An Ghluaiseacht
Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta
Rónán Mac Con Iomaire
Cló Iar-Chonnacht
€20
Máire Ní Fhinneadha
Thug Parthalán sciuird aon oíche chugainn tar éis na Samhna agus smeadar sneachta ina theannta agus d’aon séideán amháin bhrúigh sé siar leathchéad bliain muid sna bólaí seo. Ní raibh aibhléis, teas, uisce ná idirlíon againn agus bhí muid i dtuilleamaí laindéir, coinnle agus an tine mhóna a mhaítear atá ag scrios an domhain.
Mise a bhí sásta sa gclúid le mo thóirse agus mé thiar i 1969 arís ag léamh faoi na daoine óga dána a shocraigh nach mbeadh rath ar a bpobal féin go deo mura dtabharfaidís dúshlán an status quo.
Sa meánscoil a bhí mé nuair a fógraíodh ‘Stop the Lights’ ar chláracha Béarla a bheith á ndéanamh ag RTÉ sa nGaeltacht agus is maith is cuimhneach liom an díospóireacht a eagraíodh sa rang Gaeilge faoin agóid i dTeach Furbo agus cailín sa rang a bhí corraithe ceart mar go mbíodh post aici san óstán ag an deireadh seachtaine, rud a bhí chomh maith leis an lató sna blianta gannfhostaíochta sin.
Is deacair do dhuine ar bith ón ré sin an leabhar seo a leagan as a lámh. Tá sí lán le scéilíní, le cuimhní cinn agus píosaí agallaimh a rinneadh nuair a bhí an Ghluaiseacht faoi bhláth agus a rinneadh ó shin, cuid acu barrúil, cuid acu deacair a chreidiúint, ach an chuid is mó acu ag léiriú gur daoine óga iad seo a raibh oideachas orthu, a bhí neamhspleách ina ndearcadh agus nár bhraith aon ómós ná umhlaíocht don dream a cheap an Ghaeltacht a rialú le déirce agus geallúintí chúns a bhí a muintir agus a gcomharsana ag tabhairt faoin mbád bán.
Cé gur i gConamara is gníomhaí agus is glóraí a bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ní dhúnann an t-údar a shúil ar a raibh ag tarlú ó dheas ná ó thuaidh. Ba mhaith é ceal solais is fuaime 2024 lena mheabhrú dom cé chomh deacair agus chomh mall a bhí an chumarsáid sna blianta sin nuair b’earra gann é an fón poiblí féin.
Céard go díreach a bhí uathu? Údarás áitiúil pleanála agus forbartha, cosc leis an imirce, deireadh le díol mhaoin an phobail, eagrais Ghaeilge a aistriú go dtí an Ghaeltacht, cearta iascaireachta a thabhairt ar ais do mhuintir na háite, plean cuimsitheacha oideachais, stáisiún raidió don Ghaeltacht, scrúdú a dhéanamh ar an bplean Iosrael in Iar-Chonnacht. Thuig lucht na Gluaiseachta nár lú le muintir na Gaeltachta an sioc ná a bheith ag caint ar Ghaeilge a athbheochan [b’eol dóibh í a bheith beo] agus níor luadh tada fúithi mar dá mbeadh obair agus oideachas ceart sa nGaeltacht, beadh an Ghaeilge ceart.
Peata beag de chuid an fhealsúnaí Deasún Fennell a bhí san ‘Iosrael in Iar-Chonnacht’, go dtabharfaí ceardaithe is oibrithe a raibh Gaeilge acu go hIar-Chonnachta lena gclann a thógáil ann agus borradh a chur faoin áit – smaoineamh a raibh an-amhras agus boladh uasal le híseal uaidh ag slám ceannairí arbh ón taobh istigh ba mhian leo an fhorbairt a dhéanamh mar nach cumas a bhí in easnamh sa nGaeltacht ach cearta is deiseanna.
Bhíodh colún ag Fennell sa Sunday Press agus é seasta ag ‘Fennellachas’ faoi Iar-Chonnacht agus is beag Domhnach nach ndeireadh m’athair, ‘Céard tá ag Maois inniu agus é ag mealladh daoine go dtí an fásach?’
Tráthúil go leor is cosúil gur Mao eile a bhíodh ag déanamh imní do chuid de lucht na Gluaiseachta, sin agus go mb’fhéidir go raibh Fennell róChaitliceach! Ar ndóigh ní as an aer a tháinig na hagóidí an tráth sin agus daoine óga go leor ar na sráideanna i dtíortha eile agus cúrsaí ina dtine bhruite ar chuid den oileáinín s’againn féin.
Mura raibh slánú na Gaeilge á lua ag an nGluaiseacht thug lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an-chúnamh don ghluaiseacht ar go leor leor bealaí.
Amhail réabhlóidí go leor, glactar inniu le toradh a gcuid agóidí is éileamh mar chuid nádúrtha den saol. Nuair a chinn siad nár cheart scoil Dhún Chaoin a dhúnadh, choinnigh siad oscailte í agus sheas siad os comhair an tsaoil mhóir agus Gardaí á lascadh taobh amuigh d’ardoifig an Phoist. Dúirt siad gur sa nGaeltacht ba cheart an tOireachtas a bheith agus chruthaigh siad gurbh fhéidir é a dhéanamh trí Oireachtas na nGael a eagrú, an pobal a mhealladh ann agus gan dickie bow ná ballgown le feiceáil ann. Faraor tá sé neadaithe i gCill Airne ó shin!
Raidió na Gaeltachta an beart ba chinniúnaí riamh i stair na teanga agus arís trí stáisiún bradach a chur ar an aer i Ros Muc agus dúil an phobail ann a spáint, nár bhréagnaigh siad carbhatóirí RTÉ a chreid nach n-oibreodh sé. B’amhlaidh cás leis an teilifís – stáisiún bradach a ghin TnaG agus a chuir i gcloigeann phobal na Gaeltachta nach pribhléid a bhí i seirbhísí ina dteanga féin ach ceart.
Is iontach go deo an cumas a bhí sna ceannairí seo le haird na meán a tharraingt ar a gcuid agóidí is feachtais. Chuidigh sé go raibh an clár cúrsaí reatha Féach i mbarr láin agus togha na n-iriseoirí Gaeltachta ag obair air, caidreamh a d’fhuaraigh agus a bhí sách binbeach ar ball nuair nár cheil Breandán Ó hEithir an lag trá sa tacaíocht don Ghluaiseacht agus máirseáil ó Charna go Bearna eagraithe.
Ó hEithir freisin a thuig gur dheas mar a thapaigh Fianna Fáil, agus Bobby Molloy fós sna haspail, an deis lena gcuid féin a dhéanamh de na héilimh a bhí ag lucht na Gluaiseachta, sláimín a chaitheamh ar chéibh Ros a’ Mhíl, RnaG RTÉ a bhunú, Údarás gan aon údarás pleanála ná oideachais agus bord lán le lucht na bpáirtithe, agus cuid de lucht na Gluaiseachta i bpostanna i Raidió na Gaeltachta.
Meas tú nárbh é Bobby Molloy agus Johnny Geoghegan a bhain brabach as an nGluaiseacht agus aireachtaí tugtha dóibh le cor coise a chur i bPeadar Mac an Iomaire san olltoghchán? Bhí féirín aireachta ar phóstaer an lá faoi dheireadh ag polaiteoir eile!
Is iontach go deo an t-eolas atá sa leabhar seo faoin siar is aniar ar fad a bhain leis an Rialtas agus Roinn na Gaeltachta agus a gcuid feidhmeannach. Tá díospóireachtaí Dála agus meamraim anseo nach gcreidfeá – ní mé nach í Roinn na Gaeltachta féin an namhaid is mó a bhí ag an nGaeltacht agus a cuid oifigeach an-choinneálach ar a n-údarás fánach féin. Ar ndóigh ar nós chuile réabhlóid thráigh an spiorad, tugadh faoi chúraimí eile agus d’athraigh an saol.
Ceann d’iontais na tréimhse sin an chartlann chuimsitheach a choinnigh an mheitheal óg throdach sin agus atá curtha ar fáil ag an údar dúinn sna foinsí luachmhara. Eolas nach bhfuil sa gcartlann ná sa gcuimhne ná cé a d’ainmnigh agus a d’íoc éarlais Sheosaimh Uí Thuairisg d’olltoghchán 1973!
Tá an leabhar seo lán le heachtraí spéisiúla agus eachtraí barrúla ach an rud is suntasaí ar fad an tionchar ollmhór a bhí ag grúpa beag bídeach idéalach ar an nGaeltacht agus orainne a chónaíonn inti.
Fágfaidh mé faoin dream a bhí páirteach sa nGluaiseacht agus atá fós linn léirmheas a dhéanamh ar chuimhní cinn an leabhair seo – atá toirtiúil, dea-scríofa agus soléite. Níl aon amhras ormsa ach gur leabhar í seo a mbeidh mise ag póirseáil inti go minic agus déarfainn gur beag teach i gConamara nach mbeidh sí ann an Nollaig seo agus is maith an oidhe sin ar an dream a spreag í.
Is iontach go deo an chomaoin atá curtha ag Rónán Mac Con Iomaire orainn an t-ábhar seo a chur i gceann a chéile. Nach ait go bhfuil dream óg eile in 2024 ag éileamh cuid de na cearta céanna?
Fág freagra ar 'Cuntas ar stair na gcearta sibhialta Gaeltachta atá dea-scríofa lán eachtraí spéisiúla agus barrúla'