Cúntóirí teanga ag obair i scoileanna nár léirigh spéis in aitheantas mar scoil Ghaeltachta

Níor léirigh 28 bunscoil Ghaeltachta agus iarbhunscoil Ghaeltachta amháin spéis i scéim aitheantais na Roinne Gaeltachta

Cúntóirí teanga ag obair i scoileanna nár léirigh spéis in aitheantas mar scoil Ghaeltachta

Tá cúntóirí teanga ag obair i dtrí scoil sa Ghaeltacht oifigiúil nach bhfuil spéis léirithe acu sa Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta.

Bhí an deis ag scoileanna i gceantair oifigiúla Ghaeltachta a spéis a léiriú stádas a fháil mar scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí Oideachais Gaeltachta a seoladh an bhliain seo caite.

Níor léirigh 28 bunscoil Ghaeltachta agus iarbhunscoil Ghaeltachta amháin spéis i scéim aitheantais na Roinne Gaeltachta. Léirigh 106 bunscoil Ghaeltachta agus 27 iarbhunscoil Ghaeltachta spéis an stádas a bhaint amach.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie go bhfuil cúntóirí teanga, daoine atá fostaithe le cúnamh a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, ag obair i dtrí scoil nach bhfuil ag iarraidh an stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach faoi láthair.

Is cainteoirí líofa Gaeilge iad na cúntóirí teanga agus cuirtear ar fáil do scoileanna Gaeltachta iad le tacú le páistí an Ghaeilge a shealbhú. Tá 95 cúntóir teanga ag obair i 106 scoil Ghaeltachta faoin scéim.

Tabharfar rogha arís in earrach na bliana seo chugainn do scoileanna nach bhfuil páirteach sa scéim aithenatais páirt a ghlacadh ann.

Níos luaithe an mhí seo thug Roinn na Gaeltachta le fios go bhfuil tús le cur le hathbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga “go luath”.

“Foireann cháilithe” a bheidh i mbun an athbhreithnithe agus cuirfear “taithí, saineolas, tuairimí agus moltaí” na ndaoine is mó a bhfuil spéis acu sa scéim san áireamh agus an t-athbhreithniú á dhéanamh, a dúirt an Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

Níos luaithe i mbliana, cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh deontas €551,813 do Mhuintearas Teo agus deontas €232,629 d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018.

Fág freagra ar 'Cúntóirí teanga ag obair i scoileanna nár léirigh spéis in aitheantas mar scoil Ghaeltachta'