a ceapadh Denvir.

Dúirt urlabhraí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le Tuairisc.ie nach mbeadh aon ráiteas á dhéanamh ag an Ollscoil faoin scéal le linn an phróisis agallaimh.

Rinne seachtar an scrúdú Gaeilge le cáiliú don agallamh don Ollúnacht le Gaeilge ach ní fios ar bhain gach duine den seachtar sin áit amach ar an ngearrliosta. Tá ceathrar atá ag obair san ollscoil cheana féin istigh ar an bpost agus triúr a chuir isteach air ó ollscoileanna eile. Rinne seisear fear agus bean amháin an scrúdú Gaeilge le cáiliú don agallamh.

Beidh seisear ar an bord agallaimh ag deireadh na míosa seo: Uachtarán na hOllscoile, Jim Browne; Déan na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Cathal O’Donoghue; léachtóir i Roinn na Spáinnise, Kate Quinn; Regina Ní Chollatáin ó UCD; Greg Toner ó Ollscoil na Ríona; agus Máirín Ní Dhonnchadha, Ollamh le Sean-Ghaeilge in OÉ, Gaillimh.

Tá Gaeilge ag ceathrar den seisear sin. Níl Gaeilge ag Quinn ná O’Donoghue, cé go bhfuil bá léirithe go minic ag O’Donoghue don Ghaeilge cheana féin.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur i mBéarla a bheidh an chuid eile den agallamh in ainneoin Gaeilge a bheith ag formhór an bhoird.

Tá sé ina údar imní le tamall de bhlianta anuas i measc lucht na Gaeilge san ollscoil i gcathair na Gaillimhe go bhfuil creimeadh á dhéanamh de réir a chéile ar stádas na teanga i ngnóthaí na hollscoile.

Tá ceist na Gaeilge in OÉ, Gaillimh go mór i mbéal an phobail ó cinneadh ag deireadh na bliana seo caite deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an Uachtaráin sa choláiste.

Táthar buartha chomh maith faoin scéal go bhfuil Roinn na Gaeilge san ollscoil ag feidhmiú gan aon ollamh le Gaeilge le trí bliana acadúla anuas.

Ag cruinniú d’Údarás na hOllscoile dúradh go raibh an folúntas ann chomh fada sin mar gheall ar “shrianta gearrthéarmacha” ar bhuiséad na hOllscoile a bhí “riachtanach” agus mar gheall ar an méid ama a theastaigh le plean a chur le chéile le dul i ngleic leis an laghdú ar líon na mac léinn ar chúrsaí Gaeilge san Ollscoil le blianta beaga anuas. Mar chuid den phlean sin, cinneadh bliain bhreise a chur leis an gcéim sa Ghaeilge ag deireadh na bliana seo caite.

Is dóigh leis an Ollscoil go dtosóidh an tOllamh nua sa post ar an gcéad lá den bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cur i láthair i mBéarla le déanamh ag iarrthóirí ar phost an Ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh'

  • Liam

    Rudaí ag éiri níos áibhéalaí ó thaobh na Gaeilge ansiúd i nGaillimh!
    In am glaoch ar an dream dearg le fearg leis an a áit a chiorclú tráthnóna ínteacht!

  • L. P. Ó Murchú

    Och! Is dealraitheach Abha na Coirbe a bheith imithe le sruth na Laoi. Sé bliana ó shin nuair a bhíothas faoi agallamh i gcomhair Chathaoir na Nua-Ghaeilge i gCorcaigh is i mBéarla a labhair triúr den seachtar a bhí ar an mBord Agallaimh. Ionadaithe de chuid Ollscoil Chorcaí ab ea an triúr sin agus is dócha nár thuig aoinne acu ach focal nó dhó thall agus abhus de Ghaeilge na n-iarrthóirí. Cúis gháire chugainn anois cé go bhfanann an blas gránna sa bhéal.

  • Seán Ó Riain

    Níl Gaeilge acu, ach meastar iad a bheith cáilithe chun Ollamh le Gaeilge a cheapadh in Ollscoil!! Scannal!! Dearg-phleidhcíocht!! Dhéanfadh an Cadhnach scéal breá grinn as sin.

  • Sue

    Ní thuigim seo ach an oiread agus daoine le togha na Gaeilge ar fáil san Ollscoil a bheadh cinnte cáilithe chun Ollamh le Gaeilge a cheapadh!

  • Áine Nic Niallais

    Is léir nach dtuigeann lucht ceannais na hOllscoile nach rud a bhaineann leis an tseomra ranga ná leis na leabharthaí amháin atá i gceist le ‘Fís don Ghaeilge in OÉ, Gaillimh’!

  • Pádraig Ó Cíobháin

    An dearcadh atá in uas sa chás ar a bhfuil tuairisc thuas gur teanga mharbh í an Ghaelainn. Ar nós go gcuaigh an Laidean mar abhar i dtreo na Sibhialtachta Rómhánaí, an tSean- agus an Mheán-Ghaeilge i dtreo staidéar ar an Sibhialtacht Cheilteach, is amhlaidh atáthar ag caitheamh leis an nGaelainn, a cultúr, a traidisiún agus a litríocht mar ná beadh inti ach earra dara láimhe amhail na teangan marbh .i. an Laidean, agus na réimsí teangan .i. An tSean- agus an Mheán-Ghaeilge, thuasluaite. Saghas Léann Éireannach/Irish Studies de shórt éigin is mian leis na húdaráis do chúrsaí ollscoile a bheadh tiomainte don margadh nualiobrálach, na mic léinn na tomhaltóirí, agus ar mo thaithí fhéin ar mhic léinn na Gaillimhe táid ‘dearg le fearg’ ina thaobhsan, daoine óga prionsablacha a thuigeann tábhacht na Gaelainne mar stampa eitneach a bhféiniúlachta Gaelaí fhéin gur fonn leo filleadh uirthi aríst. Cuirimist i gcoinnibh na tarcaisne seo, cuirimist cath ar a bhfuil ar intinn ag gallaphoic dá sórt.

  • Mánus

    Ba chóir feachtas a bhunú chun coláiste triú leibhéal / ollscoil LánGhaeilge a bhunú.

  • Fidelma

    Tá ciall leis an moladh deiridh sin mar is léir nach bhfuil foireann oilte ar an nGaeilge i ranna eile na hollscoile faoi mar a bhíodh fadó.